Matha 6

6
1“Seachnaígí sibh féin agus ná bígí ag cleachtadh bhur gcráifeachta os comhair an tsaoil ionas go bhfeice na daoine sibh; mar ní bheidh aon luach saothair ó bhur nAthair atá ar neamh agaibh ansin.
2“Mar sin de, nuair a bhionn tú ag déanamh déirce, ná séid an stoc romhat, mar a dhéanann lucht na bréagchráifeachta sna sionagóga agus sna sráideanna, ionas go bhfaighidh siad moladh ó dhaoine. Deirim libh go fíor, bíonn a luach saothair féin acu. 3Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh déirce, ná bíodh fios gnótha na láimhe clé ag an láimh dheas, 4ionas go mbí do dhéirc faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach do shaothair duit.
5“Agus nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí mar lucht na cráifeachta bréige; an dream ar fearr leo bheith ina seasamh ag guí sna sionagóga agus i gcoirnéil na sráideanna, ionas go bhfeice na daoine iad. Deirim libh go fíor go mbíonn a luach saothair féin acu. 6Ach nuair a bhíonn tusa ag dul a ghuí, gabh isteach i do sheomra agus druid an doras ort féin agus guigh chun dʼAthar atá faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit.
7“Agus ag guí daoibh, ná déanaigí deilín mór fada di ar nós na nGintlithe; a shíleas go bhfaighidh siad éisteacht as méid a mbriathar. 8Ná déanaigí aithris orthu siúd, mar tá a fhios ag bhur nAthair cad é atá uaibh sula mbíonn sibh á iarraidh. 9Dá bhrí sin de, bígí ag guí mar seo:
Ár nAthair atá ar neamh,
bíodh dʼainm á naomhú,
10bíodh do ríocht ag teacht,
bíodh do thoil á déanamh
ar an talamh mar atá ar neamh.
11Tabhair dúinn inniu ár n‑arán laethúil;#6:11 ár n-arán le haghaidh an lae amárach.
12Agus maith dúinn ár bhfiacha,
mar atá maite againn dár bhféichiúnaithe;
13Agus ná lig sinn i gcathú
Ach saor sinn ó olc.#6:13 ón ainsprid. Bíonn mar aguisín ag cuid de na húdaráis atá, cuid acu, sean, mar is leatsa an ríocht agus an chumhacht agus an ghlóir, go deo. Áiméan.
14Mar má mhaitheann sibh a gcionta do dhaoine, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh freisin; 15ach mura maitheann sibh a gcionta do na daoine, ní mhaithfidh bhur nAthair neamhaí bhur gcionta daoibh ach oiread.
16“Nuair a bhíonn sibh ag déanamh troscaidh, ná bíodh dreach gruama oraibh, mar lucht na bréagchráifeachta, a chuireas míghnaoi ar a ngnúiseanna ionas go mba léir do dhaoine iad a bheith ag déanamh troscaidh. 17Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh troscaidh, ung do cheann agus nigh dʼaghaidh, 18ionas nach bhfeice na daoine do throscadh ach go bhfeice dʼAthair a bhíos faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit.
19“Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh, mar a mbíonn na leamhain agus na coincleacha ag ithe, agus na gadaithe ag briseadh isteach agus ag goid, 20ach cuirigí bhur stór i dtaisce daoibh féin ar neamh, san áit nach mbíonn na leamhain ná na coincleacha á ithe, ná na gadaithe ag briseadh isteach ná á ghoid. 21Mar cibé áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin.
22“Is í an tsúil crann solais na colainne. Dá bhrí sin de, más slán do shúil, beidh do cholainn uile lán den solas; 23ach más easlán do shúil, beidh an dorchadas ar fud do cholainne uile. Agus má tá a bhfuil de sholas ionat ina dhorchadas, cad é atá chomh mór leis an dorchadas úd!
24“Ní féidir do dhuine ar bith bheith ar fostú ag an dá mháistir; mar tabharfaidh sé fuath dʼfhear acu agus grá don fhear eile, nó déanfaidh sé a mhór de dhuine acu agus a bheag den duine eile. Ní féidir daoibhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag an saibhreas saolta.
25“Deirimse libh dá bhrí sin, gan bheith imníoch i dtaobh bhur mbeatha, faoi cad é a bheas agaibh le n‑ithe ná le n‑ól, ná i dtaobh bhur gcoirp faoi cad é a bheas agaibh le cur air. Nach mó an beo ná an bia, agus nach mó an corp ná an t‑éadach? 26Féachaigí éanlaith an aeir: ní bhíonn siad ag cur ná ag baint ná ag cruinniú isteach in iothlainneacha, ach ní lúide a bhíonn bhur nAthair neamhaí ag coinneáil bia leo. Nach fiú níos mó sibhse ná iad? 27Agus cé agaibh a bhfuil a imní in inmhe aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil? 28Agus cad chuige daoibh imní a bheith oraibh i dtaobh na n‑éadaí? Déanaigí machnamh ar lilí an mhachaire, agus ar an bhfás a thagann fúthu; ní dhéanann siad saothar ná sníomh; 29ach tá mise á insint daoibh, nach raibh Solamh féin faoi iomlán a mhaise chomh gléasta le haon lile acu seo. 30Ach más mar sin a ghléasas Dia féar an mhachaire, a bhíos inniu go beo agus á chaitheamh isteach i sorn amárach, nach móide go mór a ghléasfaidh sé sibhse, a dhaoine úd an chreidimh bhig? 31Dá bhrí sin de ná bígí go himníoch agus ná habraigí, ‘Cad é a bheas againn le n‑ithe?’ nó ‘Cá bhfaighimid aon ní le n‑ól?’ nóʼ ‘Cad é an t‑éadach a chaithfimid?’ 32Bíonn na nithe seo uile ina gcúram ag na Gintlithe; agus is feasach do bhur nAthair neamhaí go bhfuil riachtanas agaibh leo siúd uile. 33Ach bíodh a ríochtsan agus a fhíréantachtsan mar chúram oraibhse roimh rud ar bith eile, agus beidh na nithe sin uile go léir agaibh lena gcois.
34“Mar sin ná bíodh aon imní oraibh faoin lá amárach, mar beidh a imní ar an lá amárach faoi féin. Is leor olc an aon lae dʼaon lá amháin.”

Zur Zeit ausgewählt:

Matha 6: OC1970

Markierung

Teilen

Kopieren

None

Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.

YouVersion verwendet Cookies, um deine Erfahrung zu personalisieren. Durch die Nutzung unserer Webseite akzeptierst du unsere Verwendung von Cookies, wie in unserer Datenschutzrichtlinie beschrieben