Na Sailm 36

36
Salm 36.
Dixit injustus.
1Tá mo chroí ag insint dom faoi chiontacht fhear an oilc: nach mbíonn eagla Dé os coinne a shúl.
2Ach é ag cur cluana air féin ina dhearcadh féin: go dtí go mbíonn fhios ag an saol faoina pheaca fhuafar.
3Ní thagann focal fíréanta as a bhéal, ach a lán bréag: chuir sé suas den stuaim agus de na dea‑bhéasa.
4Bíonn cointinn á cumadh aige ina leaba, agus ní maith an tslí a ghabh sé: agus ní fuath leis aon ní dá olcas.
5Ach bíonn do thrócaire, a Thiarna, chomh hard leis na spéartha: agus bíonn do dhílseacht ag sroichint na néalta.
6Bíonn dʼfhíréantacht ag seasamh amach mar na sléibhte láidre: bíonn do bhreithiúnas mar an aibhéis mhór.
7Beidh an duine agus an beithíoch á slánú agat, a Thiarna: ní feabhas go dtí do thrócaire, a Dhia: agus beidh dóchas ag Síol Ádhaimh as scáile do sciathán.
8Tabharfar a sásamh dóibh de ollmhaitheas do thí: agus tú ag tabhairt dʼaoibhneas dóibh lena ól mar abhainn.
9Óir is leat tobar na beatha: agus is i do sholas a fheicfimid an solas.
10Lean de do charthanacht ghrámhar leis an dream a chuir aithne ort: agus de dʼfhíréantacht le lucht an chroí fhír.
11Ná siúladh cos an uabhair faoi mo dhéinse: agus ná leagadh lámh an drochdhuine mé.
12Nach íseal atáid ina luí, lucht gnáthaithe na hurchóide uile: tá siad ar lár, agus ní fhéadfaidh siad seasamh.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Na Sailm 36: OC1965

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល