Genesis 21

21
Caibidil XXI.
Geineadh Isaac ó Sharah. 4 A thimchillghearradh. 9 Teitheamh Hagar agús Ismael.
1Agus táinig an TIGHEARNA dféuchuin Shárah mar a dubhairt sé, agus do rinne an TIGHEARNA do Shárah mar da labhair sé. 2Oír do thoirrcheadh Sárah, agus rug mac do Abraham na áois fhoirfe, ann sa nam chinnte dar labhair Día ris. 3Agus tug Abraham Isaac dainim air an mac rugadh dhó, noch rug Sárah dhó. 4Agus do thimchillghearr Abraham a mhac Isaac ar mbeith ochd lá dáois, fá mar daithin Día dhe. 5Agus do bhí Abraham céud blíaghan dáois, a nuáir do rugadh a mhac Isaac dhó. 6Agus a dubhairt Sárah, Thug Día orum gáire dhéunamh, ionnus gach a ccluinn, go ndéunuid gaíre liom. 7Agus a dubhairt si, Cía déuradh ré Habraham, go ttiubhradh Sárah cíoch do chloinn? óir rug mé mac dhó na áois fhoirfe. 8Agus do fhás an leanamh, agus do hoileadh é: agus do rinne Abraham féusda mór an la céudna ar coisgeadh Isaac ó chích. 9Agus do chonairc Sárah mac Hágar an Tégipteach, noch do rug sí Dabraham, ag magadh. 10Uime sin a dubhairt sí ré Hábraham, Teilg amach an bhean dhaorsa agus a mac: óir ní bhiaigh mac na mná dáoire sí na oighre maille ré mo mhacsa, eadhon re Isaac. 11Agus do bhí an ní rodhoiligh a súilibh Abraham ar son a mhic. 12Agus a dubhairt Día ré Hábraham, Ná bíodh sé na dhoilgheas agad ar son a nogánuigh, agus ar son do mhná dáoire; sa nuile ní dá ndubhairt Sárah riot éisd ré na glór; óir is an Isaac goirfídhear do shliochd. 13Agus mar an gceudna do mhac na mná dáoire do dhéuna misi cineadh, do bhrígh gurab é do shíolsa é. 14Agus do éirigh Abraham súas go moch ar maidin, agus do ghlac arán, agus buidél uisge, agus tug sin do Hágar, agus do chuir ar a gualuinn é, agus an leanamh, agus do chuir ar siubhal í: agus do imthigh sí, agus do bhi ar fud fhásuigh Bheerséba. 15Agus do caitheadh an tuisge do bhí san mbuidél, agus do theilg si an leanamh fá áon do na toruibh. 16Agus do imthigh, agus do shuigh sios as a choinne, tamal maith uadh, fa thuairim urchuir shoighde: óir a dubhairt sí, Ná faicim bás an leinimh. Agus do shuigh sí as a choinne anunn, agus ar ttógbhail a gotha go hárd, do ghuil sí. 17Agus do chúaluidh Día guth an leinimh, agus do ghoir aingeal Dé ar Hágar ó neamh, agus a dubhairt ría, Créd ghoilleas ort a Hágar? ná bíodh eagla ort; óir do chúaluidh Día guth an leinimh mar a bhfuil sé. 18Eirigh, tóg suas an leanamh, agus connaimh ann do láimh é; oir do dhéuna misi cineadh mór dhe. 19Agus do oscuil Día a súile, agus do chonnairc sí tobar uisge; agus do imthigh, agus do líon an buidél do nuisge, agus tug deoch don leanamh. 20Agus do bhí Día leis an leanamh; agus do fhás sé, agus do chomhnuigh san bhfásach, agus do bhí na boghadóir. 21Agus do chomhnuigh a bhfásach Pharáin: agus tug a mhathair bean chuige ó chrích na Héigipte. 22Agus tárla fa namsin, gur labhradar Abimelech agus Phichol príomhchaiptín a shlúagh ré Hábraham, ag radh, Ata Día leachtsa sa nuile ní dá ndéun tú. 23Annois ar a nadhbharsin tabhair dhamsa Día do mhionnuibh nach déuna tú bréag riom, ná ré mo mhac, no ré mac mo mhic: ach do réir an chinéil do rinne misi ort, go ndéuna tusa dhamhsa, agus don duthaidh ann ar fhan tú. 24Agus a dubhairt Abraham, Do bhéura mé mo mhionna. 25Agus tug Abraham achmhusan Dabimilech fá thobar uisge, do bhean muinntir Abimilech amach ar éigin. 26Agus a dubhairt Abimelech, Ní fheidir misi cía rinne an ní si: níor innis tusa dhamh, agus ní mó do chúala mé é, achd a niugh. 27Agus do ghlac Abraham cáoirigh, agus daimh, agus tug Dabimelech íad; agus do rinneadar aráon ceangal. 28Agus do chuir Abraham seachd nuain bhoinonna don tréd ar leith leó féin. 29Agus a dubhairt Abimelech ré Habraham, Créud as cíall do na seachd nuanuibh bainonnaso do chuir tú ar leith? 30Agus a dubhairt seision, Oir na seachd nuain bhainonnso géobhuidh tusa as mo láimhse, ionnus go mbeid na bhfiadhnuisi agum, gur thochuil mé an tobarso. 31Uime sin do ghoir sé do nait sin Beerseba; do chionn gurab ann tugadar aráon mionna. 32Mar so do rinneadar cunnradh a Mbeerséba; ann sin do éirigh Abimelech suas, agus Phichol príomhchaiptin a shlúagh, agus do fhilleadar go crích na Bhphílistineach. 33Agus do chuir Abraham fás chrann a Mbeerséba, agus do ghoir ann sin ar anim an TIGHEARNA, an Día biothbhúan. 34Agus do fhan Abraham a ccrích na Bhphilistineach morán do laéthibh.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Genesis 21: Bedell

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល