YouVersion logo
Ikona pretraživanja

Lúcas 4

4
Caibidil IV
Troscaḋ agus caṫuiġṫe Ċríost. Cuirtear géirleanaṁaint air i Nasair. Ġní sé míorḃailte i gCaṗarnaum.
1Agus ṗill Íosa ó’n Iordáin, agus é lán de’n Spiorad Naoṁ, agus ṫreoruiġ an Spiorad isteaċ san ḟásaċ é,#Mait. 4, 1; Marc. 1, 12.
2Ar feaḋ ḋá ḟiċid lá, agus ċuir an diaḃal caṫuġaḋ air. Agus níor iṫ sé dadaṁ ins na laeṫe sin, agus nuair a ḃí siad caiṫte, ḃí ocras air.
3Agus duḃairt an diaḃal leis: Má’s Mac Dé ṫú, abair leis an ċloiċ seo a ḃeiṫ ina h-arán.
4Agus d’ḟreagair Íosa é: Tá sé scríoḃṫa:#Deut. 8, 3; Mait. 4, 4. Ní ar arán aṁáin a ṁaireas an duine, aċt ar an uile ḃriaṫar Dé.
5Agus ṫreoruiġ an diaḃal é go sliaḃ an-árd, agus ṫaisbeán sé ríoġaċtaí an doṁain go h-uile dó i mbomaite ama,
6Agus duḃairt sé leis: Ḃéarfaiḋ mé an ċuṁaċt seo uilig duit, agus a nglóir, óir tugaḋ daṁ-sa iad, agus ḃeirim iad do mo roġa duine.
7Ar an aḋḃar sin, má ġní tú aḋraḋ ós mo ċóṁair, is leat iad go léir.
8Agus duḃairt Íosa leis, ġá ḟreagairt: Tá sé scríoḃṫa:#Deut. 6, 13, agus 10, 20. Ḃéarfaiḋ tú aḋraḋ do’n Tiġearna, do Ḋia, agus is dó-san aṁáin a ḋéanfas tú seirḃís.
9Agus ṫug sé go h-Ierusalem é, agus ċuir sé ar ḃeinn an teampaill é, agus duḃairt leis: Má’s Mac Dé ṫú, teilg ṫú féin síos as seo.
10Óir tá sé scríoḃṫa:#Sailm 90, 11. Go dtug sé órduġaḋ dá ċuid aingeal i do ṫaoiḃ, ċun tú ċosaint,
11Agus tógfaiḋ siad ina láṁa ṫú, ar eagla go mbuailṫeá do ċos i n-éadan cloiċe.
12Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Tá sé ráiḋte#Deut. 6, 16.: Ní ċuirfiḋ tú féaċáil ar an Tiġearna, do Ḋia.
13Agus nuair a ḃí na caṫuiġṫe go léir críoċnuiġṫe, d’ḟág an diaḃal é ar feaḋ tamaill.
14Agus ṗill#Mait. 4, 12; Marc. 1, 14. Íosa i gcuṁaċt an Spioraid ċun na Gailile, agus ċuaiḋ iomráḋ air amaċ fríd an ċeanntar go léir.
15Agus ḃí sé ag taḃairt teagaisc ina sineagóga, agus gaċ aoinneaċ ġá ṁolaḋ.
16Agus ṫáinic sé go Nasair#Mait. 13, 54; Marc. 6, 1; Eoin 4, 45. mar ar tógaḋ é, agus ċuaiḋ sé isteaċ san tsineagóig lá na sabóide, mar ba ġnáṫaċ leis, agus d’éiriġ sé ina ṡeasaṁ le léiġṫeoireaċt a ḋéanaṁ.
17Agus tugaḋ dó leaḃar Isaiais, fáiḋ. Agus nuair a d’ḟoscail sé an leaḃar, fuair sé an áit ina raiḃ scríoḃṫa:
18Tá Spiorad an Tiġearna orm,#Isaias 61, 1. agus dá ḃríġ sin rinne sé mé d’ungaḋ, agus ċuir sé mé ċun an soiscéal a ṡeanmóir do na boċta, luċt an ċroiḋe ḃrúiġte a leiġeas,
19Fuasclaḋ a ḟuagairt do ṗríosúnaiġ, agus aṁarc do na daill, na daoine cráiḋte a ṡaoraḋ, bliaḋain ḟaḃair an Tiġearna agus lá an tuarasṫail d’ḟuagairt.
20Agus nuair a ḋruid sé an leaḃar, ṫug sé ṫar ais do’n ḟreastalaiḋe é, agus ṡuiḋ sé síos. Agus ḃí súla a raiḃ san tsineagóig sáiṫte ann.
21Agus ṫoisiġ sé a ráḋ leo: Indiu tá an scrioptúir seo ar a ċóiṁlíonaḋ i ḃur gcluasa.
22Agus rinne siad uilig fiaḋnaise leis, agus b’iongnaḋ leo na briaṫra grásaṁla a ṫigeaḋ as a ḃéal, agus deireaḋ siad: Naċ é seo mac Ióseṗ?
23Agus duḃairt sé leo: Gan aṁras déarfaiḋ siḃ an sean-ḟocal seo liom: A liaiġ, leiġeas ṫú féin; neiṫe cóṁ mór agus ċualamar a rinneaḋ i gCaṗarnaum, déan iad fosta annseo i do ḋúṫaiġ féin.
24Agus duḃairt sé: Amén adeirim liḃ, ní ġlactar le fáiḋ ar biṫ ina ḋúṫaiġ féin.
25Deirim liḃ go fírinneaċ go raiḃ mórán baintreaḃaċ i n-Israél le linn Elíais,#3 Ríġ. 17, 9. nuair a ḃí an spéar druidṫe trí bliaḋna agus sé ṁí, agus gorta ṁór ar fuḋ na tíre go léir:
26Agus níor cuireaḋ Elías ċuig aoinneaċ acu, aċt ċuig baintreaḃaiġ mná i Sarepta na Sídoine.
27Agus ḃí mórán loḃar#4 Ríġ. 5, 14. i n-Israél le linn Eliséuis, fáiḋ, agus níor glanaḋ aoinneaċ acu aċt Naaman, an Síreaċ.
28Agus ḃí fearg ar á raiḃ san tsineagóig nuair a ċuala siad na neiṫe sin.
29Agus d’éiriġ siad gur teilg siad amaċ as an ċaṫair é, agus ṫug siad leo é go bárr an tsléiḃe ar a raiḃ a gcaṫair suiḋte, ċun é ċaiṫeaṁ síos ar ṁullaċ a ċinn.
30Aċt ġluais seisean leis fríoṫa agus d’imṫiġ sé.
31Agus ċuaiḋ sé síos go Caṗarnaum,#Mait. 4, 13; Marc. 1, 21. caṫair san Ġailile, agus ḃíoḋ sé ġá dteagasc annsin ar na sabóidí.
32Agus ḃí uaṫḃás orṫa fá n-a, teagasc,#Mait. 7, 28. óir ḃí cuṁaċt ag dul le n-a ċainnt.
33Agus ḃí san tsineagóig duine ina raiḃ deaṁan neaṁġlan,#Marc. 1, 23. agus scairt sé de ġuṫ árd,
34Ag ráḋ: leig dúinn, cad é an ḃaint atá againne agus agat-sa le ċéile, a Íosa as Nasair? An dár milleaḋ a ṫáinic tú? Tá a ḟios agam cé h-é ṫú, Neaċ Naoṁṫa Dé.
35Agus ḃagair Íosa air, ag ráḋ: Bí do ṫost, agus gaċ amaċ as. Agus nuair a ċaiṫ an deaṁan i lár báire é, d’imṫiġ sé amaċ as, gan díoġḃáil ar biṫ a ḋéanaṁ dó.
36Agus ṫáinic criṫ-eagla orṫa go léir, agus ḃíoḋ siad ag cóṁráḋ le n-a ċéile, ag ráḋ: Cad é seo mar ḃriaṫar, óir ḃeir sé órduġaḋ do na spioraid neaṁġlana le cuṁaċt agus neart, agus téiġeann siad amaċ?
37Agus leaṫnuiġ a ċliú go gaċ ball de’n ċeanntar.
38Agus d’éiriġ Íosa ó’n tsineagóig agus ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Síomoin. Agus ḃí máṫair ċéile Síomoin gaiḃte leis an ḟiaḃras ṁór,#Mait. 8, 14; Marc. 1, 31. agus ġuiḋ siad é ar a son.
39Agus ina ṡeasaṁ dó ós a cionn, smaċt sé an fiaḃras, agus ċuir sé ar ṡiuḃal é. Agus ar an ḃomaite d’éiriġ sise agus rinne sí freastal orṫa.
40Agus indiaiḋ luiġe na gréine an méid a raiḃ daoine acu a ḃí tinn le galair de’n uile ṡeort, ṫug siad ċuige iad. Agus ag cur a láṁ dó-san ar gaċ aoinneaċ acu leiġeas sé iad.
41Agus d’imṫiġeaḋ deaṁain#Marc. 1, 34. amaċ as mórán agus iad ag scairtiġ agus ag ráḋ: Is tú Mac Dé; agus ḃagraḋ sé orṫa agus ní leigeaḋ sé dóiḃ laḃairt, óir ḃí a ḟios acu ġurḃ eisean an Críost.
42Agus ag dul amaċ dó, nuair a ḃí sé ina lá, ċuaiḋ sé go h-áit uaigniġ, agus ḃí na sluaiġte ġá ċuartuġaḋ, agus ṫáinic siad ḟad leis, agus ḃí siad ġá ċongḃáil, ar eagla go n-imṫiġeaḋ sé uaṫa.
43Aċt duḃairt seisean leo: Is éigean daṁ ríoġaċt Dé a ċraoḃscaoileaḋ ins na caṫraċa eile fosta, óir is fá n-a ċoinne sin a cuireaḋ mé.
44Agus ḃí sé ag seanmóir i sineagóga na Gailile.

Trenutno odabrano:

Lúcas 4: ASN1943G

Istaknuto

Podijeli

Kopiraj

None

Želiš li svoje istaknute stihove spremiti na sve svoje uređaje? Prijavi se ili registriraj

Videozapis za Lúcas 4