Logo YouVersion
Eicon Chwilio

Psalm 21

21
XXI Psalm.
1A mead do neirt‐si a Ḋia na ndúl,
Biaiḋ luaṫġáir air an riġ:
A’s ann do ṡláinte trócaireaċ
Sólás ro ṁór do ġniḋ.
2Lán‐ṁian a’s rún a ċroiḋe féin,
Ṫug tusa ḋó maráon:
Gaċ aṫċuinge d’ar iar a ḃéul,
Níor ċoinniġis uaḋ féin.
3Oir beannaiġeaḋ an ṁaiṫis ṁór
Sin ṫug tu ḋó go moċ:
A’s ċuiris coróin ar a ċeann,
Don ór is glainne dreaċ.
4D’íar seisean ortsa beaṫa ḃuan,
Sin ṫug tu ḋó go fíor:
A’s ṫugais faide laeṫe ḋo,
Do ċum ḃeiṫ beo do ṡíor.
5Do ṫáoḃ na sláinte ṫugais ḋo
Is mór an ġlóir gaċ am;
Ard‐onoir agus mórḋalaċt
Do ċuiris air a ċeann.
6Oir rinneaḋ leat ro ḃeannuiġe é,
Air feaḋ gaċ ré go beaċt;
A’s rinnis ro áoiḃinneaċ fós,
Led’ ġnúis a ttrócaireaċt.
7Oir is a nDia Iehoḃa mór
Do ḋóiġ an riġ do ġnáṫ:
Triḋ ṫróċaire an ti is aird’,
Ni ċorroċar é go bráṫ:
8Gaḃaḋ do láiṁ a nuile náṁ’d:
Air eascair’ do laṁ ḋeis.
9Mar ṡoirn ṫinntiġe ġniḋ tu iad
A naimsir ṫ’feirg dá sgrios:
’Na ċorruiḋe mór ġniḋ Dia go fíor,
A slugaḋ sios air fad,
A’s ġniḋṫear orra milleaḋ fós,
Le teine ṁór go grad.
10A ttoraḋ sgriosfuiġ tu ón dtír,
San ṗór ó ḋáoiniḃ as,
11Oir rinneadar feall a’d’ aġuiḋ;
A’s cleasraḋ ṫuill droċṁeas.
12Uime sin, ċuirfeaḋ tu róṁad,
Mar ċóṁarṫa iad sa tslíġe,
’S do ṡoiġde géura tri na néad’
Buailfir go dian da gclaoí.
13Arduiġ ṫu‐féin a’d’ ċuṁaċta mór,
A Ṫiġearna na ḃfeart:
Marsin sior‐ċannuiġ sinn do ċluḋ,
A’s molfuiġ sinn do neart.

Dewis Presennol:

Psalm 21: PSA1836G

Uwcholeuo

Rhanna

Copi

None

Eisiau i'th uchafbwyntiau gael eu cadw ar draws dy holl ddyfeisiau? Cofrestra neu mewngofnoda