Psalm 4
4
IV Psalm.
1Thusa mo Dhia mo fhiréuntachd,
Tráth ghoir’mse, bíse dluith;
’Stu ’dfuasguil me as cuibhreach theann;
Déan trócair’ ’s éisd go luath.
2Ca fad, mo ghlóir a chlann na ndáoin’,
Chum naire iompuighios sibh?
Ag tabhairt grádh do dhiomháoineas,
Air lorg na mbreug go tiubh?
3Biodh ’guibhse fios gur thogh ar nDia
Do féin an duine náomh’;
An tan do ghoireas air leam’ ghuth
’Sar éisteadh leis mo ghláoidh.
4Biodh eagla oruibh ’sna déanuidhe olc:
Lé bhur ccroidhe labhruidhe féin;
Go huaigneach ann bhar leabuidh fós
Bidh tostach mar an cceadn’.
5Deagh‐iodhbairt thaitnemhach tuguidhe uaibh,
Don fhiréuntacht do ghnath;
Cuiridhe bhar ndóigh san Tighearna Dia,
Bhar muinighin ann gach la.
6Rod maith, cia dhuinne thaisbeanas?
Ta móran ag da rádh;
Ach solas glan do ghnúise, Dhé,
Tóg oruinn suas do ghnáth.
7’Smo chuir tu luathghair ann mo chroidhe,
Na’n uair ta’n tarbhar páilt,
No aca súd tráth bhion se fíon,
Air meudughadh gan airc.
8A siothchain luighfidh me maráon,
A’s codóluidh me le suan:
O’s tusa ’mháin bheir dhamh, a Dhia
Cómhnuidhe ta daingean buan.
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836