Maitiú 7
7
CAIBIDIOL VII.
An tríṁaḋ cuid de’n tseanmóin ar an gcnoc.
1Ná beiriḋ breiṫ, #Lúc. 6:37; Róṁ. 2:1.ionus na béarfaí breiṫ oraiḃ. 2Mar is do réir na breiṫe a ṫaḃarfaiḋ siḃ a taḃarfar breiṫ oraiḃ; agus an tóṁas le n-a dtóṁaisfiḋ síḃ, is leis a tóṁasfar ċúġaiḃ. 3Cad ċuige ḋuit an dúradán d’ḟeisgint i súil do ḃráṫar, agus ná feiceann tu an tsail atá ad’ ṡúil féin? 4Nó cad ċuige ḋuit a ráḋ led’ ḃráṫair: Leig dom an dúradán a ḃaint as do ṡúil; agus sin sail ad’ ṡúil féin? 5A ċluanaire, bain an tsail as do ṡúil féin ar dtúis, agus ansan ċífir conus an dúradán a ḃaint a’ súil do ḃráṫar.
6Ná tugaiḋ an níḋ naoṁṫa dos na madraíḃ#7:6 .i. do sna droċ-ḋaoiniḃ a ṫaḃarfaḋ masla do’n níḋ naomṫa.; agus na caiṫiḋ ḃúr bpéarlaí ċun na muc, le h-eagla go ngeóḃaidís do ċosaiḃ ionta, agus ansan go n-iompóċaidís oraiḃ agus go stracfaidís siḃ.
7Iarraiḋ, agus taḃarfar daoiḃ; loirgiḋ, agus ġeóḃaiḋ siḃ; buailiḋ, agus osgalófar daoiḃ. 8Óir gaċ aoinne a iarrann tugtar dó; agus gaċ aoinne a loirgeann ġeiḃeann sé, agus gaċ aoinne a ḃuaileann osgal-tar dó. 9Nó #Lúc. 11:11.cé h-é an duine agaiḃ-se go n-iarrfaiḋ a ṁac arán air agus gur cloċ a ṫaḃarfaiḋ sé ḋó? 10Nó má iarrann sé iasg air a’ dtaḃarfaiḋ sé aṫair niṁe ḋó? 11Má’s eól, d’á ḃríġ sin, daoiḃ-se atá go h-olc, conus neiṫe fóġanta ṫaḃairt d’ḃúr gclainn, náċ dóiċíġe gó mór go dtaḃarfaiḋ ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais neiṫe fóġanta ḋaoiḃ-se aċ iad d’iarraiḋ air?
12 #
Tobias 4:16; Lúc. 6:31. Gaċ níḋ, d’á ḃríġ sin, ba ṁaiṫ liḃ a ḋéanfaḋ daoine ḋaoiḃ-se deiniḋ-se ḋóiḃ-sin. Siné agaiḃ an dlíġ agus na fáiḋe.
13Téiġiḋ isteaċ an dorus cuṁang, óir is fairsing an dorus agus is leaṫan an bóṫar a ṡeólann ċun díṫe, agus tá a lán a leanann é. 14Is ana-ċuṁang an dorus agus is ana-ċaol an bóṫar a ṡeólann ċun na beaṫa, agus ní mór a ġeiḃeann eólus air.
15Seaċanaiḋ na fáiḋe fallsa, a ṫagann ċúġaiḃ i gclúid na gcaoraċ agus gur faolċoin ċraosaċa laistiġ iad. 16Ó n-a dtorṫaíḃ iseaḋ ḋ’aiṫneóċaiḋ siḃ iad. An mbaintear caora fíneaṁna de ḋriseaċ nó fígí d’ ḟeóċadánaiḃ? 17Mar sin tugann gaċ crann fóġanta toraḋ fóġanta uaiḋ, agus tugann an droċ-ċrann droċ-ṫoraḋ uaiḋ. 18Ní féidir do’n ċrann ḟóġanta droċ-ṫoraḋ ṫaḃairt ná do’n droċ-ċrann toraḋ fóġanta ṫaḃairt. 19Gaċ crann ná tugann toraḋ fóġanta, gearrfar é agus curfar sa teine é. 20D’á ḃríġ sin, as a dtorṫaíḃ iseaḋ ḋ’ aiṫneóċaiḋ siḃ iad.
21Ní h-é gaċ aoinne adeir liom-sa, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, do raġaiḋ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas; aċ an t-é a ḋéanfaiḋ toil m’Aṫar atá ins na flaṫais, siné a raġaiḋ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas. 22Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, náċ ad’ ainim-se a ḋeineamair targaireaċt, agus náċ ad’ ainim-se a ḋeineamair na deaṁain do ċur amaċ, agus náċ ad’ ainim-se ḋeineamair mórán mírḃuiltí? 23Agus ansan adṁóċaiḋ mé ḋóiḃ: Níor ċuireas-sa aiṫne riaṁ oraiḃ; #Salm 6:9; Lúc. 13:27.Imṫiġiḋ uaim, a luċt an uilc a ḋéanaṁ.
24 #
Lúc. 6:48. Gaċ duine, d’á ḃríġ sin, a ċloiseann an ċaint seo adeirim-se agus do ḋeineann beart d’á réir, saṁlófar é le duine ciallṁar a ḋein a ṫiġ ar an gcaraig. 25Agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus do ṫáinig na h-aiḃní, agus d’eiriġ an ġaoṫ, agus do ġluaiseadar i gcoinniḃ an tiġe sin; agus níor ṫuit sé; mar ḃí sé ’n-a ṡeasaṁ ar an gcaraig. 26Agus gaċ duine a ċloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beiḋ sé ar nós an amadáin a ḋein a ṫiġ ar an ngainiṁ; 27Agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus do ṫáinig na h-aiḃní, agus d’eiriġ an ġaoṫ, agus ġluaiseadar i gcoinniḃ an tiġe sin, agus do ṫuit sé; agus ba ṫiubaisteaċ é a ṫuitim.
28Agus do ṫárla nuair a ḃí an ċaint sin críoċnuiġṫe ag Íosa go raiḃ na daoine ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg. 29Óir do ḋein sé an teagasg mar a ḋéanfaḋ duine go raiḃ cóṁaċt aige, murar ḃ’ionan agus na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ.
اکنون انتخاب شده:
Maitiú 7: ABNPOLG
هایلایت
به اشتراک گذاشتن
کپی
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
historic text maintained by the Bible Society.