Na Sailm 34

34
Salm 34.
Benedicam Domino.
1Tabharfaidh mé buíochas leis an Tiarna de shíor: beidh a mholadh i mo bhéal i gcónaí.
2Beidh mʼanam ag maíomh as an Tiarna: cluinfidh an drong uiríseal trácht air, agus beidh lúcháir orthu.
3Molaigí an Tiarna liom: agus móraímis a Ainm le chéile.
4Dʼiarr mé an Tiarna, agus chuala sé mé: agus dʼfhuascail sé mé ó ábhar mʼeagla.
5Ba air a bhí a súil, agus fuaireadar solas: agus níor dhearg an náire a n‑éadain.
6Féach mar ghlaonn an duine bocht, agus mar chluineann an Tiarna é: agus mar shlánaíonn sé é óna gcuireann buaireamh air.
7Bíonn aingeal an Tiarna ag fanacht thart timpeall an dreama a mbíonn a eagla orthu: agus á bhfuascailt.
8Blaisigí, agus féachaigí mórmhaitheas an Tiarna: is beannaithe an té a mbíonn dóchas aige as.
9A naoimh an Tiarna, bíodh eagla oraibh roimhe: óir ní bhíonn aon easpa ar an dream darb eagal é.
10Bíonn easpa agus ocras ar na leoin: ach ní bheidh aon mhaitheas in easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.
11Tagaigí, a chlann, agus tugaigí cluas dom: múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.
12Cá bhfuil an fear a shantaíos fad saoil: ar mhian leis sonas ar a laethanta?
13Coinnigh do theanga ó olc: agus do bheola ó chaint chealgach.
14Seachnaigh an t‑olc, agus cleachtaigh dea‑ghníomhartha: iarr an tsíocháin agus lean di.
15Bíonn súile an Tiarna ar na fíréin: agus a chluasa foscailte dá n‑urnaithe.
16Bíonn gnúis an Tiarna in aghaidh lucht déanta an oilc: lena gcuimhne a scriosadh den talamh.
17Bíonn na fíréin ag glaoch, agus an Tiarna á gcloisteáil: agus á slánú óna gcuireann buaireamh orthu.
18Bíonn an Tiarna i bhfogas lucht an chroí chomhbhrúite: agus slánóidh sé drong na spride uirísle.
19Dá mhéid buaireamh an fhíréin: bíonn an Tiarna á fhuascailt as ar fad.
20Bíonn sé á chumhdach: ar modh nach mbristear cnámh dá chnámha.
21Ach maróidh an tubaiste an drochdhuine: agus beidh lucht fuatha an fhíréin fágtha folamh.
22Fuasclann an Tiarna anamacha a sheirbhíseach: agus ní bheidh easpa ar an dream a chuireas a ndóchas ann.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Na Sailm 34: OC1965

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល