YouVersion Logo
Search Icon

Hóisé 6

6
Aithrí Toirní
1“Téanaigí, fillimis ar an Tiarna.
Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn;
Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.
2Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá,
ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís,
ionas go mairfimid os a chomhair.
3Bíodh aithne againn ar an Tiarna;
déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air!
Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae;
tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach,
amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”
4Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim?
Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá?
Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine,
ná an drúcht a imíonn as radharc go luath.
5Dá dheasca sin bím á scláradh trí bhíthin na bhfáithe
agus á marú le briathra mo bhéil.
Sa tslí seo foilsítear ceart mo bhréithe mar splanc solais.
6Óir, is mó is mian liom buanghrá ná íobairtí;
agus aithne a bheith agaibh ar Dhia,
is fearr liom é sin ná ofrálacha lándóite.
Mídhílse Iosrael
7Briseann siadsan an conradh ag Adám;
san áit sin feallann siad orm.
8Cathair lucht míghníomha is ea Gileád,
agus tá rian na fola uirthi.
9Amhail ropairí a dhéanann luíochán,
bíonn slua sagart ag déanamh áir ar an mbóthar go Seicim;
gan bhréag ar bith, is ainspianta a ngníomhartha!
10I dteach Iosrael feicim rud uafásach;
mar is ansin a dhéanann Eafráim striapachas,
agus a thruaillítear Iosrael.
11(Beidh fómhar le baint agatsa freisin, a Iúdá,
nuair a chuirfidh mé an rath ar mo phobal arís.)

Currently Selected:

Hóisé 6: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in