Psalm 15
15
XV Psalm.
1Cia ċóiṁneóċus a’d ṗailliun ṡuas?
A Ṫiġearna cia é?
Air do ċnoc náoṁṫa cia an ti,
A ḟanas leat gaċ ré?
2An ti go direaċ ṡiuḃl’as leat,
A’s ionracas a ċleaċd,
Laḃras an ḟirin’ sin a maċ,
Ata ann a ċroiḋe go beaċt.
3An té naċ dean air neaċ air biṫ,
Iṫiomráḋ le na ḃéul,
Naċ ndeanan olc da ċóṁarsan,
’Snaċ ttógan air droiċsgéul.
4An té ṫarcuisniġeas an dáoi:
Aċ onóir ḋóiḃ a ḃeir
Ta ’neagla ’Ḋé snaċ ccláon an ṁóid
A ccaill da ttigeaḋ air.
5Airgiod air ús amaċ nar ċuir;
An aġaiḋ fós na sáoiḋ,
Duais nar ġaḃ a’s mar ṫuigṫear é.
Go bráċ mar sin do ġniḋ.
Actualmente seleccionado:
Psalm 15: PSA1836G
Destacar
Compartir
Copiar

¿Quieres guardar tus resaltados en todos tus dispositivos? Regístrate o Inicia sesión
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.