Genesis 22

22
Caibidil XXII.
Ordughadh a dtimcheall Isaac a Iodhbradh. 3 Umhlachd Abraham. 13 Saoradh Isaac.
1Agus tárla a ndíaigh na neitheannso gur theasduigh Día Abraham, agus go ndubhairt ris, A Abrahaim: agus a dubhairt seision, Féuch, mé annso. 2Agus a dubhairt seision, Glac annois do mhac háonmhac amháin, Isaac, ar a bhfuil grádh agad, agus eirigh go crich Mhóriah; agus Iodhbuir ann sin é mar offráil loisge air áon do na sléibhtibh inneósus misi dhuit. 3Agus do éirigh Abraham go moch ar maidin, agus do ughmuidh a asal, agus rug días dá óganachuibh leís, agus a mhac Isaac, agus do scoilt an connadh don offráil loisge, agus do éirigh súas, agus do chuáidh gus a náit a dubhairt Día ris. 4An sin ar an treas lá do thóg Abraham a shuile súas, agus do chonnairc a náit a bhfad uadh. 5Agus a dubhairt Abraham ré na óganachuibh, Fanuidhsi annso a bhfochair a násail; agus rachaidh misí agus an leanamh ann sud agus do dhéanam adhradh, agus tiucfam chuguibh a rís. 6Agus do ghlac Abraham connadh na hoffrála loisge, agus do chuir é ar muin a mhic Isaac; agus do ghlac an teine na láimh, agus sgian; agus do chúadur aráon le chéile. 7Agus do labhair Isaac re na athair Abraham, agus a dubhairt, A athair: agus a dubhairt seision, Ag so mé, a mhic. Agus a dubhairt seision, Féuch ag so an teine agus an connadh: ach cáit a bhfuil an túan chum na hofrála loisge? 8Agus a dubhairt Abraham, A mhic, do gheabha Día úan dó féin chum offrála loisge: do chúadur mar sin aráon lé chéile. 9Agus tangadar gus a náit do innis Día dhósan; agus do rinne Abraham altóir ann sin, agus do chuir an connadh go deas, agus do cheangail a mhac Isaac, agus do leag ar a naltóir é ar úachdar an chonnuigh. 10Agus do shín Abraham a lámh amach, agus do ghlac an sgían do mharbhadh a mhic. 11Agus do ghoir aingeal an TIGHEARNA air ó neamh, agus a dubhairt, A Abrahaim, A Abrahaim: agus a dubhairt seision, Ag so mé. 12Agus a dubhairt sé, Ná beanadh do lámh ris an leanamh, agus ná déun éinní ris: óir aithnighim a nóis go bhfuil eagla Dé órt, ó nár chonnuimh tú do mhac, háonmhac amháin uáim. 13Agus do thóg Abraham a shúile súas, agus damhairc sé, agus féuch, do bhí táobh shíar dhe reithe ceanguilte lé na adharcuibh ann a ttor: agus do chuáidh Abraham agus do ghlac an reithe, agus do íodhbuir é mar offrail loisge a náit a mhic. 14Agus do ghoir Abraham dainm do náitsin Iehobhah-Iireh: mar a dearthar gus a niugh, a sliabh an TIGHEARNA do chífidhear é. 15Agus do ghoir aingeal an TIGHEARNA ar Abraham an dara huair ó neamh, 16Agus a dubhairt, Do mhionnuigh mé oram féin, arsa an TIGHEARNA, do chionn go ndearna tú an ní si, agus nar choigil tú do mhac, háonmhac amháin: 17A mbeannughadh go mbeannochad thú, agus a méodughadh go méideochuidh mé do shíol amhuil reulta nimhe, agus mar an ngaineamh ar thráigh na fairge; agus sealbhochuid do shíol geataidhe a námhad. 18Agus ann do shiolsa bheid a nuile chineadh ar talamh beannuighe; do chionn gur umhluigh tú dom ghlór. 19Mar sin do fhill Abraham a ccionn a ógánach, agus do éirgheadur suas agus do chúadar an néinfheachd go Beerséba; agus do chomhnuidh Abraham am Beerséba. 20Agus tárla tar éis na neitheannso, gur hinniseadh Dabraham, ag rádh, Feuch Milcah mur rug sí mar an gcéudna clann dod dhearbhrathair Nahor; 21Hus a cheidghin, agus Bus a dhearbhrathair, agus Cemuel athair Aram, 22Agus Chesed, agus Haso, agus Pildas, agus Iidlaph, agus Betuel. 23Agus do ghein Betuel Rebecah, an tochdar so rug Milcah do Nahor dearbhrathair Abraham. 24Agus a leannán, dá ngoirthi Reumah, rug si mar an ccéudna Tébah, agus Gaham, agus Tahas, agus Maccah.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Genesis 22: Bedell

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល