Gníomhartha 2

2
1Nuair a tháinig lá na Cincíse, bhí siad uile go léir i gcuideachta a chéile in áit amháin. 2Agus tháinig fuaim ó neamh mar shéideán gaoithe móire, agus bhí an teach a raibh siad ina suí ann lán de ghlór na gaoithe. 3Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ann, agus iad á ndealú ó chéile agus ag tuirlingt ar an uile dhuine acu. 4Agus líonadh den Spiorad Naomh iad uile go léir, gur thosaigh ar labhairt i dteangacha éagsúla, mar a thug an Spiorad urlabhra dóibh.
5Anois bhí Giúdaigh ina gcónaí in Iarúsailéim, lucht crábhaidh as gach cine dá bhfuil faoi spéartha neimhe. 6Agus chruinnigh an slua leis an bhfuaim sin, agus bhí mearbhall orthu, mar chuala gach duine acu iad ag labhairt ina theanga dhúchais. 7Agus bhí iontas agus alltacht orthu, agus dúirt siad, “Nach Galailéigh na fir seo uile atá ag caint? 8Agus conas a chluineann gach duine againn a theanga dhúchais féin? 9Idir Phartaigh agus Mhédaigh agus Elamítigh agus lucht áitrithe Mhesopotamia, agus daoine as Iúdaea agus Cappadócia, Pontas agus an Áise, 10Phrigia agus Pamfilia, as tír na hÉigipte agus na codanna seo de Libia is le Círéné, agus cuairteoirí ón Róimh, idir Ghiúdaigh agus phroselítigh, 11Chretigh agus Arabaigh, cluinimid uile go léir iad ag insint inár dteangacha féin faoi mhórfhearta Dé.” 12Agus bhí iontas agus alltacht orthu uile, agus iad ag fiafraí dá chéile, “Cad é is ciall dó seo?” 13Ach dúirt cuid eile de na daoine go magúil, “Tá siad i ndiaidh iad féin a líonadh dʼfhíon úr.”
14Ach sheas Peadar amach, é féin agus an t‑aon duine dhéag leis, agus labhair sé leo i nglór ard, “A fheara Iúdaea agus a lucht áitrithe Iarúsailéim uile, tugaim seo le fios daoibh, agus tugaigí éisteacht do mo bhriathra. 15Mar níl na fir seo ar meisce, mar a shíleann sibh, ó nach bhfuil ann ach an tríú huair den lá; 16ach is é seo an ní ar labhair an fáidh Ióel air:
17‘Nochtann Dia a dtarlóidh i laethanta deiridh an domhain,
go ndoirtfidh mé mo Spiorad ar an Ádhamhchlann uile,
agus beidh bhur gclann mhac agus iníonacha ag déanamh fáistine,
agus beidh aislingí le feiceáil ag bhur bhfir óga,
agus brionglóidi ag bhur seandaoine;
18beidh, agus beidh mise ag doirteadh mo Spioraid
ar mo mhoghaí agus ar mo chumhla sna laethanta úd;
agus déanfaidh siad fáidheadóireacht.
19Agus taispeánfaidh mé na hiontais i spéartha neimhe
agus na comharthaí ar an talamh thíos,
fuil, agus tine, agus néalta deataigh;
20déanfar dorchadas den ghrian
agus fuil den ghealach,
roimh theacht lá an Tiarna,
an lá mór lán soiléir.
21Agus is amhlaidh a shlánófar gach uile dhuine dá
nglaonn ar an Tiarna ina ainm.’
22“A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo uaim: ba dhuine dearscnaithe é Íosa as Nasair, mar thaispeáin Dia tríd na mórfhearta agus na hiontais agus na comharthaí a dʼoibrigh Dia tríd in bhur measc, mar atá fhios agaibh féin— 23agus ghlac sibh an tÍosa sin de réir an rúin dhiongbháilte agus an réamheolais a bhí ag Dia, agus chéas sibh agus dʼimir sibh bás air le lámha nár ghéill don dlí. 24Ach is amhlaidh a thóg Dia é, agus scaoil sé arraingeacha an bháis, ó nárbh fhéidir don bhás greim a choinneáil air. 25Mar is é a deir Dáibhí ina thaobh,
‘Chonaic mé an Tiarna os mo choinne go síor,
mar bíonn sé agam ar thaobh mo láimhe deise ionas nach gcorrófar mé;
26mar sin bhí áthas ar mo chroí agus lúcháir i mo theanga;
agus beidh dóchas ag mo cholainn ag dul i luí.
27Mar ní fhágfaidh tú mʼanam i Háidéas,
agus ní ligfidh tú do do Naomhsa truailliú a fheiceáil.
28Thaispeáin tú cosáin na beatha dom;
líonfaidh tú le háthas mé le bheith i do láthair.’
29“A bhráithre, féadtar a rá i dtaobh an uasalathar Dáibhí gur scéal cinnte é go bhfuair sé bás agus gur adhlacadh é, agus go bhfuil a thuama againn go dtí an lá inniu. 30Ach bhí sé ina fháidh eolais, agus bhí a dhea-fhios aige go raibh mionnaithe ag Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ina shuí ar a ríchathaoir, 31agus chonaic sé aiséirí Chríost roimh ré agus is air a labhair sé, á rá nár fágadh i Háidéas é, agus nach bhfaca a cholainn an truailliú. 32Tá an tÍosa sin tógtha ó mhairbh ag Dia, agus táimid uile inár bhfinnéithe air. 33Ardaíodh mar sin é go láimh dheas Dé, agus ghlac sé ón Athair an Spiorad Naomh a bhí geallta aige, agus is é a dhoirt anuas a bhfuil le cluinstin agus le feiceáil agaibhse. 34Mar ní dheachaigh Dáibhí é féin in airde go neamh ach deir sé féin faoi,
‘Is é a dúirt an Tiarna le mo Thiarnasa, Suigh ar mo láimh dheas,
35go gcuire mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’
36Bíodh fios cinnte ag teaghlach uile Iosrael go bhfuil Críost agus Tiarna déanta ag Dia den Íosa sin a rinne sibh a chéasadh.”
37Anois nuair a chuala siad sin, chuaigh an arraing trína gcroíthe, gur fhiafraigh siad de Pheadar agus den chuid eile de na haspail, “A bhráithre, cad é is cóir dúinn a dhéanamh?” 38Agus is é a dúirt Peadar leo, “Déanadh gach duine agaibh aithrí, agus glacadh sé le baisteadh in ainm Íosa Críost le haghaidh mhaithiúnas bhur bpeacaí; agus gheobhaidh sibh tíolacadh an Spioraid Naoimh. 39Mar is daoibhse a gealladh é agus do bhur gclann agus dá bhfuil i bhfad i gcéin, don uile dhuine a ghlaonn ár dTiarna Dia chuige.” 40Agus is iomaí briathar eile a labhair sé, ag tabhairt fianaise agus á ngríosú, agus dúirt sé, “Tagaigí slán amach as an nglúin seo na caime.” 41Baisteadh mar sin an méid acu a ghlac lena bhriathar, agus cuireadh faoi thrí mhíle anam sa bhreis leo an lá céanna. 42Agus chloígh siad go dúthrachtach le teagasc agus le cumann na n‑aspal, agus le briseadh an aráin agus leis na paidreacha.
43Agus thit eagla ar gach uile anam; agus is iomaí iontas agus comhartha a oibríodh trí lámha na n‑aspal. 44Agus bhí lucht an chreidimh in aontíos agus i gcomhsheilbh le chéile; 45agus dhíolaidís a maoin agus a maitheas saolta agus roinnidís le gach duine iad, de réir mar a bhí riachtanas air. 46Agus bhídis ó lá go chéile ag taithí theampall Dé i gcuideachta a chéile agus ag briseadh aráin sa bhaile, agus ag blaiseadh a mbia le lúcháir agus le féile chroí, 47ag tabhairt moladh do Dhia, agus ag fáil ghnaoi na ndaoine uile. Agus bhí an Tiarna ó lá go lá ag cur leo as an méid a raibh an slánú geallta dóibh.

Currently Selected:

Gníomhartha 2: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in