Logo YouVersion
Îcone de recherche

Salm 9

9
Altú Buíochais
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Muth Labben”. Salm le Dáiví.
2 Béarfaidh mé buíochas duit, a Thiarna, ó mo chroí, go hiomlán,
inseoidh mé do mhóréachtaí go léir.
3 Déanfaidh mé lúcháir agus gairdeas ionat,
canfaidh mé Salm do dʼainm, a Neach is Airde,
4 toisc gur cuireadh mo naimhde ar gcúl;
thuisligh siad agus cailleadh iad i dʼfhianaise.
5 Óir phléigh tú mo chúis go cothrom,
i do shuí duit ar an mbinse i do bhreitheamh cóir.
6 Lochtaigh tú na ciníocha, dhamnaigh tú na héagráifigh;
scrios tú a n‑ainm go brách na breithe.
7 Tá na naimhde arna gcloí, arna milleadh go deo;
leag tú a gcathracha ar lár; chuaigh a gcuimhne ar ceal.
8 Tá an Tiarna faoi réim go brách;
shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas.
9 Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir,
agus ceart do na ciníocha go cothrom.
10 Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois,
ina dhaingean in am na hiaróige;
11 Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionat
óir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna.
12 Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón:
foilsígí a éachtaí do na náisiúin;
13 Óir chuimhnigh an díoltasaí fola orthu,
ní dhearna dearmad ar éamh na mbocht.
14Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím;
dʼardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,
15dʼfhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léir
ag doirse iníne Síón
agus go ndéana mé lúcháir i do shlánú.
16Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin:
sa líon a dʼfholaigh siad féin a gábhadh a gcosa.
17Nocht an Tiarna é féin ina bhreitheamh cóir:
tá beirthe ar na héagráifigh ina mbearta féin.
18Rachaidh na peacaigh ar ais go Séól –
na náisiúin uile a rinne dearmad de Dhia.
19Óir ní dhéanfar dearmad de lucht an ghátair i gcónaí;
ní go deo a rachaidh dóchas na mbocht in éag.
20Éirigh, a Thiarna! ná lig an bua leis an duine:
tugtar breith ar na ciníocha i dʼfhianaise.
21Scanraigh an croí iontu, a Thiarna;
bíodh a fhios acu nach bhfuil iontu ach daoine. Selah

Sélection en cours:

Salm 9: ABN2012

Surbrillance

Partager

Copier

None

Tu souhaites voir tes moments forts enregistrés sur tous tes appareils? Inscris-toi ou connecte-toi

Video for Salm 9