Eóin 3
3
Caibidil III
Feiḋm na haiṫ-ġineaṁna, 14 agus ḃáis Ċriosd, 16 le bríḋ an tsoisgeil gu haṫċumair.
1Aċd do ḃí duine áiriġe do na Ṗairisíneaċuiḃ, dar ḃainm Nicodémus, dúaċdaránuiḃ na Niúdaiġeaḋ: 2Taínig sé so ċum Iósa ann sa noiḋċe, agus a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, atá a ḟios aguinn gur ab ó Ḋía ṫáinig tusa ad ḟear teagaisg: oír ní heidir lé héinneaċ na coṁarṫuiḋe so do ní tusa do ḋéunaṁ, muna mbeiṫ Día maílle rís. 3Do ḟreaguir Iósa agus a duḃairt sé ris, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Muna ġeintear duine a rís, naċ éidir leis rioġaċd Dé dfaicsin.
4A duḃairt Nicodémus ris, Cionnas as eídir lé duine atá arsaiḋ a ġeineaṁuin? An éidi leis dul a sdeaċ a mbroinn a ṁaṫar an dara húair, agus a aiṫḃreiṫ? 5Do ḟreagair Iósa, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Muna raiḃ neaċ ar na ġeineaṁuin ó uisge agus on Spioruid, ní heidir leis dul a sdeaċ a rioġaċd Dé. 6An ní atá ar na ġeineaṁuin on ḃfeoil as feoil é; agus an ni ata ar na ġeineaṁuin on Spiorid is spiorad é. 7Ná bióḋ ionġaḋ agad go nduḃairt misi riot, Gur ab éigean dáoiḃ ḃur ngeineaṁuin a rís. 8Séidiġ an ġáoṫ mar as áill lé, agus do ċluin tú a torann, aċd ní ḃfuil a ḟios agad créud as a dtig sé, nó caít dtéid sé: is mar sin atá gaċ neaċ atá ar na ġeineaṁuin ón Spioruid.
9Do ḟreaguir Nicodémus, agus a duḃairt sé ris, Cionnas as eidir na neiṫese do ḃeiṫ? 10Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, An ḃfuil tusa ad ṁáiġisdir a Nisraél, agus gan a ḃfios so agad? 11Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Go laḃramáoid an ní as fios dúinn, agus go mbeirmíd fíaḋnuisi ar an ní do ċuancamar; aċd ní ġaḃṫáoisi ar ḃfíaḋnuisi. 12Má duḃairt mé neiṫer talṁuiḋe riḃ, agus naċ ccreidṫí, cionnas ċreidfiḋe, dá nabra mé neiṫer neaṁḋa riḃ? 13Oír ní ḋeaċuiḋ éainneaċ suás ar neaṁ, aċd an té do ṫuirrling ó neaṁ, Mac an duine atá ar neaṁ. 14Agus mar do árduiġ Máoisi a naṫair neiṁe ar an ḃfásaċ, as mar sin as éigean Mac an duine dárduġaḋ: 15Ionnus giḋ bé ċreidfeaḋ ann naċ raċaḋ sé a muġa, aċd go mbeiṫ an ḃeṫa ṡiórruiḋe aige. 16Oír is mar so do ġráḋuiġ Día an doṁan, go dtug sé a éiġein Meic fein, ionnus giḋ bé ċreideas ann, naċd raċaḋ sé a muġa, aċd go mbeiṫ an ḃeaṫa ṡiorruiḋe aige. 17Oír níor ċuir Día a Ṁac féin air a tsáoġal do ċum go ndaimnéoċaḋ sé an sáoġal; aċd do ċum go sláinéoċaiḋ an sáoġal ṫird. 18An té ċreideas ann ni damantar é: aċd an té naċ ccreideann ata sé ar ḋaṁnuġaḋ ċeana, tré nar ċréideann atá sé ar ḋaṁnuġaḋ ċeana, tré nar ċréid sé a nainm áoinġeine Ṁic Dé. 19Agus as é so an daṁnuġaḋ, do ḃriġ go dtáinig an solus air a tsáoġal, agus gur mó ġráḋuiġeadar na dáoine an dorċadas ná an solus, ar son go ḃfuilid a noibreaċa go holc. 20Oír giḋ bé do ní olc, fúaṫaiġiḋ sé an solus, agus ní ṫig sé ċum an tsolais, deagla go ndiomolfuiḋe a oibreaċa. 21Aċd giḋ bé do ní an ḟirínne ṫig sé ċum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreaċa follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunaṁ.
22Táinig Iósa agus a ḋeisciobail na ḋiaiġ sin go tír Iúdaiġe; agus do ċoṁnuiġ sé ann sin maille riú, agus do ḃaisd sé. 23Agus fós do ḃaisd Eóin mar an gcéadna ag Aénon láiṁ ré Sálim, óir do ḃi iomad uisge ann sin: agus tangadar, agus do baisdeaḋ iád. 24Oír níor teilgeaḋ Eóin a bpríosun fós.
25Uime sin do éiriġ ceisd eidir cuid do ḋeisciobluiḃ Eóin agus na Iúdaiḋe a dtimċeall an ġlanta. 26Agus tangadar ċum Eoin, agus a duḃradar ris, A ṁaiġisdir, an té do ḃí ad ḟoċair ar an dtáoiḃ ṫall do Iordán, dá ndearna tú fíaḋnuisi, féuċ, baisdiġ sé, agus tigid na huile ḋaoine ċuige.
27Do ḟreagair Eóin agus a duḃairt sé, Ní héidir lé duine éinní ġlacaḋ, muna raiḃ sé ar na ṫaḃairt dó ó neaṁ. 28A taṫáoisi féin ḃur ḃfíaḋnuisi agamsa, go nduḃairt mé, Ní misi Criosd, aċd gur cuireaḋ roiṁe. 29An té aga ḃfuil an ḃean núaṗósda as é an fear núaṗosda é: aċd cara an ḟir núaṗósda, noċ ṡeasas agus éisdeas ris, gaḃuiḋ gairdeaċus mór é tré ġuṫ an ḟir núaṗósda: ar a naḋḃarsin atá mó ġáirdeaċusa ar na ċoiṁliónaḋ. 30As éigean dosan breisaḋ, agus daṁsa laġduġaḋ. 31An té ṫig a nuás atá sé ós cionn ċáiċ uile: an té atá ón talaṁ atá sé talṁuiḋe, agus laḃraiḋ sé neiṫer talṁuiġe: an té ṫig ó neaṁ, atá sé ós cionn ċáiċ uile 32Agus an ní do ċunnairc agus do ċúalaiḋ sé, do ní sé so dfiaḋnuise; aċd ní ġlacan áonduine a ḟíadnuisi. 33An té ġlacus a ḟíaḋnuisisean do ċoṁarṫuiġ sé go ḃfuil Día fírinneaċ. 34Oír an té do ċuir Día uáḋ laḃraiḋ sé bríaṫra Dé: oír ní do réir ṁiosuir ḃeir Día an Spiorad dó. 35Atá gráḋ ag an Aṫair do Ṁac, agus tug sé na huile neiṫe iona láiṁ. 36An té ċreideas ann sa Ṁac atá an ḃeaṫa ṁarṫanaċ aige: aċd an té ḃiós easuṁal don Ṁac, ní ḟaicfe sé an ḃeaṫa; aċd coṁnuiġiḋ fearg Dé air.
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.