1
Eoin 14:27
An Bíobla Naofa 1981
Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.
Usporedi
Istraži Eoin 14:27
2
Eoin 14:6
Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.
Istraži Eoin 14:6
3
Eoin 14:1
Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí: creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.
Istraži Eoin 14:1
4
Eoin 14:26
ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i m'ainmse, múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.
Istraži Eoin 14:26
5
Eoin 14:21
An té a bhfuil m'aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m'Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”
Istraži Eoin 14:21
6
Eoin 14:16-17
Agus iarrfaidh mé ar m'Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh chun fanacht faraibh go deo - Spiorad na Fírinne, nach féidir don saol a ghlacadh, mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é. Ach aithníonn sibhse é mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh.
Istraži Eoin 14:16-17
7
Eoin 14:13-14
Cibé ní a iarrfaidh sibh i m'ainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac. Má iarrann sibh aon ní orm i m'ainm, déanfaidh mé é.
Istraži Eoin 14:13-14
8
Eoin 14:15
Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m'aitheanta.
Istraži Eoin 14:15
9
Eoin 14:2
Is iomaí áras i dteach m'Athar. Mura mbeadh, d'inseoinn daoibh é. Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh
Istraži Eoin 14:2
10
Eoin 14:3
agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.
Istraži Eoin 14:3
11
Eoin 14:5
Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?”
Istraži Eoin 14:5
Početna
Biblija
Planovi
Videozapisi