Genesis 26
26
Caibidil XXVI.
Rinne Isaac cuairt a measg na Ḃṗilistineaċ. 31 Agus cuṁnant ré Abimeleċ.
1Agus do ḃí gorta san tír, táoḃ amuiġ don ċeud ġorta do ḃí innte a láeṫiḃ Abraham. Agus do ċuáiḋ Isaac mar a raiḃ Abimeleċ riġ na Ḃṗílistíneaċ go Gerar. 2Agus do ṫaisbein an TIĠEARNA é féin dó, agus a duḃairt, Ná héiriġ síos don Egipt; áitiġ san duṫaiġ ṁúinfeas misí ḋuit: 3Coṁnuiḋ sa tírsi, agus biáiḋ misi maille riot, agus beinneoċaiḋ mé ṫú; óir duitsi, agus dot ṡíol, do ḃeura me na tíorṫaso uile, agus coṁlionfuiḋ mé an mionna noċ tug mé Dábraham dot aṫair; 4Agus do ḃéura mé ar do ṡíol foirlíonaḋ mar réulta a naiéir, agus do ḃéura mé dot ṡíol na tíorṫaso uile; agus ann do ṡíol béid uile ċiniḋeaċa na talṁan beannuiġe; 5Do ċionn gur áontuiġ Abraham dom ġlór, agus gur ċoiṁéd mo ċúram, maiṫeanta, mo statúidiġ agus mo ḋliġeaḋ, 6Agus do ċoṁnuiḋ Isaac an Gérar: 7Agus do ḟíarfuiġeadar dáoine na háite ḋe a ttáoḃ a ṁná; agus a duḃairt seision, A sí mo ḋeirḃṡíur í: óir dob eagla leis a ráḋ, a sí mo ḃean í; ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá Rebecah; do ċionn go raiḃ breáḋa re féaċuin uirre. 8Agus tárla, a nuáir do ḃi annsin tamall fada, gur ḟéuċ Abimeleċ ríġ na Ḃṗílistineaċ amaċ as fuinneóig, agus go ḃfacuiḋ, agus, féuċ, do ḃí Isaac ag súgraḋ ré na ṁnáoi Rebecah. 9Agus do ġoir Abimeleċ Isaac, agus a duḃairt, Féuċ go deiṁin a sí do ḃean í: agus cionnus a deir tusa, A sí mo ḋearḃṡíur í? agus a duḃairt Isaac ris, Do ċíonn go nduḃairt mé, Deagla go néugfuinn da cionn. 10Agus a duḃairt Abimeleċ, Créad é so do rinne tú linne? do ḃéidir go luiḋfeaḋ duine don ṁuinntir léd ṁnáoi, agus go ttiuḃarṫá cionnta oruinne. 11Agus do aiṫin Abimeleċ dá ḋáoiniḃ uile, ag ráḋ, Giḋ bé ḃeanfas ris an ḃfearso nó ré na ṁnáoi cuirfiġear go deiṁin ċum báis é: 12Annsin do ṡíolċuir Isaac ann sa dúṫaiḋ sin, agus fuair san ḃlíaḋain ċéadna céad oiread: agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA é: 13Agus do ḟás an tóglaċ go mór, agus do ċuaiḋ ar aġuiḋ, agus do ḟas nó go raiḃ roṁór: 14Oir do ḃi aige sealḃ ṫréad, agus sealḃ áoḋaireaḋ, agus stór mór seirḃíseaċ: agus do iomṫnuiḋeadar na Ṗilistíniġ é. 15Oír a nuile ṫobar dar ṫoċladar muinntir a aṫar a laéṫiḃ Abraham a aṫar, do líonadur na Ṗilistiniġ agus do ċoisgeadar íad do ċriaiḋ. 16Agus a duḃairt Abimeleċ ré Hísaac, Imṫiġ uáinne; óir is cuṁaċduiġe ṫú go mór ná sinn. 17Agus do imṫiġ Isaac as sin, agus do ṡuiġiġ a ṗubuil a ngleann Gérar, agus do áitriḃ ann. 18Agus do ṫoċuil Isaac a rís na toibreaċa uisge, noċ do ṫoċladur a naimsir Abraham a aṫar; óir do stopadur na Ṗilistíniġ íad déis ḃáis Abraham: agus do ġoir a nanmanna do réir na nanmann do ġóir a aṫair ḋíoḃ. 19Agus do ṫoċladur muinntir Isaac annsa ġleann, agus fuaradar annsin tobar fíoruisge. 20Agus do imreasadur áoḋairiḋe Gérar ré háoḋairiḃ Isaac, ag ráḋ, As linne an tuisge: agus do ġoir sé dainm don tobar Esec; do ċionn go ndearnsad imreasan ris. 21Agus do ṫoċladar tobar eile, agus teagṁaid ré ċéile uime sin mar an ccéadna: agus do ġoir sé Sitnah dainm ḋe sin. 22Agus do aṫruiġ as sin, agus do ṫoċuil tobar eile; agus do ċionn nar ċuireadar na aġuiḋ: tug Rehobot dainm air; agus a duḃairt sé, Oir a nois do rinne an TIĠEARNA ionad ḋuinn, agus biaiḋmuid lóinṁar annsa dúṫaiġ. 23Agus do ċuáiḋ sé súas as sin go Beerséba. 24Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham. 25Agus do ċuir altóir súas ann sin, agus do ġoir ar ainm an TIĠEARNA, agus do ṡuiġiḋ a ṗubuil ann sin: agus do ṫoċladar seirḃísiġ Isaac tobar ann sin. 26Is ann sin do ċúaiḋ Abimeleċ ċuiġe ó Ġérar, agus Ahussat áon dá ċairdiḃ, agus Ṗiċol prioṁċaiptín a ṡlóġ. 27Agus a duḃairt Isaac ríu, Créud as a ttigṫi ċugamsa, ó ṫárla fúaṫ aguiḃ orum, agus gur ċuireaḃair ar siuḃail uáiḃ mé? 28Agus a duḃradarsan, Do ċoncamair go raiḃ an TIĠEARNA go déiḃin leaċtsa: agus a duḃramar, Bíoḋ a nois mionna eadruinn, eadra sinne agus tusa, agus déunam ceangal riot; 29Naċ déuna tú doċur ḋuinne, marnar beanamairne riotsa, agus mar naċ deanmar enní ort aċ maiṫ, agus gur ċuireamar uáinn ṫu go síoṫċanta: anois as tusa neaċ beannaiġe an TIĠEARNA. 30Agus do rinne féusda ḋóiḃ, agus do iṫeadar, agus dóladar. 31Agus do éirġeadar go moċ ar maidin, agus tugadar a mionna ḋá ċéile: agus do ċuir Isaac uáḋ íad, agus dimṫiġeadar rompa a síoṫċáin. 32Agus tárla san ló ċéudna, go ttángadar seirḃísiġ Isaac, agus gur innsiodar ḋó a ttáoḃ an tobair, noċ do ṫoċladur, agus a duḃradur ris, Fúaramar uisge. 33Agus do ġoir seision Sébah ḋe; uime sin as Beerséba as ainm don ċaṫruiġ ó sin a leiṫ. 34Agus do ḃí Esau ḋá ḟíċid bliáḋan dáois a nuáir ṫug do ṁnáoi Iúdit inġean Ḃeeri an Hititeaċ, agus Baṡémat inġean Hélon an Hititeaċ: 35Noċ bá doilġios inntinne Dísaac, agus do Rebecáh.
Sélection en cours:
Genesis 26: BedellG
Surbrillance
Partager
Copier
Tu souhaites voir tes moments forts enregistrés sur tous tes appareils? Inscris-toi ou connecte-toi
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.