Eoin 5
5
1I n‐a dhiaidh sin do bhí féile ag na h‐Iúdachaibh: agus do chuaidh Íosa suas go h‐Iarúsalem.
2Agus atá i nIarúsalem, i n‐aice geata na gcaorach, lochán ar a dtugtar i nEabhrais Bétesda, go bhfuil cúig póirsí aige. 3Do bhí ’n‐a luighe ionnta sin mórán daoine breoithe, daill, bacaigh, seirgthigh. 5Agus do bhí ann fear amháin do bhí breoite le h‐ocht mbliadhna déag ar fhichid. 6Nuair do chonnaic Íosa é ’n‐a luighe, agus a fhios aige gurbh fhada dhó sa riocht sin, adubhairt sé leis, Ar mhian leat go leigheasfaidhe thú? 7D’fhreagair an fear breoite, A dhuine uasail, ní fhuil duine agam do chuirfeadh sa lochán mé nuair corruightear an t‐uisce: acht an fhaid bhím‐se ag teacht, téigheann duine eile síos rómham. 8Adubhairt Íosa leis, Éirigh, tóg do leaba agus siubhal. 9Agus ar an láthair do leigheasadh an fear, agus do thóg sé a leaba agus do shiubhal sé.
10Agus ba í an tsabóid do bhí ann an lá sin. Agus adubhairt na h‐Iúdaigh leis an duine a leigheasadh. Atá an tsabóid ann, agus ní dleaghthach dhuit do leaba d’iomchar. 11Acht d’fhreagair seisean dóibh, An té do leigheas mé, ba é adubhairt liom, Tóg do leaba agus siubhal. 12D’fhiafruigheadar de, Cia h‐é an duine adubhairt leat, Tóg do leaba agus siubhal? 13Acht ní raibh a fhios ag an duine do leigheasadh ciarbh é: óir d’éaluigh Íosa uatha toisc sluagh daoine bheith san áit sin. 14I n‐a dhiaidh sin fuair Íosa sa teampall é, agus adubhairt sé leis, Féach, atáir slán anois: ná déan peacadh feasta, ar eagla go dtuitfidh nidh ba mheasa ort. 15D’imthigh an fear, agus d’innis sé do na h‐Iúdachaibh gurbh é Íosa do‐rinne slán é. 16Ar an adhbhar sin do bhí na h‐Iúdaigh ag gabháil d’Íosa, toisc na neithe sin do dhéanamh lá na sabóide. 17Acht d’fhreagair sé dhóibh, Atá m’Athair ag obair go dtí an uair seo, agus atáim‐se ag obair. 18Ar an adhbhar sin ba dhéine do bhí na h‐Iúdaigh ag tnúth le n‐a chur chum báis, ní h‐é amháin gur bhris sé an tsabóid, acht go ndubhairt sé gurbh é Dia a Athair, g‐á chur féin ar aon dul le Dia.
19D’á bhrigh sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Ní fhéadann an Mac éinnidh do dhéanamh uaidh féin, acht an méid do‐chí sé ag an Athair d’á dhéanamh: óir cibé neithe do‐ghní seisean, do‐ghní an Mac iad ar an gcuma chéadna. 20Óir grádhuigheann an t‐Athair an Mac, agus nochtann sé dhó gach nidh do‐ghní sé féin: agus nochtfaidh sé dhó oibreacha is mó ná iad so, ar mhodh go mbéidh iongnadh oraibh‐se. 21Óir fá mar thógas an t‐Athair na mairbh agus aithbheodhuigheas sé iad, ar an gcuma chéadna aithbheodhuigheann an Mac na daoine is toil leis. 22Óir ní bheireann an t‐Athair breith ar aon duine, acht atá gach breith tabhartha aige do’n Mhac; 23ionnas go dtiubhradh gach aoinneach onóir do’n Mhac, fá mar bheireann siad onóir do’n Athair. An té nach dtugann onóir do’n Mhac ní thugann sé onóir do’n Athair do chuir uaidh é. 24Go fírinneach adeirim libh, An té éisteas lem’ bhriathar‐sa agus chreideas an té do chuir uaidh mé, atá an bheatha shíorraidhe aige, agus ní thig sé fá bhreitheamhnas, acht atá sé athruighthe ó’n mbás chum na beathadh. 25Go firinneach adeirim libh, Atá an t‐am ag teact, agus atá sé ann anois féin, ’n‐a n‐éistfidh na mairbh le guth Mhic Dé; agus mairfidh siad‐san éistfeas leis. 26Óir fá mar atá beatha ag an Athair ann féin, ar an gcuma chéadna thug sé do’n Mhac beatha do bheith aige ann féin: 27agus thug sé ughdarás dó chum breith do dhéanamh, toisc gur ab é Mac an Duine é. 28Ná déanaidh iongantas de seo: óir atá an t‐am ag teacht, ’n‐a n‐éistfidh a bhfuil ins na tuamaibh le n‐a ghuth, 29agus tiocfaidh siad amach: lucht déanta an chirt go h‐aiséirghe na beathadh; agus lucht déanta an uilc go h‐aiséirghe na breithe. 30Ní fhéadaim‐se éinnidh do dhéanamh uaim féin: de réir mar chluinim do‐bheirim breith: agus atá mo bhreith ceart; óir ní h‐í mo thoil féin loirgim, acht toil an té do chuir uaidh mé. 31Má bheirim fiadhnaise im’ thaobh féin, ní fhuil m’fhiadhnaise fíor. 32Atá neach nach mise do‐bheir fiadhnaise im’ thaobh; agus atá a fhios agam gur fíor an fhiadhnaise do‐bheir sé im’ thaobh. 33Do chuireabhairse teachtaí chum Eoin, agus thug sé fiadhnaise i dtaobh na fírinne. 34Acht ní ó dhuine do‐gheibhim‐se fiadhnaise: acht adeirim an méid seo chum go saorfar sibh‐se. 35Ba eisean an lóchrann ar lasadh agus ag soillsiú: agus ar feadh tréimhse níor mhisde libh‐se aoibhneas d’fhágháil ’n‐a sholas. 36Acht atá fiadhnaise agam‐sa is mó ’ná fiadhnaise Eoin: óir na gnótha thug m’Athair dhom le cur chum chríche, na gnótha féin do‐ghnímh, do‐bheir siad fhiadhnaise im’ thaobh, gur ab é an t‐Athair do chuir uaidh mé. 37Agus an t‐Athair do chuir uaidh mé, thug sé fiadhnaise im’ thaobh. Ní, chualabhair‐se a ghuth ariamh agus ní fhacabhar a ghné. 38Agus ní fhuil a bhriathar ag fanamhain ionnaibh: óir an té do chuir sé uaidh ní chreideann sibh dó. 39Cuarduigheann sibh na scrioptúirí, óir measann sibh gur ab ionnta atá an bheatha shíorraidhe agaibh; agus is iad sin do‐bheir fiadhnaise im’ thaobh‐sa; 40agus ní h‐áil libh teacht chugam‐sa, chum go mbéidh beatha agaibh. 41,42Ní ghlacaim‐se onóir ó dhaoinibh. Ácht atá a fhios agam nach bhfuil aon ghrádh do Dhia ionnaibh. 43Thánag‐sa i n‐ainm m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé: má thig duine eile ’n‐a ainm féin, glacfaidh sibh eisean. 44Cionnas do b’fhéidir go gcreidfeadh sibh‐se, ghlacas onóir ó n‐a chéile, agus gan aon éileamh agaibh ar an nglóir thig ó’n aon Dia. 45Ná measaidh go gcionntóchad‐sa sibh i láthair m’Athar: atá duine chionntuigheas sibh, eadhon, Maois, an té go bhfuil muinighin agaibh as. 46Óir dá gcreideadh sibh Maois, do chreidfeadh sibh mise; óir do scríobh sé im’ thaobh‐sa. 47Acht muna gcreideann sibh a scríbhinní‐sean, cionnas chreidfidh sibh mo bhriathra‐sa?
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932