Geineasas 11

11
Báibil
1Labhair daoine an teanga chéanna agus na focail chéanna ar fud an domhain mhóir. 2Agus ag teacht anoir dóibh thángadar ar mhachaire i dtír Shionár agus chuireadar fúthu ann. 3Agus dúradar lena chéile: “Téanam agus déanaimis brící agus tugaimis tine dóibh” - brící a bhíodh acu in áit cloch agus pic in áit moirtéil - 4“Téanam,” ar siad, “agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.”
5Ansin tháinig an Tiarna anuas go bhfeicfeadh sé an chathair agus an túr a thóg na daoine daonna. 6“Féach,” arsa an Tiarna, “aon mhuintir amháin iad le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart a dhéanfaidh siad; níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích. 7Téanam, téimis síos agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga ar an bhfód i dtreo nach dtuigfidis caint a chéile a thuilleadh.” 8Agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne ar fad, agus scoireadar de thógáil na cathrach. 9Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir.
10Seo iad sliocht Shéam: Nuair a bhí Séam céad bliain d'aois ghin sé Arpaicsead dhá bhliain tar éis na díleann. 11Mhair Séam cúig chéad bliain tar éis Arpaicsead a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha. 12Nuair a bhí Arpaicsead cúig bliana déag ar fhichid ghin sé Seálach. 13Mhair Arpaicsead trí bliana agus ceithre chéad tar éis Seálach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha eile. 14Nuair a bhí Seálach deich mbliana fichead d'aois ghin sé Éibir. 15Mhair Seálach trí bliana agus ceithre chéad tar éis Éibir a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 16Nuair a bhí Éibir ceithre bliana déag ar fhichid ghin sé Roinnt. 17Mhair Éibir ceithre chéad agus a tríocha bliain tar éis Roinnt a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 18Nuair a bhí Roinnt deich mbliana fichead d'aois ghin sé Reú. 19Mhair Roinnt naoi mbliana agus dhá chéad tar éis Reú a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 20Nuair a bhí Reú dhá bhliain déag ar fhichid ghin sé Sarúg. 21Mhair Reú seacht mbliana agus dhá chéad tar éis Sarúg a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 22Nuair a bhí Sarúg deich mbliana fichead d'aois ghin sé Náchór. 23Mhair Sarúg dhá chéad bliain tar éis Náchór a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 24Nuair a bhí Náchór naoi mbliana fichead d'aois ghin sé Tearach. 25Mhair Náchór naoi mbliana déag agus céad tar éis Tearach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 26Nuair a bhí Tearach deich mbliana agus trí fichid ghin sé Abrám agus Náchór agus Hárán.
27Seo sliocht Thearach: Ghin Tearach Abrám, Náchór agus Hárán. Ghin Hárán Lót. 28D'éag Hárán i láthair a athar ina thír dhúchais, Úr na gCaildéach. 29Phós Abrám agus Náchór. Sáraí a b'ainm do bhean Abrám agus Milceá a b'ainm do bhean Náchór iníon Hárán, athair Milceá agus Isceá. 30Bhí Sáraí aimrid agus í gan leanbh. 31Thug Tearach leis Abrám a mhac agus Lót mac Hárán mac a mhic, agus Sáraí bean a mhic, bean Abrám, agus amach leo le chéile ó Úr na gCaildéach ag triall ar thír Chanán. Ach nuair a thángadar go Hárán chuireadar fúthu ann. 32Bhí cúig bliana agus dhá chéad d'fhad saoil ag Tearach; ansin fuair sé bás i Hárán.

선택된 구절:

Geineasas 11: ABN

하이라이트

공유

복사

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요

Video for Geineasas 11