Na Sailm 8
8
Salm 8.
Domine, Dominus noster.
1A Ṫiarna ár Rialtóir: is oirirc dʼAinm ar fuaid na cruinne!
2Is tú a dʼardaiġ do ġlóir os cionn neiṁe: as béal na naíonán agus na leanḃ cíċe dʼordaiġ tú neart,
3De ḃarr do naiṁde: go gcuirfeá tost ar an té a mbíonn an naiṁdeas agus rún an díoltais ina ċroí.
4Nuair a ḃreaṫnaím do spéarṫa, a ṡaoṫraiġ do ṁéara: an ġealaċ agus na réalta a ċruṫaiġ tú;
5Cad is duine ann, gur cuiṁneaċ leat é: agus mac an duine, go dtiocfá ċuige?
6Dʼḟág tú níos ísle ná na haingil é: go gcuirfeá barr glóire agus gradam air.
7Ċuir tú i gceannas oibreaċa do láṁ é: agus níl ní nár ċuir tú faoina ċosa;
8Na caoiriġ uile agus an t‑eallaċ: agus beiṫíġ an ṁaċaire;
9Éanlaiṫ an aeir, agus éisc na farraige: agus a siúlann cosáin na mara.
10A Ṫiarna ár Rialtóir: is oirirc dʼAinm ar fuaid na cruinne!
انتخاب شده:
Na Sailm 8: OC1965G
هایلایت
به اشتراک گذاشتن
کپی

می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965