1
Eoin 13:34-35
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
Táimse ag tabhairt aithne úrnua daoibh, sibh grá a thabhairt dá chéile; grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mise daoibh. Is air sin a aithneoidh na daoine uile go bhfuil sibh in bhur ndeisceabail agam, má tá an grá sin agaibh dá chéile.”
Compare
Explore Eoin 13:34-35
2
Eoin 13:14-15
Mar sin má tá bhur gcosa nite agamsa atá i mo Thiarna oraibh agus i mʼOide múinte agaibh, ba é bhur gceart bheith ag ní chosa a chéile. Mar táim i ndiaidh dea-shampla a thabhairt daoibh, ionas go ndéanfadh sibhse mar a rinne mé libh.
Explore Eoin 13:14-15
3
Eoin 13:7
Dʼfhreagair Íosa é, “Ní thuigeann tú anois a bhfuil á dhéanamh agam, ach beidh tuiscint agat air amach anseo.”
Explore Eoin 13:7
4
Eoin 13:16
Is fíor atá, agus is fíor mo rá, nach fearr an seirbhíseach ná a mháistir; agus nach fearr an teachtaire ná an té a chuir uaidh é.
Explore Eoin 13:16
5
Eoin 13:17
Má tá fios na nithe sin agaibh, is beannaithe sibh má chuireann sibh i ngníomh iad.
Explore Eoin 13:17
6
Eoin 13:4-5
mar sin dʼéirigh sé ón suipéar, bhain a bhaill éadaigh de, agus cheangail sé tuáille faoina chom. Dhoirt sé uisce amach ansin i mbáisín, agus chuaigh sé a ní chosa na ndeisceabal, agus á gcuimilt leis an tuáille a bhí mar chrios aige.
Explore Eoin 13:4-5
Home
Bible
Plans
Videos