Eoin 7
7
1I n‐a dhiaidh sin do ghluais Íosa ar fud na Galilé: óir níorbh áil leis siubhal i nIúdaea, toisc go raibh na h‐Iúdaigh ag iarraidh a chur chum báis. 2Agus do bhí féile na nIúdach, féile na mboth, i bhfogas. 3D’á bhrigh sin adubhairt a bhráithre leis, Fág an áit seo, agus imthigh go h‐Iúdaea, chum go bhfeicfidh do dheisceabail na gníomhartha do‐ghní tú, chómh maith. 4Óir ní oibrigheann aon duine fá cheilt, agus é ag iarraidh é féin do nochtadh go poiblidhe. Má ghníonn tú na neithe seo, taisbeán thú féin do’n tsaoghal. 5Óir níor chreid a bhráithre féin ann. 6Uime sin adubhairt Íosa leo, Ní tháinig m’uair‐se fós; acht atá bhúr n‐uair‐se ann i gcómhnaidhe. 7Ní fhéadann an saoghal fuath do thabhairt daoibh‐se; acht atá fuath aige dhamh‐sa, de bhrigh go dtugaim fiadhnaise ’n‐a thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h‐olc. 8Téighidh‐se suas chum na féile: ní fhuilim‐se ag dul chum na féile seo fós; óir ní tháinig m’uair fós. 9Agus nuair adubhairt sé an méid sin leo, d’fhan sé sa nGalilé.
10Acht nuair bhí a bhráithre imthighthe suas chum na féile, do chuaidh sé féin suas mar an gcéadna, acht ní dheachaidh go poiblidhe, acht mar bhéadh sé ag dul i ngan fhios. 11Agus do bhí na h‐Iúdaigh ar a lorg ag an bhféile, agus adubhradar, Cá bhfuil sé? 12Agus do bhí conspóid i measc na ndaoine ’n‐a thaobh: adubhairt cuid aca, Is fear maith é; adubhairt cuid eile, Ní h‐eadh, acht ag mealladh na ndaoine atá sé. 13Acht ar eagla na nIúdach níor labhair aoinneach go foscailte ’n‐a thaobh.
14Acht nuair bhí a leath de’n fhéile thart, do chuaidh Íosa suas go dtí an teampall, agus do‐rinne sé teagasc. 15Agus do bhí iongnadh ar na h‐Iúdachaibh, agus adubhradar, Cionnas fuair an fear so léigheann agus nár fhoghlaim sé riamh? 16D’fhreagair Íosa iad, agus adubhairt sé, Ní liom féin mo theagasc‐sa, acht leis an té do chuir uaidh mé. 17Cibé duine gur mian leis a thoil‐sean do dhéanamh, tuigfidh sé i dtaobh an teagaisc, an ó Dhia labhraim, nó uaim féin. 18An té labhras uaidh féin, is í a ghlóir féin loirgeas sé; acht an té loirgeas glóir an té do chuir uaidh é, ata seisean fírinneach, agus ní fhuil mí‐chneastacht ann. 19Nach dtug Maois an reacht daoibh, agus gan duine agaibh ag cóimhlíonadh an reachta? Cad chuige dhaoibh bheith ag iarraidh mise do mharbhadh? 20D’fhreagair an sluagh agus adubhradar, Deamhan atá ionnat: cia atá ag iarraidh thú do mharbhadh? 21D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Do‐rinneas gníomh amháin, agus atá iongnadh oraibh uile. 22Uime sin thug Maois an timcheall‐ghearradh dhaoibh (ní h‐é gur ó Mhaois tháinig sé, acht ó n‐bhúr sinnsearaibh); agus do‐ghní sibh‐se timcheall‐ghearradh ar dhuine sa tsabóid. 23Má ghnítear timcheall‐ghearradh ar dhuine sa tsabóid, chum nach mbrisfidhe reacht Mhaoise, an bhfuil olc agaibh damh‐sa, de chionn gur leigheasas duine go h‐iomlán sa tsabóid? 24Ná beiridh breith de réir na súile, acht beiridh breith cheart.
25Agus do bhí dream de mhuinntir Iarúsalem adubhairt, Nach é seo an duine go bhfuil siad ag iarraidh a mharbhadh? 26Agus féach, atá sé ag labhairt go poiblidhe, agus ní abrann siad éinnidh leis. An bhfuil a fhios go fíor ag na h‐uachtaránaibh gur ab é an Críost é? 27Acht atá aithne againne ar an bhfear so, agus atá a fhios againn cá h‐as dó. 28Annsin do ghlaodh Íosa ós árd, agus é ag teagasc sa teampall, g‐á rádh, Atá aithne agaibh orm‐sa, agus atá a fhios agaibh cá h‐as dom; agus ní uaim féin tháinig mé, acht an té do chuir uaidh mé atá sé fíor, an té nach bhfuil aithne agaibh‐se air. 29Atá aithne agam‐sa air; óir is uaidh‐sean mé, agus is é féin do chuir uaidh mé. 30Annsin do shanntuigheadar breith air: acht níor chuir aon duine lámh ann, óir ní raibh a uair tagtha fós. 31Acht do bhí a lán de’n tsluagh do chreid ann; agus adubhradar, Nuair thiocfas an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó míorbhailtí ’ná do‐rinne an duine seo? 32Do‐chuala na Fairisínigh an sluagh ag conspóideacht ’n‐a thaobh ar an gcuma sin; agus do chuir uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh maoir chum beirthe air. 33Annsin adubhairt Íosa leo, Tamall beag dom ’n‐bhúr bhfochair go fóill, agus annsin imtheochad chuige‐sean do chuir uaidh mé. 34Béidh sibh ’gam’ lorg, agus ní bhfaighidh sibh mé: agus an áit ’n‐a bhfuilim‐se, ní fhéadfaidh sibh‐se teacht ann. 35Annsin adubhairt na h‐Iúdaigh eadortha féin, Cia an áit ’n‐a rachaidh an duine seo, agus nach bhfaighimíd é? An rachaidh sé chum na ndaoine atá scaipthe i measc na nGréagach, leis na Gréagaigh do theagasc? 36Créad is ciall do’n chainnt seo adubhairt sé, Loirgfidh sibh mé, agus ní bhraighidh sibh mé: agus an áit ’n‐a mbéidh mé, ní fhéadfaidh sibh teacht ann?
37Agus an lá deireannach de’n fhéile, an lá mór, do sheas Íosa agus do ghlaodh sé ós árd, Má tá tart ar aon duine, tagadh sé chugam‐sa, agus óladh sé. 38An té chreideas ionnam‐sa, mar adubhairt an scrioptúir, rithfidh as a bhroinn sruthanna uisce bheo. 39Acht is i dtaobh an Spioraid do bhí le glacadh aca‐san do chreidfeadh ann, adubhairt sé an méid sin: óir do bhí an Spiorad gan bronnadh fós; de bhrigh go raibh Íosa gan glóiriú fós. 40Ar n‐a chlos sin dóibh, adubhairt cuid de’n tsluagh, Go fírinneach, is é seo an fáidh. Adubhairt cuid eile, Is é an Críost é. 41Acht adubhairt dream eile, An ó’n nGalilé atá an Críost le teacht? 42Nach ndubhairt an scrioptúir gur de shíol Dáibhí, agus ó Bheithil, baile Dháibhi, atá an Críost le teacht? 43Agus d’éirigh aighneas sa tsluagh mar gheall air. 44Agus ba mhian le cuid aca breith air, acht níor chuir aon duine lámh air.
45Annsin tháinig na maoir chum uachtarán na sagart agus chum na bhFairisíneach, agus d’fhiafruigheadarsan díobh, Cad chuige nách dtugabhar libh é? 46D’fhreagair na maoir, Níor labhair aon duine riamh mar labhrann an fear so. 47Agus d’fhreagair na Fairisínigh iad, An bhfuil sibh‐se meallta, leis? 48Ar chreid aoinneach de na h‐uachtaránaibh nó de na Fairisíneachaibh ann? 49Acht an sluagh so atá gan eolas ar an dlighe, atá mallacht ortha. 50Adubhairt Nicodémus (an fear úd tháinig chuige san oidhche, mar ba dhuine aca é) leo, 51An ndaorann ar ndlighe duine ar bith ghan éisteacht leis féin ar dtús, agus a aithint créad tá déanta aige? 52D’fhreagradar agus adubhradar leis, An as an nGalilé dhuit‐se, leis? Cuarduigh, agus chífir nach n‐éirigheann aon fháidh ó’n nGalilé. 53[Agus d’imthigh gach duine aca chum a thighe féin:
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932