Psalm 7

7
VII Psalm.
1Sán Tiġearna Dia ta mo ḋóiġ,
Orm fortuiġ agus fóir,
A’s sáor me fós ó ġérleanṁuin,
Ta dluiṫ mo ḋiaiġ ’san tóir.
2Air eagla, mar ġniḋ leóṁan tréun,
Go sgriosfuiḋe m’anam leis:
Go stróicfiḋ me a mbloḋuiḃ mion,
Gan neaċ le m’fuasclaḋ as.
3Iehoḃa Ḋé, ma rinneas so;
Má ta loċt air mo láiṁ:
4Ma ḋ’íocas olc don te do ḃí,
A síoṫċain leam ’sa ndáiṁ;
Ni haṁluiḋe sin, aċ rinn me an tí,
A ṫeasairgion go blaiṫ,
Do ḃi gan aḋḃar a’s gan ċúis,
Na naṁuid ḋaṁ gaċ lá.
5Leanaḋ mo naṁuid m’anam féin,
’Sglacaḋ se é, ’sgo lár;
Saltraḋ mo ḃeaṫa, leagaḋ fós,
M’onoír sios le táir.
6Éirgiḋ, ann d’feirg, tóg suas ṫu féin,
Fa ċorruiḋe m’eascar’ ṫréin;
A’s ċum na breiṫe d’orduiġ tu,
Musguil fam ċúis, a Ḋé.
7Marsin ċoiṁṫionoluid na slóiġ,
Ad ċuairtiuġaḋ gan ċáird;
Is uime sin fa’n ccúis a Ḋé
Fill féin ċum d’ionuid áird.
8Breiṫ air an bpobál ḃéarfaḋ Dia:
’Réir m’ionracais déan breiṫ,
’Réir m’fíréuntaċt féin, a Ḋé,
Go teann seas air mo leiṫ.
9O críoċnuiġ olc na ndáoineaḋ ndáoi,
Aċt daingniḋ dáoine cóir:
’S fear sgruduiġ croiḋe a’s ransuiġeóir,
Dia coṁṫromaċ na nglóir.
10’Se Dia mo sgiaṫ, ’s furtoċuiḋe se
Do ṁuintir an ċroiḋe ċeirt.
11’Sbiaiḋ go cinte air feaḋ gaċ la
A ḃfeirg le luċt droiċḃeirt,
12Muna ḃfillfiġ an dáoi air ais,
A ċloiḋeaṁ lioṁfuiġ Dia.
Do lúb se ḃoġa go ro ṫeann,
Dollṁuiġ se é go dian.
13Fíor‐urnuis agus innil ḃáis,
Do ḋeasuiġ se ḋó féin;
Soiġeada rinneaġ léig se amaċ
A naġuiḋ luċt ndroiċ‐ṁéin.
14Mar ṁna le sáoṫar ’s aṁluiḋe sin,
An dáoiḋ, le holc ata;
An taiṁleas se buḋ toirrċios dó,
Bréuga rug se gan stá.
15Ṫoċuilse a’s do rinne clais,
Ṫuit féin san díg do rinn:
16Ṫuit aiṁleas air a ċloigean féin,
A’s urċoid air a ċinn.
17Do réir ḟírine molfaḋ me,
An Tiġearna gaċ am:
Do ainm Iehoḃa sinnfiġ me,
Oir sé is áirde ann.

Chwazi Kounye ya:

Psalm 7: PSA1836G

Pati Souliye

Pataje

Kopye

None

Ou vle gen souliye ou yo sere sou tout aparèy ou yo? Enskri oswa konekte