Na Sailm 35
35
Salm 35.
Judica, Domine.
1Pléigh mo chúis, a Thiarna, leis an dream atá ag cur clampair orm: agus troid in aghaidh na ndaoine atá ag troid liom.
2Beireadh do lámh ar an sciath chosanta: agus éirigh amach do chuidiú liom.
3Tóg an tsleá agus seas sa bhearna roimh lucht mo ghéarleanúna: abair le mʼanam, Is mé do shlánú.
4Cuirtear náire agus aiféala ar an dream ar mhaith leo mʼanam a bheith acu: cuirtear ar gcúl, agus baintear stangadh as an dream a bhfuil olc acu dom.
5Bídís mar an luaith roimh an ngaoth: agus aingeal an Tiarna á scaipeadh.
6Go mba dorcha sleamhain a mbealach: agus aingeal an Tiarna ar a dtóir.
7Óir chuireadar líon romham os íseal le mo scriosadh gan chúis: is gan chúis a rinneadar poll le haghaidh mʼanma.
8Tigeadh scrios tobann formhothaithe air, agus gabhadh a líon féin é, a chuir sé os íseal: ligtear lena olc féin é.
9Ach beidh an Tiarna mar chúis lúcháire dom anamsa: agus a shlánúsan aige mar ábhar áthais.
10Beidh mo cheithre cnámha á rá, A Thiarna, cé is cosúil leat, a shaoras an duine bocht ón té is treise ná é: a shaoras an bocht agus an té atá i mbuaireamh ón té a dhéanas a chreach?
11Dʼéirigh fianaisí bréagacha ina seasamh: chuireadar coirthe i mo leith nárbh fheasach dom.
12Thugadar an t‑olc dom in aghaidh na maitheasa: rud a ghoill go mór ar mʼanam.
13Ach is amlaidh a chuir mé saic‑éadach orm, nuair a bhíodarsan breoite, agus chloígh mé mʼanam le troscadh: agus fillfidh mo ghuí im ucht féin.
14Bhínn dom iompar ionannʼs dá mba chara nó deartháir dom é: bhí mé faoi throm‑ualach bróin, mar an té a chaoineas a mháthair.
15Ach in am mo ghéibhinn bhí lúcháir orthu, agus chruinníodar le chéile: bhí na handaoine féin ag teacht le chéile ar mo chúl, agus ag síorchur cairr orthu féin liom.
16I measc lucht na cluana bhí daoine magúla diana: a bhain díoscarnach as a bhfiacla im éadan.
17A Thiarna, ca fhad a amharcfaidh tú air sin: nach bhfuasclóidh tú mʼanam ón tubaiste a bhfuilid á tarraingt orm, nach saorfadh tú mʼanam dílis ó na leoin?
18Is amhlaidh rachaidh mé á altú duit ar an mórchomhthionól: agus molfaidh mé tú i measc an phobail líonmhair.
19Ná lig don dream a bhíos mar naimhde agam maíomh as bua nár bheannaigh Dia: agus ná lig do na daoine a thug fuath dom gan chúis a súile a chaochadh orm.
20Agus cad chuige? De bhrí nach gcuireann a gcomhluadar an tsíocháin ar aghaidh: ach go gcumann siad bréaga in aghaidh daoine socra na tíre.
21Thugadar aghaidh a gcraois orm, agus dúradar: Mo náire thú, mo náire thú, nach iad ár súile féin a chonaic é?
22Chonaic tusa é, a Thiarna: ná fan mar sin i do thost agus ná himigh uaim, a Thiarna.
23Dúisigh, agus éirigh go dtuga tú breithiúnas ar mo chasaoid: tugadh mo Dhia, agus mo Thiarna mo cheart dom.
24Tabhair breith orm, mo Thiarna Dia, de réir dʼfhíréantachta: agus ná lig dóibh a mbua a mhaíomh orm.
25Ná habraidís ina gcroí, Tá linn, seo mar a thograíomar féin é: ná habraidís ach oiread, Tá sé craos‑slogtha siar againn.
26Go gcuirtear aiféala agus náire orthu i gcuideachta a chéile, ar an dream ar gheal leo mo bhuaireamh: cuirtear achasán agus easonóir ar a mbíonn maíteach im éadan.
27Bíodh lúcháir agus gairdeas ar an drong ar mhaith leo mo ghníomhartha fíréanta: agus bídís á rá i gcónaí, Altú don Tiarna, a dtaitníonn sé leis a sheirbhíseach a bheith go sona.
28Agus beidh mo theanga ag cur síos ar dʼfhíréantacht: agus ag seinm do mholta dá mbʼfhada an lá.
ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖
Na Sailm 35: OC1965
គំនូសចំណាំ
ចែករំលែក
ចម្លង

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965