Genesis 39

39
Caibidil XXXIX.
Daóirse Ioseṗ. 7 A ġeanmnuiḋeaċd. 20 A ċur a bpríosun. 21 Ṁar a dfuair cairdeas Dé agus daoine.
1Agus rugaḋ Ioseṗ síos do Negipt; agus Potiṗer oifigeaċ do ṁuinntir Ṗárao, caiptín a ġárda, Egipteaċ, do ċeannuiġ sé é as laṁuiḃ na Nismaeliteaċ, noċ tug leó síos ann sin é. 2Agus do ḃí an TIĠEARNA maille re Ioseṗ, agus do ḃí na ḋuine sona; agus do ḃí sé a ttiġ a ṁaiġistir an Tégipteaċ. 3Agus do ċonnairc a ṁaiġistir go raiḃ an TIĠEARNA maille ris, agus go ttug an TIĠEARNA ar gaċ ní dá ndearna sé raṫ do ḃeiṫ air na láṁuiḃ. 4Agus fuáir Ióseṗ grása iona raḋarc, agus do rinne seirḃís dó: agus do rinne feiṫṁeóir ós cionn a ṫiġe ḋe, agus do ċuir fá na láiṁ a raiḃ aige. 5Agus tárla ó nuáir fá ndéarna sé feiṫṁeóir ḋe na ṫiġ, agus ós cionn a raiḃ aige, gur ḃeannuiġ Día tiġ a Négiptiġ ar son Ioseṗ; agus do ḃí beannuġaḋ an TIĠEARNA air a raiḃ aige a stiġ, agus amuiġ. 6Agus do ḟág sé a raiḃ aige a láiṁ Ioseṗ; agus níor ḃfios dó éinní dá raiḃ aige féin, aċd aṁáín an tarán do iṫeaḋ sé. Agus do ḃí Ioseṗ, deaġṁaiseaċ, agus sgíaṁaċ. 7Agus tárla ndiáiġ na neiṫeannso, gur leag bean a ṁaiġistir a súil air Ióseṗ, agus go nduḃairt sí leis, Luiġ liomsa. 8Aċ do ḋiúlt seision sin, agus a duḃairt re mnaói a ṁaiġistir, Féuċ, ní feas dom ṁaiġistir créad atá agamsa so tiġ, agus do ċuir sé a raiḃ aige fám láṁuiḃ. 9Ní ḃfuil duine is mó ná mé iona ṫiġ; agus níor ċonnuiṁ sé éinní uaim, aċ ṫusa, do ċionn gur tú a ḃean: cionnus ḟéaduimse mar sin an tolc mór sa, agus an peacaḋ do ḋéanaṁ a naġuiḋ Dé? 10Agus tárla mar do ḃí sisi lá air lá ag laḃairt ré Ioseṗ, naċ ar éist sé ría, do luiḋe lé, no do ḃeiṫ aice. 11Agus tárla timċioll na huáire sin go ndeaċuiḋ Ioseṗ don tiġ do ḋeanaṁ a ṡeirḃise; agus ní raiḃ aonduine do ṁuinntir an tiġe astiġ ann sin. 12Agus do rug sisi ar éudaċ air, dá ráḋ, Luiġ liom: agus do ḟág seision an brat na láiṁ, agus do ṫeiṫ, agus do ċuáiḋ sé amaċ. 13Agus tárla a nuáir do ċonnairc sisi gur ḟág sé an téadaċ na láiṁ agus gur ṫeiṫ amaċ; 14Gur ġoir sí ar ṁuinntir an tiġe, agus do laḃair sí ríu, agus do ráiḋ, Feuċuiḋ, tug sé Eaḃruiġeaċ a steaċ do ṁagaḋ orúinn: táinic sé a steaċ ċugamsa do luiġe liom, agus do ġoir misi na ċoṁáirc go hárd. 15Agus ṫáinic ḋe sin a nuáir do ċúaluiḋ sé gur ṫóg misi mo ġuṫ ós áird, agus gur ċoṁairc mé, gur ḟág a ḃrat agum agus gur ṫeiṫ, agus gur imṫiġ sé amaċ. 16Agus do ċuir sí an téadaċ a ccuṁdaċ láiṁ ría nó go ttáinig a TIĠEARNA a steaċ. 17Agus do laḃair sisi ris do réir na mbríaṫarso, dá raḋ, An serḃíseaċ Eaḃruiġeaċ noċ ṫuguis ċuguinn, ṫáinig sé a steaċ ċugamsa do ḋéanaṁ maguiḋ orum. 18Agus tárla a nuáir do ṫog misi mo ġuṫ go hárd, agus do éiġ mé, gur ḟág sé a ḃrat agam, agus gur ṫeiṫ sé amaċ. 19Agus táinic as sin a nuáir do ċúaluiḋ a ṁaiġistir bríaṫra a ṁná noċ do laḃair sí ris, dá ráḋ, Marso do rinne do ṡeirḃíseaċ rium; go raiḃ a ḟearg ar lasaḋ. 20Agus do ġlac maiġistir Jóseṗ é, agus do ċuir a bpríusún é, a náit a raḃadur príusúnuiġ an riġ ceanguilte; agus do ḃí sé ann sin a bpríosún. 21Aċ do ḃí an TIĠEARNA re Ioseṗ, agus do ṫaisbéin grasa ḋó, agus tug faḃar ḋó a laṫair ḟircoiṁéud an ṗríusúin. 22Agus tug fearcoiṁéad an ṗríosuin fá láiṁ Ioseṗ na príosúnuiġ uile, noċ do ḃí san ṗríosún; agus giḋ bé ar biṫ do nidís ann sin, dob eision do níoḋ é. 23Ni ḟéuċaḋ fearcoiṁéad an ṗríusúin do ní ar biṫ dá raiḃ fá na láiṁ: do ċionn go raiḃ an TIĠEARNA maille rision; agus gaċ ní dá ndéanaḋ sé go gcuireaḋ an TIĠEARNA raṫ aír.

Tällä hetkellä valittuna:

Genesis 39: BedellG

Korostus

Jaa

Kopioi

None

Haluatko, että korostuksesi tallennetaan kaikille laitteillesi? Rekisteröidy tai kirjaudu sisään