Eoin 3
3
1Agus do bhí duine de na Fairisíneachaibh, darbh ainm Nicodémus, duine d’uachtaránaibh na nIúdach: 2tháinig seisean chum Íosa san oidhche, agus adubhairt sé leis, A Rabbí, atá a fhios againn gur múinteoir tháinig ó Dhia thú: óir ní féidir go ndéanfadh aon duine na míorbhailtí ghníos tusa, gan Dia bheith leis. 3D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine athuair, ní fhéadann sé ríoghacht Dé d’fheicsin. 4Adubhairt Nicodémus leis, Cionnas do b’fhéidir go ngeinfidhe duine agus é aosta? An bhféadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar athuair, agus a bhreith? 5D’fhreagair Íosa, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní fhéadann sé dul isteach i ríoghacht Dé. 6An nidh geintear ó’n gcolainn, is colann é; agus an nidh geintear ó’n sphiorad is spiorad é. 7Ná bíodh iongnadh ort go ndubhras leat, Ní foláir bhúr mbreith athuair. 8Séideann an ghaoth mar is áil léi, agus do‐chluin tú a fuaim, acht ní h‐eol duit cad as a dtig sí, agus cá dtéid sí: mar sin do gach duine geintear ó’n Spiorad. 9D’fhreagair Nicodémus agus adubhairt sé leis, Cionnas is féidir na neithe sin do bheith amhlaidh? 10D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, An tusa múinteoir Israel, agus nach eol duit na neithe sin? 11Go firinneach adeirim leat, Innsimíd an nidh atá ar eolas againn, agus do‐bheirimid fiadhnaise i dtaobh a bhfacamar: agus ní ghlacann sibh ár bhfiadhnaise. 12Má d’inniseas neithe saoghalta dhaoibh, agus nach gcreideann sibh mé, cionnas chreidfeas sibh, má innsim neithe neamhdha dhaoibh? 13Agus ní dheachaidh aon duine suas ar neamh, acht an té tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine atá ar neamh. 14Agus fá mar árduigh Maois an nathair nimhe sa bhfásach, caithfear Mac an Duine d’árdú ar an gcuma chéadna: 15chum go mbéidh an bheatha shíorraidhe ag an uile dhuine chreideas ann.
16Óir do ghrádhuigh Dia an saoghal chómh mór sin, go dtug sé a Aon‐Mhac féin, ionnas, gach duine creidfeadh ann, nach gcaillfidhe é, acht go mbéadh an bheatha shíorraidhe aige. 17Óir ní chum breitheamhnas do thabhairt ar an saoghal do chuir Dia a Mhac uaidh; acht chum go saorfaidhe an saoghal tríd. 18An té chreideas ann ní tugtar breith air: an té nach gcreideann atá breith tabhartha air cheana féin, toisc nár chreid sé i n‐ainm Aon‐Mhic Dé. 19Agus is í seo an bhreith, go dtáinig an solas ar an saoghal, agus gurbh annsa leis na daoinibh an dorchacht ’ná an solas; toisc a ngníomhartha bheith go h‐olc. 20Óir gach duine chleachtas an t‐olc bíonn fuath aige do’n tsolas, agus ní thig sé chum an tsolais, ar eagla go nochtfaidhe a ghníomhartha. 21Acht an té chleachtas an fhírinne tig sé chum an tsolais, chum go bhfoillseochaidhe a ghníomhartha, go ndearnadh iad i nDia.
22I n‐a dhiaidh sin do chuaidh Íosa agus a dheisceabail isteach i ndúthaigh Iúdaea; agus d’fhan sé ’n‐a chómhnaidhe annsin mar aon leo, agus do bhí sé ag baisteadh. 23Agus do bhí Eoin ag baisteadh, leis, i nAenón, i n‐aice Shalim, óir do bhí a lán uisce ann, agus do thagadh na daoine, agus do baistidhe iad. 24Óir do bhí Eoin gan cur sa bpríosún go fóill. 25Uime sin d’éirigh conspóid idir dheisceabail Eoin agus Iúdach éigin i dtaobh glantóireachta. 26Agus thángadar chum Eoin, agus adubhradar leis, A Rabbí, an té úd do bhí id’ fhochair taobh thall de Iórnán, go dtug tú fiadhnaise ’n‐a thaobh, féach, atá sé ag baisteadh, agus atá gach aoinneach ag teacht chuige. 27D’fhreagair Eoin agus adubhairt sé, Ní féidir le duine éinnidh do ghlacadh muna dtugtar dhó é ó neamh. 28Is fiadhnaidhthe sibh féin dom go ndubhras, Ní mise an Críost, acht, do cuireadh roimhe mé. 29An té ag a bhfuil an bhainchéile is é an fear nua‐phósta é: acht cara an fhir nua‐phósta atá ’n‐a sheasamh ag éisteacht leis, bíonn an‐áthas air mar gheall ar ghuth an fhir nua‐phósta: d’á bhrigh sin, an t‐áthas atá orm‐sa atá sé iomlán. 30Caithfidh seisean dul i dtreise acht caithfidh mise dul i laighead.
31An té thig anuas, atá sé ós cionn cách: an té thig ó’n talamh is duine talmhaidhe é, agus is ar neithibh talmhaidhe labhras sé: an té thig ó neamh atá sé ós cionn cách. 32An méid do chonnaic agus do‐chuala sé, do‐bheir sé fiadhnaise air. 33An té do ghlac a fhiadhnaise, atá tabhartha fá n‐a shéala aige go bhfuil Dia fíor. 34Óir an té do chuir Dia uaidh labhrann sé briathra Dé: óir ní de réir tómhais bhronnas Dia an Spiorad. 35Grádhuigheann an t‐Athair an Mac, agus atá gach uile nidh tabhartha aige dhó ’n‐a láimh. 36An té chreideas sa Mac, atá an bheatha shíorraidhe aige; acht an té nach n‐umhluigheann do’n Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, acht atá díbheirg Dé i gcómhnaidhe air.
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932