Psalm 8
8
VIII Psalm.
1Iehoḃa Ḋé, cia mórḋa h’ainm,
Air feaḋ gaċ uile ṫír!
Do ġlóir do ṡocruiġ tu os cionn
Na ḃflaiṫis a’s na spéir.
2As beul na náoiḋ ’sna ccioċrán máoṫ,
’Ḃriġ d’eascar dorduiġ’s neart,
An naṁuid uile coisgiḋ tú,
San dioġaltoir miċeart.
3Do spéuruiḋe traṫ ṫug me fa ndear,
Obair do ṁeura féin;
An ġealaċ a’s na réulta glan,
D’orduiġ tu iad le ċéil.
4Creud an duine fa ccuiṁniġior air,
No ’ṁaċ go fiosraċ leat,
5An inḃe, a’s beag naċ rinn tu,
Mar aingle ard a neart!
Do ċuir tu coróin áluinn air,
Le maise ’s glóir ṫar ċaċ,
6Air oibriḃ fós do láṁ air fad
Ṫug uaċdara’ċt go bráċ.
Gaċ dúil do ċuir fa ċosuiḃ ḋo,
Do ċruṫuiġ tusa ’riaṁ:
7Cáorriġ a’s daiṁ, ’sgaċ ainṁiḋe fós,
’Ta ’g imṫeaċd air an tsliaḃ.
8Na heanluiṫ ta san aeḋear ṡuas,
An tiasg ata ’sa ccuan,
’Sgaċ niḋ ṡiúḃlas air ṫonnuiḃ fós,
Sin, ṫug tu ḋó go buan.
9A Ḋia ar dTiġearna ’s ar dTria
T’ainmse naċ uasal é?
Air feaḋ gaċ talaṁ a’s gaċ tír.
Is mórḋa súd a Ḋé.
اکنون انتخاب شده:
Psalm 8: PSA1836G
هایلایت
به اشتراک گذاشتن
کپی

می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.