Geineasas 8
8
1Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí. 2Dúnadh toibreacha an duibheagáin agus comhlaí uisce neimhe: coisceadh an fhearthainn ó neamh. 3Chúlaigh na huiscí ón talamh de réir a chéile; faoi chionn céad go leith lá bhí na huiscí tráite. 4Sa seachtú mí, ar an seachtú lá déag den mhí sin, luigh an áirc ar shléibhte Ararat. 5Bhí na huiscí ag trá leo go dtí an deichiú mí; agus sa deichiú mí, ar an gcéad lá den mhí, nocht mullaí na sleibhte. 6Faoi chionn daichead lá d'oscail Naoi an fhuinneog a bhí déanta aige san áirc 7agus scaoil uaidh amach an fiach dubh. D'imigh seisean leis agus bhí ag guardal thart go dtí gur thriomaigh na huiscí den talamh. 8Ansin scaoil sé colm uaidh amach féachaint ar thráigh na tuilte de dhroim na talún. 9Ach ní bhfuair an colm aon áit ar a leagfadh sé a chos agus d'fhill sé ar ais air san áirc, mar bhí na huiscí ar uachtar na talún ar fad fós. Chuir [Naoi] a lámh amach, rug greim air agus thug ar ais isteach san áirc é. 10Tar éis moill seacht lá eile ansin, scaoil sé an colm amach as an áirc arís. 11Agus d'fhill an colm ar ais air tráthnóna, agus féach! bhí craobh úr olóige ina ghob. Thuig Naoi ansin go raibh na huiscí tráite ón talamh. 12D'fhan sé seacht lá eile, mar sin, agus scaoil an colm uaidh arís; agus níor fhill sé air a thuilleadh.
13Sa bhliain sé chéad agus a haon d'aois Naoi, ar an gcead mhí, ar an gcéad lá den mhí is ea a triomaíodh na huiscí den talamh, agus d'oscail Naoi comhla na háirce, agus d'fhéach amach. Bhí clár na talún tirim! 14Sa dara mí, ar an seachtú lá fichead den mhí, bhí an talamh tirim.
15Agus dúirt Dia le Naoi: 16“Amach leat as an áirc! tú féin agus do chlann mhac, agus mná do mhac mar aon leat! 17Beir leat amach a bhfuil farat d'ainmhithe, an uile ní d'fheoil idir éanlaith agus ainmhithe agus phéisteanna a shníonn ar talamh. Téidís i líonmhaire ar talamh; bíodh toradh orthu agus síolaidís ar talamh.” 18Tháinig Naoi amach mar sin agus a chlann mhac, a bhean agus mná a mhac. 19Agus na hainmhithe allta go léir, agus an t‑eallach go léir, an éanlaith go léir, agus na péisteanna go léir a shníonn ar talamh, amach leo as an áirc, cineál ar chineál.
20Agus rinne Naoi altóir don Tiarna, agus thoirbhir sé mar íobairt dhóite ar an altóir a rogha féin de na hainmhithe glana agus den éanlaith ghlan. 21Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.
22Fad a bheidh an talamh ann,
ní rachaidh stad arís
ar shíolchur ná ar fhómhar,
ar fhuacht ná ar theas,
ar shamhradh ná ar gheimhreadh,
ar lá ná ar oíche.”
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.