Genesis 24
24
Caibidil XXIV.
Elieser ar ttaḃáirt Rebecah leis as Mesopotamia, 67 ġaḃ Isaac ċuige na mnaoi ṗósda í.
1Agus do ḃí Abraham áosta, agus ar ndul a láeṫiḃ, agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA Abraham sa nuile ní. 2Agus a duḃairt Abraham ris an tsearḃfoġantuiġ fá sine na ṫiġ, do riaġluiḋ a nuile ní dá raiḃ aige, Guiḋim ṫú, cuir do láṁ fáoi mo ṡlíasuid: 3Agus do ḃéur ort a ṁionnuġaḋ treas an TTIĠEARNA, Día niṁe, agus Día na talṁan, naċ dtiuḃra tú bean dom ṁac dinġeanuiḃ na Ccanaaniteaċ, a measc a náitreaḃuim: 4Aċ raċaiḋ tu dom ḋúṫaiġ, agus go nuige mo ġáol, agus do ḃéura tú bean dom ṁac Isaac. 5Agus a duḃairt an searḃfoġantuiġ ris, Do bféidir naċ bíaḋ fonn ar an mnáoi misi leanṁuin don tírsi: an ccaiṫfiḋ mé do ṁac do ḃreiṫ a rís don tír as a ttáinic tusa? 6Agus a duḃairt Abraham ris, Taḃairsi dod aire naċ béura tú mo ṁac ann sin a rís. 7An TIĠEARNA Día niṁe, noċ tug misi ó ṫiġ maṫar agus ó ḋúṫuiġe mo ċiniḋ, agus noċ do laḃair rium, agus tug a ṁionna ḋaṁ ag ráḋ, Dod ṡíol do ḃeura mé an dúṫaiġsi; cuirfiḋ sé a aingeal roṁad, agus do ḃéura tú bean dom ṁac as sin. 8Agus muna áill ris an mnáoi do leanṁuin, ann sin ḃías tusa sáor óm ṁionnuiḃsi: aṁáin ná beir mo ṁac an sin a rís. 9Agus do ċuir an searḃfoġantuiġ a laṁ fáoi ṡliasuid Abraham a ṁaiġistir, agus tug a ṁionna ḋó a ttáoiḃ na cúisisin. 10Agus do ġlac an searḃfoġantuiġ deiċ ccáṁuill do ccáṁuilliḃ a ṁaiġistir, agus do imṫiġ; óir do ḃí máoin a ṁaiġisdir uile fá na laṁuiḃ: agus do éiriġ sé, agus do ċuáiḋ go Mesopotámia go caṫair Nahor. 11Agus tug ar a ċáṁulluiḃ a légion ar a nglúiniḃ táoḃ a mniġ don ċaṫruiġ laiṁ ré tobar uisge a naimsir an tráṫ nóna, eaḋon sa nam a ttéid mná amaċ do ṫarruing uisge. 12Agus a duḃairt sé, A ṪIĠEARNA a Ḋé mo ṁaiġistir Abraham, íarrum ort, raṫaiḋ ḋaṁ san ló so, agus taisbein cinealtus dom ṁaiġistir Abraham. 13Feuċ, atáim am ṡeasaṁ ann so láiṁ ris an ttobar uisge; agus tigid inġeana ṁuinntire na caiṫreaċ amaċ do ṫarruing uisge; 14Agus tigeaḋ a ccríċ, an ṁaiġdean ré naibeóra misi, Guiḋim ṫú, leig ar lár do ṡoiṫeaċ, go niḃe mé deoċ; agus a déura sisi, Iḃ, agus do ḃéura mé deoċ dot ċáṁulluiḃ mar an ccéuḋa: go maḋ í sin an ḃean do órduiġ tusa dot ṡeirḃíseaċ Isaac; agus ris sin aiṫniḋe misi gur ṫaisbéin tú cinealtus dom ṁaiġistir. 15Agus tárla, suil do sguir sé do ċaint, féuċ, go ttáinic Rebecah amaċ, noċ rugaḋ do Ḃetuel mac Ṁilcah, bean Nahor, dearḃraṫair Abraham, agus a soiṫeaċ ar a gúalainn. 16Agus do ḃí a nóigḃean ro sgíaṁaċ ré feaċuin uirre, na maiġdin agus níor ċionntuiġ éinḟear ria: agus do ċuáiḋ síos gus an ttobar, agus do líon a soiṫeaċ agus táinig a nṡíos. 17Agus do riṫ an seirḃíseaċ do ṫeagṁáil ría, agus a duḃairt, Guiḋim ṫú, leig ḋaṁsa beagan uisge ól as do ṡoiṫeaċ. 18Agus a duḃairt sísi, Iḃ, a ṫiġearna: agus do rinne si deifir, agus do leig síos a soiṫeaċ air a láiṁ, agus tug deoċ ḋó. 19Agus tar éis deoċ a ṫaḃairt ḋósan, a duḃairt si, Tarreonguiḋ mé uisge fós dod ċáṁulluiḃ, go niḃid a ndiol. 20Agus do ḋeifriġ, agus do ḟolṁuiġ a soiṫeaċ ann sa nuṁar, agus do riṫ a rís gus an ttobar do ṫarrang uisge, agus do ṫarruing dá ċáṁulluiḃ uile. 21Agus ag déunaḋ iongantuis do nóglaċ, do ḃí na ṫoċd, da ḟéuċoin a ndearna an TIĠEARNA a ṫurus sona, nó naċ dearna. 22Agus tárla, a ndiaiġ na ccaṁull ól a sáiṫ, go rug an tóglaċ ar ċlúasḟáinne óir, leiṫ-ṡecel do ċoṁṫrum, agus ḋá ḃráisléd da láṁuiḃ do ċoṁṫrum ḋeiċ secel óir; 23Agus a duḃairt, Cía dar ab inġean tú? guiḋim ṫú, innis daṁ: an ḃfuil áit a ttiġ haṫar ann ar feidir linn lóistín dfaġáil? 24Agus a duḃairt sisi ris, As misi inġean Ḃétuel mac Ṁilcah, noċ rug sí do Nahor. 25A duḃairt sí rís fós, Atá aguinne tuiġe agus beaṫa go lór, agus áit lóistín. 26Agus do ċrom an tóglaċ a ċeann síos, agus do onóruiġ sé an TIĠEARNA. 27Agus a dúḃairt sé, Go maḋ beannuiġe an TIĠEARNA Día mo ṁaiġistir Abraham, naċ ar ḋearmuid mo ṁaiġistir ann a ṫrócaire, agus ann a ḟírinne: ar mbeiṫ ḋaṁsa ar sliġe, do ṫreóruiġ an TIĠEARNA mé go tiġ ḋearḃráiṫreaċ mo ṁaiġistir. 28Agus do riṫ a nóigḃean, agus do innis do ṁuinntir tiġe a maṫar na neiṫesi. 29Agus do ḃí dearḃráṫair ag Rebecah, agus a sé dob ainm ḋó Lában: agus do riṫ Lában amaċ gus a nóglaċ, go nuige an tobar. 30Agus tárla, a nuáir do ċonnairc sé an fáinne cluaise agus na bráisléid ar láṁuiḃ a ḋeirḃṡeaṫraċ, agus a nuáir do ċuála bríaṫra Rebecah a ḋeirḃṡeaṫraċ, ag ráḋ, mar so do laḃair an tóglaċ rium; go ttáinic ċum a nógláoiċ; agus, féuċ, do ḃí sé na ṡeasaṁ láiṁ ris na cáṁulluiḃ ag an ttobar. 31Agus a duḃairt sé, Tárr a steaċ, tusa atá beannuiġe ón DTIĠEARNA; créud fá seasann tú amuiġ? óir do ġléus misi an tiġ, agus áit do na cáṁulluiḃ. 32Agus táinig an toglaċ don tiġ: agus do sgáoil seision a ċáṁuill, agus tug tuiġe agus bíaḋ do na cáṁullaiḃ, agus uisge dionnlaḋ a ċos, agus cos na muinntire do ḃí leis. 33Agus do cuirreaḋ bíaḋ na ḃfiaġnuisi ré na iṫe: aċd a duḃairt seision, Ní íosuiḋ mé nó go ninnisi mé mo ṫeaċdaireaċd. Agus a duḃairt seision, Abair náit. 34Agus a duḃairt sé, As misi óglaċ Abrahaim. 35Agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA mo ṁaiġistir go mór; agus do ḟás sé mór; agus tug sé ḋó tréuda, agus airġeaḋa, agus ór agus airgead, agus seirḃísiġ fear, agus seirḃísiġ ban, agus cáṁuill agus asail. 36Agus Sárah bean mo ṁaiġistir rug sí mac dom ṁaiġistir a nuáir do ḃí sí áosda: agus as dó sin tug sé a raiḃ aige. 37Agus tug mo ṁaiġistir mionna ormsa, ag raḋ, Ní ṫiuḃra tú bean dom ṁac dinġeannuiḃ na Ccanaaníteaċ, a ndúṫaiḋ a ḃuilim am ċomnuiḋe: 38Aċ raċaiḋ tú go tiġ máṫair, agus go nuige ma ġáol, agus do ḃéura tú bean dom ṁac. 39Agus a duḃairt misi rém ṁaiġistir, Gur ḃféidir naċ leanfaḋ an ḃean mé. 40Agus a duḃairt seision rium, An TIĠEARNA as coṁuir a ṡiuluimsi cuirfiḋ sé a aingeal leaċd, agus soirḃeóċuiḋ do ṡliġe; agus do ḃéura tú bean dom ṁacsa dom ġáol, agus do ṫiġ máṫar: 41Ann sin ḃías tú sáor om ṁionnuiḃsi, a nuáir ṫiucfas tú go nuige mo ġáol; agus muna ttugaid síad bean duit, biáiḋ tú glan óm ṁionnuiḃsi. 42Agus táinig mé a niuiġ go nuige an tobar, agus a duḃrus, A TIĠEARNA Día mo ṁaiġistir Abraham, annois má ṡoirḃiġeann tú mo ṡliġe ann a ḃfuilim ag dul: 43Feuċ, atáim am ṡeasaṁ ag an ttobar uisge, agus teigeoṁuiḋ a nuáir ṫiucfas an cailín amaċ do ṫarruing uisge, agus a déura misi ría, Guiḋim ṫú, taḃair ḋaṁ beagán uisge as do ṡoiṫeaċ ré na ól: 44Agus a déura sisi rium, Iḃ féin deoċ, agus tarreonguiḋ misi mar an ccéadna dod ċáṁulluiḃ: go maḋ í sin an ḃean do ċinn Día do ṁac mo ṁaiġistir. 45Agus suil do sguir mé do laḃairt am ċroiḋe, Feuċ, táinic Rebecah amaċ agus a soiṫeaċ ar a gúaluinn; agus do ċuaiḋ sios gus an tobur, agus do ṫarruing uisge: agus a duḃairt misi ría, Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ ól. 46Agus do ḋeifriġ sisi, agus do léig a soiṫeaċ dá gúaluinn, agus a duḃairt, Iḃ, agus do ḃéura mé deoċ dod ċaṁulluiḃ mar an ccéadna: ann sin doiḃios, agus tug sí deoċ dom ċáṁulluiḃ mar ann ccéadna. 47Agus do ḟíafruiġ misi ḋi, ag raḋ Cía darab inġean ṫú? Agus a duḃairt, Inġean Ḃétuel ṁac Nahor, noċ rug Milcah ḋó: agus do ċuir misi fáinne cluaisi air a haġuiḋ, agus bráisléd ar a láṁuiḃ. 48Agus do ċrom mé síos mo ċeann, agus do aḋrus an TIĠEARNA, agus do ḃeannuiġ mé an TIĠEARNA Día mo maiġistir Abraham, noċ do ṫréoruiġ mé sa tsliġe ċóir do ṫaḃairt inġine dearḃraṫar mo ṁaiġistir da ṁac. 49Agus annois má ní tusa go cinealta agus go firinnioċ re ṁaiġistir, innis daṁ: agus muna ndearnair innis daṁ; ionnus go niompoiġe mé ar án láiṁ ḋeis, nó ċlé. 50Annsin do ḟreagair Laban agus Bétuel, On TIĠEARNA ṫig an ċúis: ni ḟéudmuidne maiṫ ná olc do raḋ riot. 51Féuċ, atá Rebecah as do ċoinne, gaḃ ċugad í, agus imṫiġ, agus bíoḋ na mnáoi ag mac do ṁaiġistir, mar do laḃair an TIĠEARNA. 52Agus tárla, a nuáir do ċúaluiġ óglaċ Abraham a mbríaṫra, do onóruiġ sé an TIĠEARNA, go nuige an talaṁ. 53Agus ṫug an tóglaċ amaċ séoid airgid, agus séoid óir, agus éuduiġe, agus tug iad do Rebecah: agus tug mar an ccéadna dá dearḃraṫair agus da maṫair neiṫe morluáiḋ. 54Agus a duadur agus do iḃidur, eision agus an ṁuinntir do ḃí na ḟoċair, agus do ḟanadur feaḋ na hoiḋċe; agus do éirġeadur ar maidin, agus a duḃairt seision, Cuiriḋ ar siuḃal mé go nuige mo ṁaiġistir. 55Agus a duḃairt a dearḃraṫair agus a maṫair, Fanaḋ an calín aguinn beagán laéṫe, deiċ lá an ċuid as luġa; agus na ḋiáiġ sin imeoċuiḋ sí. 56Agus a duḃairt seision riú, Ná toirmisgiḋ mé, ó ṡoirḃiḋ an TIĠEARNA mo ṫurus; cuiriḋ ar siuḃal mé, go raċuinn ċum mo ṁaiġistir. 57Agus duḃradursan, Goifeam an cailín, agus fiofroċam sin dá béul. 58Agus do ġoireaḋ Rebecah, agus dfíafruiġeadur ḋi, an raċuiḋ tú leis an ḃfearso? Agus a duḃairt sisi, Raċad. 59Agus do ċuireadur ar siuḃal Rebecah a ndeirḃseaṫraċ agus a buime, agus óglaċ Abrahaim, agus a ṁuinntir. 60Agus do ḃeannuiġeadur Rebeca, agus a duḃradur ría, As tú ar ndeirḃṡiúr, bí ad ṁaṫair ṁílte do ṁillíunuiḃ, agus sealḃuiġidís do ṡíol geatuiḋe an luċda lér fúaṫ íad. 61Agus do éiriġ Rebecah, agus a muá coiṁideċda, agus do ċúadur ar na cáṁuilluiḃ, agus do leanadur an tóglaċ: agus do ġaḃ an tóglaċ Rebecah ċuige, agus do imṫiġ roiṁe. 62Agus táinic Isaac ó ṡliġe an tobair Lahai-roi; óir do áitiġ sé ann sa tír ó ḋeas. 63Agus do ċuáiḋ Isaac amaċ do ṁeaḃraḋ ar an maċaire tráṫ nóna: agus do ṫóg suas a ṡúile, agus do ċonnairc, agus, féuċ, do ḃádur na cáṁuill ag teaċd. 64Agus do ṫóg Rebecah a súile suas, agus a nuair do ċonnairc sí Isaac, do ṫuirling don ċáṁull. 65Oír a duḃairt sí ris a nóglaċ, Cía hé an duinesi ṫríallus ann sa ṁaċaire do ṫeagṁáil rinn? agus a duḃairt an tóglaċ, A sé sud mo ṁaiġistir: uimesin do ġlac sisi brat, agus do ḟoluiḋ a haġaiḋ. 66Agus do innis an tóglaċ Disaac a nuile ní dá ndearna. 67Agus tug Isaac leis í go Pubuil a ṁaṫar Sárah, agus do ġaḃ ċuige Rebecah, agus do ḃí na mnáoi aige; agus do ġráḋuiġ í: agus do coṁḟurtaċduiġeaċ Isaac déis ḃáis a ṁaṫar.
Sélection en cours:
Genesis 24: BedellG
Surbrillance
Partager
Copier
Tu souhaites voir tes moments forts enregistrés sur tous tes appareils? Inscris-toi ou connecte-toi
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.