YouVersion Logo
Search Icon

Hóisé 7

7
1Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas,
nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire.
Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad;
bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe,
agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.
2Ní mheabhraíonn siad dóibh féin
go gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile;
ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú;
ar m'aghaidh féin amach atá siad.
Cealgaireacht na Rímharfóirí
3Le teann mioscaise déanann siad sult don rí
agus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin.
4Adhaltraigh iad uile, sorn lán tine,
nach ngríosaíonn an báicéir a thuilleadh,
ó fuintear an taos go dtí go n‑ardaíonn sé.
5Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíona
agus craitheann seisean lámh le scigirí.
6Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu,
bíonn a gcroí cosúil le sorn;
mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir,
ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine.
7Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn;
tá a rialtóirí á n‑ídiú acu agus a ríthe uile ar lár;
agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.
Drochpholaitíocht Iosrael
8Tá Eafráim ag déanamh caidrimh leis na náisiúin;
is cosúil le císte nár iompaíodh é.
9Tá na heachtrannaigh ag ídiú a nirt
agus ní bhraitheann sé dada!
Is ag dul i léithe atá a chuid gruaige
agus ní heol dó é!
10Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh;
agus ar a shon sin agus uile
níl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é.
11Colm baoth gan chiall is ea Eafráim;
bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt,
agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.
12Ach cibé áit a n‑eitleoidh siad, leathfaidh mé orthu mo líon,
agus leagfaidh mé iad amhail éanlaith an aeir,
agus smachtóidh mé iad de réir líon a n‑urchóidí.
Míbhuíochas Iosrael
13Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim!
Léirscrios orthu, óir d'éirigh siad amach i m'aghaidh!
- Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt,
ach siúd ag bréagadóireacht iad i m'aghaidh!
14Ní éann siad ormsa óna gcroí amach,
nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha;
gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona,
ach bíonn siad easumhal domsa.
15Neartaigh mise a ngéaga,
ach is ag beartú oilc i mo choinne a bhíonn siad.
16Téann siad i muinín [rud gan mhaith];
is cuma nó bogha scaoilte iad.
Bás de rinn a gheobhaidh a bhflatha
mar gheall ar shotal a gcuid cainte;
agus beidh siad ina gceap magaidh i dtír na hÉigipte dá bharr.

Currently Selected:

Hóisé 7: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in