Salm 10

10
Achainí a Iarraidh Cabhair Dé
1Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna?
Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?
2Téann an t‑éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasach
agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.
3Óir maíonn an t‑éagráifeach as mianta a chroí:
déanann an santach diamhasla agus diúltaíonn don Tiarna.
4Deireann an drochdhuine le díomas: “Ní dhéanfaidh sé díoltas.”
Deir sé ina intinn: “Níl Dia ar bith ann!”
5Éiríonn an bóthar leis i gcónaí
agus is fada óna aigne do bhreitheanna.
Is beag aige a naimhde uile.
6Deir sé ina chroí: “Ní chorrófar mé:
Ní bhainfidh míshéan dom go brách.”
7Bíonn a bhéal lomlán de mhallachtaí
agus fós de chealg is de bhréaga:
bíonn urchóid is mioscais faoina theanga.
8Téann sé in oirchill i bhfogas na mionbhailte:
dúnmharaíonn sé an neamh-chiontach ina ionad folaigh.
Bíonn a shúile ag faire an bhochtáin gan taca.
9Fanann sé faoi cheilt ar nós leoin ina uachais,
fanann sé i bhfolach chun breith ar lucht na hainnise:
beireann sé ar an ainniseoir agus tugann ina líon é.
10Cromann sé chun léim a thabhairt
agus titeann an t‑anbhann le treise a lámh.
11Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia;
folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”
12Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia!
agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise.
13Cad chuige don choirpeach droch-mheas a chaitheamh le Dia,
dá rá ina chroí: “Ní imreoidh sé díoltas”?
14Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh
ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh.
Is ort-sa atá a sheasamh ag an ainniseoir,
is tú a thugann cúnamh don dílleachta.
15Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh,
agair a n‑urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.
16Is é an Tiarna is rí go brách na breithe;
rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.
17Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht;
daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,
18a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a dʼfhulaing éigean
ionas nach mbeadh an saoltánach ina chúis sceimhle dóibh feasta.

انتخاب شده:

Salm 10: ABN2012

های‌لایت

به اشتراک گذاشتن

کپی

None

می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید