Eóin 2
2
Caibidil II
An céud ṁirḃuile ag banais Ċana, 14 agus céud-ġlanaḋ an Teampuill, re Hiosa, 23 naċ taóḃaḋ e fein re daoiniḃ diombúan a gcreidiṁ.
1Agus an treas lá do rinneaḋ pósaḋ ag Cána na Galilé; agus do ḃí máṫair Iósa ann: 2Agus do goireaḋ Iósa fós agus a ḋeisciobail, ċum an ṗósda, 3Agus an tan do ṫréig fíon, a duḃairt máṫair Iósa ris, Ní ḃfuil fíon aca. 4A duḃair Iósa ría, Créud é sin daṁsa na ḋuitse, a ḃean? Ni ṫáinic múairse fós. 5A duḃairt a ṁáṫair ris an luċd frioṫóilṁe, Giḋ bé ní déara sé riḃ, déunaiġ é. 6Agus do ḃádar sé soiṫiġe cloiċe ar na gcur ann sin, do réir ġnáṫaiġe ġlanta na Níudaiġeaḋ, ḋá ḟeircín nó a trí do ġlacaḋ gaċ áon aca. 7A duḃairt Iósa riú, Liónaiḋ na soiṫiġe so duisge. Agus do líonadar iád go soiṫe mbrúaċaiḃ. 8Agus a duḃairt sé riu, Tairrngiḋ a nois, agus beiriḋ ċum úaċdaraín an ḟéusda é. Agus rugadar. 9Agus mar do ḃlais úaċdarán an ḟéusda an tuisge do ḃí déunta na ḟíon, (agus ní raiḃ a ḟios aige créd as a dtáinic sé: aċd do ḃi a ḟios ag an luċd frioṫóilṁe do ṫarraing an tuisge;) do ġoir úaċdarán an ḟéusda an fear núaṗósda ċuige, 10Agus a duḃairt sé ris, Cuiriḋ gaċ uile ḋuine an fíon maiṫ amaċ ar tús, agus an tan iḃid dáoine a sáiṫ, ann sin an fíon as measa: aċd do ċoiṁéud tusa an fíon maiṫ gus a nois. 11As é so tosaċ míorḃuile do rinne Iósa a Gcána na Galilé, agus dfoillsiġ sé a ġloír féin; agus do ċreideadar a ḋeisciobail ann.
12Na ḋíaiġ sin dó ċúaiḋ sé síos go Capernáum, é féin, agus a ṁáṫair, agus a ḋearḃráiṫreaċa, agus a ḋeisciobail: aċd níor ḟanadar ann mórán do laéṫiḃ:
13Oír do ḃí cáisg na Niúdaiġeaḋ a ḃfogus, Agus do ċúaiḋ Iósa súas go Hierusalém. 14Agus fuáir sé ann sa teampall luċd reacṫa daṁ agus cáoráċ agus colum, agus luċd malarta an airgid na suiḋe: 15Agus ar ndéunaṁ sgíursa ḋó do ċórduiġiḃ caola, do ċuir sé amaċ as a teampoll iád uile, maillé ré na gcáorċaiḃ, agus ré na ndaṁuiḃ; agus do ḋóirt sé amaċ ionnṁus luċd an airgid, agus do leag sé a mbuird air lár. 16Agus a duḃairt sé ré luċd reacṫa an gcolam, Tóguiḋ iád sin as so, ná déunuiḋ tiġ Máṫarsa na ṫiġ ceannuiġeaċda. 17Agus do ċuiṁniġeadar a ḋeisciobailsean go raiḃ sgrioḃṫa, Duáiḋ éud do ṫiġesi súas mé.
18Ar a naḋḃarsin do ḟreagradar na Iúdaiḋe, agus a duḃradar ris, Créd é an coṁarṫa ṫaisbéanas tú ḋúinn, fá ndéunann tú na neíṫesi? 19Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé riú, Leagaiḋ síos an teampoll so, agus tóigéuḃuiḋ misi é a dtrí láeṫiḃ. 20Ar a naḋḃarsin a duḃradar na Iuduiḋe, Sé bliaḋna agus dá ḟiċead do ḃí an teampall so ḋá ḋéunaṁ, agus an dtoigéuḃa tusa a dtrí láeṫiḃ é? 21Aċd is air ṫeampoll a ċuirp féin do laḃair seision. 22Ar a naḋḃarsin an tan do éiriġ sé ó ṁarḃaiḃ, do ċuiṁniġeadar a ḋeisciobail go nduḃairt sé so ríu; agus do ċreideadar don sgriobtuir, agus do ḃréiṫir a duḃairt Iósa.
23Agus ar mbeíṫ a Niérusalém ḋó fá ċáisg, lá an ḟéusda, do ċreideadar mórán an ainmsean, ag faicsin na gcoṁarṫaḋ do rinne sé. 24Aċd ní ṫáoḃaḋ Iósa é féin riú, tré gur aiṫin sé iád uile, 25Agus tré naċ raínig sé a leas neaċ ar biṫ do ḋéunaṁ fiáḋnuisi air ḋuine: oír do ḃí a ḟios aige féin créd do ḃí ann sa duine.
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.