Eoin 1

1
Caibidil I
Diadhacht Chríost agus a loncholnughadh. Bheir Eoin fiadhnaise fá dtaoibh de. Toisigheann sé a ghairm a chuid deisciobal.
1Bhí an Briathar ami i dtús, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus ba Dia an Briathar.
2Bí seisean ann i dtús i bhfochair Dé.
3Is tríd a rinneadh gach uile nídh: agus gan é ní dhearnadh aon nídh dá ndearnadh.
4B’annsan a bhí beatha, agus b’é solus na ndaoine an bheatha:
5Soillsigheann an solus san dorchadas, acht níor ghlac an dorchadas leis.
6Bhí duine a cuireadh ó Dhia, arbh ainm dó Eoin.#Mait. 3, 1; Marc. 1, 2.
7Tháinic seisean chun fiadhnaise, chun fiadhnaise a thabhairt fá’n tsolus, ionnas go gcreideadh gach aoinneach tríd.
8Níorbh eisean an solus, acht tháinic sé chun fiadhnaise a thabhairt fá’n tsolus.
9B’é sin an solus fíor, a shoillsigheas gach duine dá dtig ar an tsaoghal seo.
10Bhí sé ar an tsaoghal, agus ba tríd-sean a rinneadh an saoghal,#Eabh. 11, 3. acht níor aithin an saoghal é.
11Tháinic sé chun a mhuinntire féin, acht níor ghlac a mhuinntir féin leis.
12Acht an méid a ghabh chuca é, thug sé cumhacht dóibh chun bheith ina gcloinn ag Dia, an méid sin a chreideas ina ainm:
13An méid nach síolruigheann ó fhuil, ná ó thoil na colna, ná ó thoil duine, acht ó Dhia.
14Agus rinneadh feoil de’n Bhriathar,#Mait. 1, 16; Lúc. 2, 7. agus chómhnuigh sé i n-ár measc: agus chonnacamar a ghlóir, mar ghlóir aoin Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d’fhírinne.
15Agus bheir Eoin fiadhnaise faoi, agus labhrann sé ós árd, ag rádh: B’é seo an té fá n-ar dhubhairt mé: An té atá le theacht i mo dhiaidh, tá sé ar n-a mheas rómham: de bhrígh go raibh sé rómham.
16Agus as a líonmhaireacht-sean ghabhamar uilig chugainn,#1 Tim. 6, 17. agus grásta ar ghrásta.
17Óir tugadh an dlighe tré Mhaoise, agus tháinic an grásta agus an fhírinne tré Íosa Críost.
18Ní fhaca aoinneach ariamh Dia:#1 Tim. 6, 16; 1 Eoin 4, 12. An t-Aon Mhac, atá i n-ucht an Athar, is é a d’fhoillsigh.
19Agus is í seo fiadhnaise Eoin, nuair a chuir na h-Iúdaigh sagairt agus leibhítigh ó Ierusalem chun fiafruighe de: Cé h-é thusa?
20Agus d’admhuigh sé, agus níor shéan sé, agus d’admhuigh sé: Ní mise an Críost.
21Agus d’fhiafruigh siad de: Cad é eile? An tú Elías? Agus dubhairt sé: Ní mé. An tú an fáidh? Agus d’fhreagair sé: Ní mé.
22Dubhairt siad leis, dá bhrígh sin: Cé h-é thú, ionnas go dtabhramuid freagair chuig an mhuinntir a chuir annseo sinn? Cad é deir tú fá dtaoibh díot féin?
23Dubhairt sé: Is guth duine mé ag glaodhach san fhásach:#Isaias 40, 3; Mait. 3, 3; Marc. 1, 3; Lúc. 3, 4. Déanaigidh slighe an Tighearna a dhíriughadh, mar adubhairt Isaias, fáidh.
24Agus ba de na Fairisínigh na teachtairí.
25Agus chuir siad ceist air, agus dubhairt leis: Cad chuige, mar sin, a ndéan tú baisteadh, muna tú an Críost, ná Elias, ná an fáidh?
26Dubhairt Eoin leo, ghá bhfreagairt: Ghnímh-se baisteadh#Mait. 3, 11. le h-uisce: acht bhí duine ina sheasamh i bur measc nach n-aithneann sibh.
27Sin é an té atá le theacht i mo dhiaidh-se,#Marc. 1, 7; Lúc. 3, 16; Gníomh. 1, 5, agus 11, agus 19, 4. atá ar n-a mheas rómham, agus nach fiú mise go scaoilfinn iallach a bhróige.
28Thárla na neithe seo i mBetánia, taobh thall de’n Iordáin, mar a mbíodh Eoin ag baisteadh na ndaoine.
29Lá ar n-a bhárach chonnaic Eoin Íosa ag teacht chuige, agus deir sé: Féach, Uan Dé, féach, an té a thógas peacadh an domhain.
30Is é seo an té fá n-ar dhubhairt mé: Tá fear ag teacht i mo dhiaidh, atá ar n-a mheas rómham: de bhrígh go raibh sé rómham.
31Agus ní raibh aithne agam-sa air, acht chun go nochtthaí do Israél é, is ar an adhbhar sin a tháinic mise ag baisteadh le h-uisce.
32Agus thug Eoin fiadhnaise, ag rádh: Chonnaic mé an Spiorad ag tuirling#Mait. 3, 16; Marc. 1, 10; Lúc. 3, 22. mar cholmán ó neamh, agus chómhnuigh sé air.
33Agus ní raibh aithne agam-sa air: acht an té a chum mé a bhaisteadh le h-uisce, dubhairt sé liom: An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirling agus ag cómhnughadh, is é sin an té a bhaistéas leis an Spiorad Naomh.
34Agus chonnaic mise: agus thug mé fiadhnaise gurab é seo Mac Dé.
35An lá ina dhiaidh sin arís bhí Eoin ina shéasamh, agus beirt dá dheisciobail,
36Agus ar fheiceáil Íosa ag siubhal dó, deir sé: Féach, Uan Dé.
37Agus chuala an bheirt dheisciobal é ag labhairt, agus lean siad Íosa.
38Agus ag tionntódh thart do Íosa, tchí sé iad ghá leanamhaint féin, agus deir sé leo: Cad é tá sibh a iarraidh? Agus dubhairt siad-san leis: A Rabbi (rud a chialluigheas, ar a mhíniughadh, a Mháighistir) cá gcómhnuigheann tú?
39Deir sé leo: Taraigidh agus feicigidh. Tháinic siad, agus chonnaic siad cá gcómhnuigheadh sé agus d’fhan siad aige an lá sin: agus bhí sé tuairim agus an deicheadh h-uair.
40Agus b’é Aindrias, dearbhráthair do Shíomon Peadar, duine de’n dís a chuala ó Eoin, agus a lean é.
41Gheib sé seo ar dtús a dhearbhráthair Síomon, agus deir sé leis: Fuaireamar an Messías, (is é sin le radh, an Críost).
42Agus thug sé chuig Íosa é. D’amharc Íosa air, agus dubhairt: Is tusa Síomon, mac Ióna: goirfear Cephas díot, is é sin le rádh, Peadar.
43Lá ar n-a bhárach ba mhian leis dul chun na Gailile, agus gheibh sé Pilip. Agus deir Íosa leis: lean mise.
44Agus b’as Bethsaida, cathair Aindriais agus Pheadair, Pilip.
45Gheibh Pilip Natanael, agus deir sé leis: Fuaireamar an té ar ar scríobh Maoise#Gein. 49, 10; Deut. 18, 18. san dlighe, agus na fáidhe,#Isaias 40, 10, agus 45, 8; Ier. 23, 5; Ecs. 34, 23, agus 37, 24; Dan. 9, 24, agus 25. Íosa, mac Ióseph, as Nasair.
46Agus dubhairt Natanael leis: An féidir do nídh ar bith maith a theacht ó Nasair? Deir Pilip leis: Tar agus feic.
47Chonnaic Íosa Natanael ag teacht chuige, agus deir sé faoi: Féach, Israélíteach fíor nach bhfuil cealg ar bith ann.
48Deir Natanael leis: Cad é mar aithneas tú mé? D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leis: Sul ar ghoir Pilip thú, nuair a bhí tú faoi’n chrann fíge, chonnaic mé thú.
49D’fhreagair Natanael é, agus dubhairt: A Rabbi, is tú. Mac Dé, is tú rí Israéil.
50D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leis: De bhrígh gur dhubhairt: mé leat: Chonnaic mhé thú faoi’n chrann fíge, creideann tú: tchífidh tú neithe is mó ná iad seo.
51Agus deir sé leis: Amén, amén, adeirim lib, tchífidh sibh an neamh ar foscailt, agus aingle Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mac an Duine.

હાલમાં પસંદ કરેલ:

Eoin 1: ASN1943

Highlight

શેર કરો

નકલ કરો

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in