Agus tárla ndiáiġ na neiṫeannso, gur leag bean a ṁaiġistir a súil air Ióseṗ, agus go nduḃairt sí leis, Luiġ liomsa. Aċ do ḋiúlt seision sin, agus a duḃairt re mnaói a ṁaiġistir, Féuċ, ní feas dom ṁaiġistir créad atá agamsa so tiġ, agus do ċuir sé a raiḃ aige fám láṁuiḃ. Ní ḃfuil duine is mó ná mé iona ṫiġ; agus níor ċonnuiṁ sé éinní uaim, aċ ṫusa, do ċionn gur tú a ḃean: cionnus ḟéaduimse mar sin an tolc mór sa, agus an peacaḋ do ḋéanaṁ a naġuiḋ Dé?