Salm 20
20
Urnaí ar son an Rí
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
2 Go n‑éiste an Tiarna leat lá an bhuairimh:
go gcumhdaí ainm Dia Iacób thú!
3 Go gcuire sé cúnamh chugat ón sanctóir
agus go dtuga sé taca duit as Síón.
4 Go mba cuimhin leis dʼofrálacha go léir:
go mba taitneamhach leis dʼíobairtí uile-loiscthe.
5 Go dtuga sé mianta do chroí duit,
go gcomhlíona sé do bhearta go léir.
6 Go ndéanaimid lúcháir as ucht do bhua,
agus gairdeas in ainm ár nDé.
Go ndeonaí an Tiarna dʼachainíocha go léir duit.
7 Is deimhin liom anois go bhfuil an bua
tugtha ag an Tiarna dá ungthach;
go bhfreagróidh sé óna fhlaitheas naofa
le gníomhartha is le cumhacht a dheasláimhe.
8 Bíonn dóchas droinge i gcarbaid
agus dóchas droinge eile in eachra;
cuirimidne, áfach, ár ndóchas
in ainm an Tiarna, ár nDia.
9 Treascrófar iad siúd agus titfidh siad;
seasfaimidne an fód go daingean.
10 Tabhair an bua don rí, a Thiarna,
agus éist linn nuair a ghlaoimid ort.
Nke Ahọpụtara Ugbu A:
Salm 20: ABN2012
Mee ka ọ bụrụ isi
Kesaa
Mapịa

Ịchọrọ ka echekwaara gị ihe ndị gasị ị mere ka ha pụta ìhè ná ngwaọrụ gị niile? Debanye aha gị ma ọ bụ mee mbanye
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.