1
Eoin 13:34-35
An Bíobla Naofa 1981
Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile. As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile.”
Usporedi
Istraži Eoin 13:34-35
2
Eoin 13:14-15
Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní. Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibhse mar an gcéanna.
Istraži Eoin 13:14-15
3
Eoin 13:7
D'fhreagair Íosa é: “Ní fios duit anois cad tá ar siúl agam,” ar sé leis, “ach tuigfidh tú ar ball é.”
Istraži Eoin 13:7
4
Eoin 13:16
Amen, Amen, a deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.
Istraži Eoin 13:16
5
Eoin 13:17
Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad.
Istraži Eoin 13:17
6
Eoin 13:4-5
d'éirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim. Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní cosa na ndeisceabal agus á dtiormú leis an tuáille a bhí faoina choim.
Istraži Eoin 13:4-5
Početna
Biblija
Planovi
Videozapisi