Logo YouVersion
Îcone de recherche

Salm 6

6
Urnaí in Am na Buartha
1Do stiúrthóir an chóir. Le gléasanna téad. Ar chláirseach na n‑ocht dtéad. [Salm le] Dáiví.
2A Thiarna, ná lochtaigh mé i dʼfhearg
agus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam.
3Déan trócaire orm, a Thiarna, óir is lagbhríoch mé; slánaigh mé,
óir tá mo chorp dá chiapadh,
4agus tá mʼanam dá chéasadh go géar,
ach tusa, a Thiarna, cá fhad...?
5Fill, a Thiarna, fuascail mʼanam
agus saor mé as ucht do bhuan-ghrá.
6Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh;
cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?
7Tá tuirse orm de dheasca mʼosnaíola,
ním mo leaba le mo dheora gach oíche;
fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.
8Tá mo shúil dá snoí le dobrón:
chuaigh sí in aois de dheasca mo naimhde go léir.
9Imígí uaim a lucht déanta na hurchóide,
óir tá éiste ag an Tiarna le glór mo ghoil.
10Thug an Tiarna aird ar mʼachainí;
tá glactha ag an Tiarna le mo ghuí.
11Beidh náire is mórbhuaireamh ar mo naimhde uile.
Cuirfear ar gcúl go tobann faoi náire iad.

Sélection en cours:

Salm 6: ABN2012

Surbrillance

Partager

Copier

None

Tu souhaites voir tes moments forts enregistrés sur tous tes appareils? Inscris-toi ou connecte-toi

Video for Salm 6