Psalm 6

6
VI Psalm.
1’Ṫiġearna an do ċorruiḋe ṁór,
Na Himḋearg me go garg,
Na déan mo smaċtuġaḋ go géur,
A nuair a lasas d’fearg.
2Déan trócaire orm, ’Ḋia na ngrás,
Oir lag ataim gan ċeart;
’Ḋia, slánuiġ me anois am’ ḟeiḋm
O taid mo ċnáṁa gan neart.
3Ta m’anam air na ċráḋ go géur:
Aċt ṫusa ’Ḋia cia fad?
4Fill, fuasguil m’anam; agus fóir
Le trócaire orm go grad.
5Oir ortsá, ’Ṫiġearna ċoiḋċe,
Ni cuiṁniġṫear san mbás:
Cia ḃeir buiḋeaċus annsa nuaiġ,
No luaiḋios ort go bráċ?
6Lem’ ċneaduiḃ taim lag ’sa noiḋċe’
’Cur mo leapṫa air snáṁ:
Le deóruiḃ frasa fliuċaim m’aḋairt,
’San am air ċóir ḋaṁ táṁ.
7Ṁeaṫ mo raḋarc le buaiḋreaḋ ṁór,
Do ḃriġ mo ḃróin gaċ tráṫ;
A’s ta me dul ann áois, arson
M’uile naṁuid’, do ġnáṫ.
8A luċt na haingiḋeaċt go léir,
Imṫiġ’se uaim air fad:
Oir ċualuiġ Dia go trócaireaċ,
Ard ġuṫ mo ċáoiḋ gan stad.
9An aṫċuinge a ċuir me suas,
Do ċualuiġ Dia an glór;
A’s ġaiḃse fós go fonṁar uaim
An urnuiḋe rinneas cóir.
10Air mo naṁ’diḃ go raiḃ air fad,
Náire a’s buaiḋreaḋ ġéur,
Fillidís air anais go luaṫ,
Le maslaḋ mór go léir.

Chwazi Kounye ya:

Psalm 6: PSA1836G

Pati Souliye

Pataje

Kopye

None

Ou vle gen souliye ou yo sere sou tout aparèy ou yo? Enskri oswa konekte