Marcus 10
10
1Agus ag imṫeaċt dó, ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaea ar an taoḃ ṫall de Iórnán: agus do ċruinniġ na sluaiġte ċuige arís; agus, mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisc sé arís iad. 2Agus ṫáinig na Fairisíniġ ċuige, agus d’ḟiafruiġeadar de, ’g‐a ṫriail. An dleaġṫaċ d’ḟear a ḃean do ċur uaiḋ? 3Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, Créad d’órduiġ Maois daoiḃ? 4Agus aduḃradar‐san, Do ċeaduiġ Maois litir a scarṫa do scríoḃaḋ, agus a cur uaiḋ. 5Aċt aduḃairt Íosa, Is mar ġeall ar ḋúire ḃúr gcroiḋe ṫug sé an aiṫne sin daoiḃ. 6Aċt ó cruṫuiġeaḋ gaċ niḋ ar dtús, fireann agus baineann do sinne sé iad. 7Ar an aḋḃar sin tréigfiḋ duine a aṫair agus a ṁáṫair, agus claoiḋfiḋ sé le n‐a ṁnaoi; 8agus béiḋid beirt ’n‐a n‐aon ḟeoil aṁáin: i dtreo naċ beirt iad as sin amaċ, aċt aon ḟeoil aṁáin. 9D’á ḃriġ sin, an niḋ atá ceangailte ag Dia, ná scaoileaḋ duine é. 10Agus sa tiġ ḋóiḃ do ċuir na deisceabail ceist air arís ’n‐a ṫaoḃ sin. 11Agus aduḃairt sé leo, Cibé duine ċuirfeas uaiḋ a ḃean, agus ṗósfas bean eile, do‐ġní sé aḋaltrannas ’n‐a h‐aġaiḋ: 12agus má ċuireann bean a fear uaiṫi, agus má ṗósann sí fear eile, do‐ġní sise aḋaltrannas.
13Agus ṫugadar leinḃ óga ċuige, ċum go leagfaḋ sé a láṁ orṫa: agus do ċuir na deisceabail cosc leo‐san do ḃí ’g‐a dtaḃairt ċuige. 14Aċt nuair ṫug Íosa fá deara sin, do ḃí míċéadfaḋ aige orṫa, agus aduḃairt sé leo, Leigiḋ do na leanḃaiḃ beaga teaċt ċugam‐sa; ná cuireaḋ cosc leo: óir is le n‐a leiṫéidiḃ‐sin ríoġaċt Dé. 15Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine naċ nglacfaiḋ ríoġaċt Dé ar nós leinḃ, naċ raċaiḋ sé isteaċ innti ċoiḋċe. 16Agus do ġlac sé ċuige ’n‐a uċt iad, agus do ḃeannuiġ sé iad, agus é ag cur a láṁ orṫa.
17Agus nuair do ḃí sé ag dul amaċ ar an mbealaċ, do riṫ fear ċuige, agus do ċaiṫ sé é féin ar a ġlúnaiḃ ’n‐a láṫair, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe, A Ṁáiġistir ṁaiṫ, Créad do‐ġéanad‐sa ċum go ḃfaiġead an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt? 18Agus aduḃairt Íosa leis, Cad ċuige ḋuit maiṫ do ṫaḃairt orm‐sa? Ní maiṫ aoinneaċ aċt Dia aṁáin. 19Is eol duit na h‐aiṫeanta, Ná déan dúnṁarḃaḋ, Ná déan aḋaltrannas, Ná déan goid, Ná taḃair fiaḋnaise ḃréige, Ná déan mealltóireaċt, Taḃair onóir dot’ aṫair agus dod’ ṁáṫair. 20Agus aduḃairt seisean leis, A Ṁáiġistir, do ċóiṁlíonas na neiṫe sin uile ó ṫús m’óige. 21Agus iar ḃféaċain d’Íosa air, ṫug sé gráḋ ḋó, agus aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort: imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus do‐ġeoḃair saiḋḃreas ar neaṁ; agus tar agus lean mise. 22Aċt ar gclos na cainnte sin dó, ṫáinig cuma an ḃróin ar a éadan, agus d’imṫiġ sé go h‐atuirseaċ, mar ba ḋuine é ag a raiḃ mórán saiḋḃris.
23Agus d’ḟéaċ Íosa ’n‐a ṫimċeall, agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Naċ deacair do luċt saiḋḃris dul isteaċ i ríoġaċt Dé! 24Agus do ċuir a ḃriaṫra uaṫḃás ar na deisceablaiḃ. Aċt do laḃair sé arís, agus aduḃairt sé leo, A ċlann, naċ deacair ḋóiḃ‐sean a ċuireas a muinġin as saiḋḃreas dul isteaċ i ríoġaċt Dé! 25Is fusa do ċamall gaḃáil tré ċró snáṫaide, ’ná do ḋuine saiḋḃir dul isteaċ i ríoġaċt Dé. 26Agus do ṁéaduiġ ar a n‐uaṫḃás go mór, agus aduḃradar leis, Má’s eaḋ, cia h‐é an duine gur féidir a ṡaoraḋ? 27Agus ag féaċain d’Íosa orṫa, aduḃairt sé, Ní féidir do ḋaoiniḃ é, aċt ní mar sin do Ḋia; óir is féidir le Dia gaċ uile niḋ do ḋéanaṁ. 28Agus aduḃairt Peadar leis, Féaċ, do ṫréigeamar‐ne gaċ uile niḋ, agus do leanamar ṫusa. 29Aduḃairt Íosa, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Naċ ḃfuil aon duine d’ḟág teaċ, nó dearḃráiṫreaċa, nó deirḃṡeaṫraċa, nó máṫair, nó aṫair, nó clann, nó talta ar mo ṡon‐sa, agus ar son an tsoiscéil, 30naċ ḃfaiġiḋ a gcéad oiread san aois seo, tiġṫe, agus dearḃráiṫreaċa, agus deirḃṡeaṫraċa, agus máiṫreaċa, agus clann, mar aon le géir‐leanaṁain; agus an ḃeaṫa ṡíorraiḋe sa tsaoġal atá le teaċt. 31Aċt is iomḋa duine d’á ḃfuil ar tosaċ ḃéas ar deireaḋ: agus d’á ḃfuil ar deireaḋ ḃéas ar tosaċ.
32Agus do ḃíodar ar an sliġe, ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do ḃí Íosa ag siuḃal rómpa: agus do ḃí iongnaḋ orṫa: agus do ḃí eagla orṫa‐san agus iad ag leanaṁain ’n‐a ḋiaiḋ. Agus ṫug sé an dá‐réag i leaṫtaoiḃ arís, agus do ṫosnuiġ sé ar a innsin dóiḃ cad iad na neiṫe do ṫarlóċaḋ dó, 33’g‐a ráḋ, Féaċaiḋ, atámuid ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐ḃéarfar Mac an Duine d’uaċtaránaiḃ na sagart, agus do na scríoḃaiḋṫiḃ; agus daorfaid‐sean ċum báis é, agus do‐ḃéarfaid do na Págánaċaiḃ é: 34agus do‐ġéanaid‐sean fonoṁaid faoi, agus caiṫfid seile air, agus sciúrsálfaid é, agus marḃóċaid é; agus tar éis trí lá éireoċaiḋ sé arís.
35Agus ṫáinig ċuige Séamas agus Eoin, mic Ṡebedé, agus aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, ba ṁian linn go ndéanfá ḋúinn cibé niḋ iarrfaimíd ort. 36Agus aduḃairt seisean leo, Créad do b’áil liḃ do‐ġéanainn daoiḃ? 37Agus aduḃradar‐san leis, Deonuiġ ḋúinn go suiḋfimíd, duine againn ar do láiṁ ḋeis, agus duine againn ar do láiṁ ċlé, id’ ġlóir. 38Aċt aduḃairt Íosa leo, Ní fios daoiḃ créad iarras siḃ. An cupán ólaim‐se, an féidir liḃ‐se a ól? nó an féidir liḃ an baisteaḋ le n‐a mbaistfear mise d’ḟulang? 39Agus aduḃradar leis, Is féidir linn. Agus aduḃairt Íosa leo, An cupán ólaim‐se, ólfaiḋ siḃ‐se é; agus baistfear siḃ sa mbaisteaḋ ḟuilingeoċas mé: 40aċt suiḋe ar mo láiṁ ḋeis nó ar mo láiṁ ċlé, ní liom‐sa a ṫaḃairt sin uaim; aċt atá sé i ndán dóiḃ‐sean d’á ḃfuil sé ceapṫa. 41Agus nuair do‐ċuala an deiċneaḃar é, d’éiriġ siad míṡásta go mór le Séamas agus le h‐Eoin. 42Agus do ġlaoḋ Íosa ċuige iad, agus aduḃairt sé leo, Atá a ḟios agaiḃ na daoine go luaiḋtear cuṁaċt do ḃeiṫ aca ar na Pagánaċaiḃ, go gcuirid‐sean smaċt orṫa; agus go mbíonn forláṁas ag a mór‐uaisliḃ orṫa. 43Aċt ní mar sin daoiḃ‐se: aċt cibé duine gur mian leis ḃeiṫ mór eadraiḃ, caiṫfiḋ sé ḃeiṫ ’n‐a ṡeirḃíseaċ agaiḃ: 44agus cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ar tosaċ eadraiḃ, caiṫfiḋ sé ḃeiṫ ’n‐a scláḃaiḋe ag cáċ. 45Óir ní ṫáinig Mac an Duine féin ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum fo ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus go dtiuḃraḋ sé a anam i n‐éiric móráin.
46Agus ṫángadar go h‐Ieriċó: agus ag imṫeaċt dó‐san agus d’á ḋeisceablaiḃ as Ieriċó, agus sluaġ mór daoine i n‐éinḟeaċt leo, do ḃí Bartiméus dall, mac Ṫiméuis, ’n‐a ṡuiḋe le cois an ḃealaiġ agus é ag iarraiḋ déirce. 47Agus nuair do‐ċuala sé gurḃ é Íosa Nasarḋa do ḃí ann, do ṫosnuiġ sé ar ġlaoḋaċ, agus ar a ráḋ, A Íosa, a ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm. 48Agus do ḃagair mórán daoine air ḃeiṫ ’n‐a ṫost: aċt ba ṁó do ġlaoḋ seisean, A ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm. 49Agus do stad Íosa, agus aduḃairt sé, Glaoḋaiḋ ċugam air. Agus do ġlaoḋadar ar an dall, ’g‐a ráḋ leis, Bíoḋ meisneaċ agat; éiriġ id’ ṡeasaṁ, atá sé ag glaoḋaċ ort. 50Agus do ċaiṫ seisean a ḃrat de, agus d’éiriġ sé ’n‐a ṡeasaṁ, agus ṫáinig sé ċum Íosa. 51Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé, Créad ba ṁian leat do‐ġéanainn duit? Agus aduḃairt an dall leis, A Ṁáiġistir, mo raḋarc ṫaḃairt dom. 52Agus aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ leat, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus ar an láṫair ṫáinig a raḋarc dó, agus do lean sé é sa tsliġe.
Селектирано:
Marcus 10: JOYNTG
Нагласи
Сподели
Копирај

Дали сакаш да ги зачуваш Нагласувањата на сите твои уреди? Пријави се или најави се
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.