Matha 7

7
1“Ná tugaigí breithiúnas ionas nach dtugtar breithiúnas oraibh. 2Mar an breithiúnas a thugann sibh a gheo­bhaidh sibh, agus an miosúr a thomhasfas sibh a thomhasfar libh. 3Cad chuige ar léir duit an dúradán i súil do bhráthar, agus gan tú ag tabhairt faoi deara na saile atá i do shúil féin? 4Conas mar sin a fhéadann tú a rá le do bhráthair, ‘Lig dom an dúradán a bhaint as do shúil,’ nuair a bhíos an tsail i do shúil féin? 5A fhimínigh, bain an tsail as do shúilse ar dtús, agus ansin beidh do shúil glinn leis an dúradán a thógáil amach as súil do bhráthar.
6“Ná tugaigí an ní naofa do na madraí; agus ná caithigí bhur bpéarlaí roimh na muca, ar eagla go satlaí siad faoina gcosa iad agus go dtiontaí siad thart le bhur stróiceadh as a chéile.
7“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí agus gheo­bhaidh sibh; buailigí ar an doras, agus osclófar romhaibh é. 8Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach sroicheann, ná duine dá mbuaileann ar dhoras nach n‑osclaítear roimhe. 9Mar cé agaibh a thabharfas cloch dá mhac, agus é ag iarraidh aráin air? 10Nó a thabharfas nathair nimhe dó, agus é ag iarraidh éisc? 11Más eol daoibh, olc is mar atá sibh, dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach móide go mór a thabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh na dea-nithe don dream a bhíos á n‑iarraidh air? 12Mar sin, déanaigí le daoine mar ba mhaith libh iad a dhéanamh libh; mar is é sin an dlí agus na fáithe.
13“Gabhaigí isteach ar an ngeata cúng; mar is fairsing an geata agus is réidh an bealach a thugann chun an léirscríosta, agus is iomaí sin duine a théas isteach ann. 14Mar is caol cúng an geata agus is deacair duamhar an bealach a théas chun na beatha, agus is beag duine a fhaigheas amach é.
15“Seachnaígí na fáithe bréige, a thagann chugaibh faoi chulaith chaorach, ach atá ina mic tíre craosacha iontu féin istigh. 16Aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad. An gcruinnítear fíonchaora ó chrann sceiche, nó figí ó dhosanna fothannán? 17Mar sin, tugann gach crann cóir dea-thoradh, ach tugann drochchrann toradh an oilc. 18Ni fhéadann dea-chrann drochthoradh a iompar, ná drochchrann dea-thoradh a thabhairt. 19Gearrtar agus caitear sa tine gach uile chrann nach dtugann dea-thoradh. 20Mar sin aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad.
21“Ní hiad na daoine a bhíos á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna’ liom, a rachas isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té sin a chuireas i ngníomh toil mʼAtharsa atá ar neamh. 22An lá úd is iomaí sin duine a déarfas liom, ‘A Thiarna, a Thiarna, nach ndearnamar fáidheadóireacht i dʼainmse, agus nár dhíbríomar deamhain i dʼainmse, agus nach ndearnamar oibreacha móra iontacha i dʼainmse?’ 23Agus is ansin a dhearbhóidh mé dóibh, ‘Ní raibh aithne ná eolas agam oraibh riamh; fágaigí mʼamharc, a lucht déanta an oilc.’
24“Dá bhrí sin de, gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus a bhíos á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear eagnaí a thóg a theach ar charraig chloiche; 25agus thit an fhearthainn, agus dʼéirigh na tuilte, agus shíob na gaotha agus bhuail siad an teach úd, ach níor thit sé, as siocair gur bunaíodh ar charraig chloiche é. 26Agus gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus nach mbíonn á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear amaideach a thóg a theach ar mholl gainimh; 27agus thit an fhearthainn, agus dʼéirigh na tuilte, agus shíob na gaotha gur bhuail an teach úd, gur thit sé, agus ba mhór í a thitim.”
28Nuair a chríochnaigh Íosa an chaint sin, bhí na sluaite ag déanamh iontais dá theagasc 29mar bhíodh sé á dteagasc mar dhuine a raibh údarás aige, ní ionann is na scríobhaithe.

Zur Zeit ausgewählt:

Matha 7: OC1970

Markierung

Teilen

Kopieren

None

Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.

YouVersion verwendet Cookies, um deine Erfahrung zu personalisieren. Durch die Nutzung unserer Webseite akzeptierst du unsere Verwendung von Cookies, wie in unserer Datenschutzrichtlinie beschrieben