YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 13

13
1Anois roimh Fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa gur tháinig an uair úd ina mbeadh air imeacht as an saol seo chun an Athar, agus ó bhí grá aige dá dhream féin a bhí sa saol, thug sé grá dóibh go deireadh. 2In am an tsuipéir, nuair a bhí an diabhal cheana féin i ndiaidh é a chur isteach i gcroí Iúdáis Iscariót, mac Shíomóin, a bhrath a dhéanamh, 3agus ó bhí a fhios ag Íosa gur thug an tAthair an uile ní ina lámha, agus gur tháinig sé ó Dhia agus go raibh air filleadh ar Dhia, 4mar sin dʼéirigh sé ón suipéar, bhain a bhaill éadaigh de, agus cheangail sé tuáille faoina chom. 5Dhoirt sé uisce amach ansin i mbáisín, agus chuaigh sé a ní chosa na ndeisceabal, agus á gcuimilt leis an tuáille a bhí mar chrios aige. 6Tháinig sé go dtí Síomón Peadar; agus dʼfhiafraigh Peadar de, “A Thiarna, an tú a níos mo chosa?” 7Dʼfhreagair Íosa é, “Ní thuigeann tú anois a bhfuil á dhéanamh agam, ach beidh tuiscint agat air amach anseo.” 8Dúirt Peadar leis, “Ní ligfidh mé duit mo chosa a ní go deo.” Dʼfhreagair Íosa é, “Mura ním thú, ní bheidh baint ná páirt agat liom.” 9Dúirt Síomón Peadar leis, “A Thiarna, ní hamháin mo chosa ach mo lámha agus mo cheann freisin!” 10Dúirt Íosa leis, “An té a fuair folcadh níl feidhm air ach a chosa amháin a ní, ach tá sé glan ar fad; agus tá sibhse glan, ach níl sibh uile amhlaidh.” 11Bhi a fhios aige cé a dhéanfadh a bhrath; agus sin an fáth a dúirt sé, “níl sibh uile glan.”
12Nuair a bhí a gcosa nite aige, agus a bhaill éadaigh air, agus é ag ceann an bhoird arís, ar seisean leo, “An dtuigeann sibh a bhfuil déanta agam libh? 13Bíonn sibh ag tabhairt Oide agus Tiarna orm; agus is maith mar a deir sibh é, mar is amhlaidh atáim ann. 14Mar sin má tá bhur gcosa nite agamsa atá i mo Thiarna oraibh agus i mʼOide múinte agaibh, ba é bhur gceart bheith ag ní chosa a chéile. 15Mar táim i ndiaidh dea-shampla a thabhairt daoibh, ionas go ndéanfadh sibhse mar a rinne mé libh. 16Is fíor atá, agus is fíor mo rá, nach fearr an seirbhíseach ná a mháistir; agus nach fearr an teachtaire ná an té a chuir uaidh é. 17Má tá fios na nithe sin agaibh, is beannaithe sibh má chuireann sibh i ngníomh iad. 18Ni bhaineann mo chaint leis an iomlán agaibh; tá a fhios agam cé hiad mo lucht tofa; tá sin amhlaidh leis an scrioptúr a fhíorú, ‘An té a dʼitheadh mʼarán thóg sé sáil a choise i mʼéadan.’ 19Táim á insint sin daoibh sula dtarlaí sé, ionas go gcreide sibh, nuair a tharlós sé, gur mise é. 20Is fíor atá agus is fíor mo rá, an té a ghlacas le duine ar bith dá gcuirfidh mé uaim, is liom a ghlacas sé; agus an té a ghlacas liom glacann sé leis an té a chuir uaidh mé.”
21Nuair a bhí na briathra sin ráite ag Íosa, tháinig buairt anama air, agus thug sé fianaise uaidh, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, déanfaidh duine agaibh mo bhrath.” 22Dʼamharc na deisceabail ar a chéile, agus iad in amhras faoi cé hé sin a raibh sé ag caint air. 23Bhí duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó, ina luí ansin in ucht Íosa; 24mar sin rinne Síomón Peadar comhartha dó agus dúirt sé leis, “Inis dúinn cé hé sin atá á lua aige.” 25Mar sin dúirt seisean, agus é ina luí in ucht Íosa, “A Thiarna, cé hé féin?” 26Dʼfhreagair Íosa, “Is é an té a dtabharfaidh mé an mhilseog seo dó nuair a bheas sí tumtha agam.” Mar sin nuair a bhí an mhilseog tumtha aige, thug sé dʼIúdás mac Shíomóin Iscariót é. 27Ansin i ndiaidh é an mhilseog a ithe, chuaigh Sátan isteach ann. Arsa Íosa leis, “Déan a bhfuil le déanamh agat go tapaidh.” 28Anois ní raibh fhios ag duine dá raibh ina suí ag an mbord leis cad chuige dó é sin a rá leis. 29Shil cuid acu, ós ag Iúdás a bhíodh bosca an airgid, go raibh Íosa ag rá leis ar theastaigh uathu le haghaidh na féile a cheannach; sin, nó déirc a thabhairt do na boicht. 30Mar sin, i ndiaidh an mhilseog a ghlacadh chuaigh sé amach gan mhoill; agus bhí sé ina oíche.
31Nuair a bhí seisean imithe, is é a dúirt Íosa, “Is anois a ghlóirítear Mac an duine, agus a ghlóirítear Dia trídsean; 32má ghlóirítear Dia trídsean, glóireoidh Dia é ann féin freisin, agus déanfaidh sé a ghlóiriú gan a thuilleadh moille. 33A leanaí beaga dílse, tá tamall beag eile agam libh. Beidh sibh do mo chuardach; agus deirim libh anois an rud a dúirt mé leis na Giúdaigh, ‘Táim ag imeacht go háit nach féidir libh teacht orm.’ 34Táimse ag tabhairt aithne úrnua daoibh, sibh grá a thabhairt dá chéile; grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mise daoibh. 35Is air sin a aithneoidh na daoine uile go bhfuil sibh in bhur ndeisceabail agam, má tá an grá sin agaibh dá chéile.” 36Dʼfhiafraigh Síomón Peadar de, “A Thiarna, cá bhfuil do thriall?” Dʼfhreagair Íosa, “Ní fhéadann tú mé a leanúint anois go dtí an áit a bhfuil mé ag imeacht; ach leanfaidh tú amach anseo mé.” 37Arsa Peadar leis, “A Thiarna, cad chuige nach féidir liom tú a leanúint anois? Tabharfaidh mé mʼanam ar do shon.” 38Dʼfhreagair Íosa, “An dtabharfaidh tú dʼanam ar mo shon? Is fíor agus is fíreannach a deirim leat, ní ghlaofaidh an coileach, go dtí go séanfaidh tú mé faoi thrí.

Currently Selected:

Eoin 13: OC1970

Tõsta esile

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Free Reading Plans and Devotionals related to Eoin 13

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy