Logo YouVersion
Eicon Chwilio

Psalm 22

22
XXII Psalm.
1Mo Ḋia, mo Ḋia, creud me fair ṫreíg?
Léd’ ṫ’furtaċt uaim a ccéin,
Ó ḃriaṫruiḃ truaġ mo ġarṫa árd,
Gan fuasglaḋ orm am’ ḟéiḋm?
2Mo Ḋia ní ṫugais freagraḋ ḋaṁ,
’San la dár ġairios ort;
Anuair buḋ ċóir ḋaṁ taṁ san oidċ’
Ní ḃfuilim féin a’m’ ṫoċt.
3Giḋeaḋ ta tusa fíorġlan náoṁ’,
A ḋia os cionn gaċ sgéil!
A’d’ ċóṁnuiḋe annsa náras séin,
Dá ḃfuil clúḋ Isaréil.
4Ionnadsa ċuir air naiṫre dóiġ,
A’s ṡáoraḋ iad go fíor.
5Do ġláoiḋeadar ort a’s uimesin,
Ni cláoiḋtear iad do ṡior.
6Aċ mise fós, ni duine aċ cnuiṁ:
Gráin‐ḋáon a’s táir na slóġ.
7Cúis craṫa cinn a’s ċasáḋ béil,
Don dream a ċí mo ḋóiġ.
8Ag ráḋ do ċuir a ḋoiġ a nDia,
Ċum fuasglaḋ air ann ḟeiḋm:
Tugaḋ se fuasglaḋ ḋó a nois,
Oir ṫug se ḋósan spéis.
9Aċ ṫusa an ti ṫug me ’maċ
As broinn mo ṁaṫar mé:
’Stu buḋ ḃunuḋas dóċuis daṁ,
Traṫ ḃiḋ’s ag díul na ccíċ.
10Ó’n mbróinn do teilgeaḋ ortsa me,
Traṫ ḃiḋ’s óg a’s máoṫ;
O ṫainic me ón mbolg amaċ
Is tu mo ḋia ro ċáoṁ.
11A Ḋe na biḋse fada uaim,
Oir ’sdluṫ ḋam buaireaḋ teann,
’Sgan agam neaċ dom ċuideaġaḋ,
No aon a ċuiris leam.
12Do ċuartuiġeadar móran daṁ,
Timċioll me air gaċ láiṁ;
D’iaṫ umam tairḃ ro laidir borb,
O Ḃasan ḃi meiṫ‐ċnáiṁ.
13Go fairsing d’fosguil siad a mbéil,
Mar leóṁuin allta, garg,
A’ taḃart siṫiḋ réubaiḋ orm
Le búirfeaḋ ta ro ṡearḃ.
14Mar uisge dorrteaḋ mis’ amaċ,
Mo ċnáṁa sgáint’ o ċéil;
Mo ċroiḋe am ċúm ar táoḃ a stiġ,
A leaġaḋ ta mar ċéir.
15Air dtiormuġaḋ mar ṗota ċriaiḋ,
A ta mo neart a Ḋé;
Mo ṫeanga ar gceangall rem’ ġiall
Go húir ḃais ṫug tu mé.
16Oir d’iaṫ am’ ṫiomċioll madruiḋe doċt,
Ḃuail umam ṫall ’sa ḃus,
Mór‐ḃuiḋeann luċt na haingiḋeaċt
Loit siad mo láṁ ’smo ċos.
17Mo ċnáṁa uile féudfaiḋ me,
A naíreaṁ leiṫ air leiṫ,
Go géur a taid ag aṁarc orm,
Ag dearcaḋ orm go seṫ.
18Mo éadaċ eatorra do roinn,
Ċrancair siad air mo ḃrat:
19Aċ ḃfad óm’ ċoḃair ’Ḋia, mo neirt
Na fan, aċ deiṫfríġ ort.
20Do m’anam taḃair fuasclaḋ deas,
Ó’n ccloiḋeaṁ sgaiṫeaċ ġéur;
A’s m’áon‐ġráḋ cáoiṁ go sáorṫar leat,
Ó neart an ṁadraiḋ ṫréun.
21Ó ḃéul an leóṁain laidir ḃoirb,
’Ḋe fuasgail me gan stad;
Ó aḋarcuiḃ na mbuaḃall tréun,
Oir ċualais me go grad.
22Dom ḃráiṫriḃ ċuirim t’ainm a gcéill,
San oiġreaċt’ molfad ṫu;
23Siol Iácoib ’sa luċt eaglas Dia,
Glóir tugaiġ ḋo a’s cliuḋ;
Oraiḃsi Israéil iaramáoid,
Ḃeiṫ ’neaglaḋ, sin gaċ ló;
24Oir tarcuisne ’riaṁ ni rinn air ḃoċt,
’Sníor ġaḃ se gráin dá león’.
Nior ḟoluiġ air ’sníor ċeil a ġnúis,
Nior ṫréig an tráṫ ḃí teinn.
Traṫ rinn se gláoḋ a’s gearán ris,
Ṫug éisteaċt do go binn;
25Is ortsa ḃios mo ṁólaḋ ard,
’San ccómḋail ṁór a Ḋé!
Mo ṁóide iocam fós ’láṫair,
Na druing’ d’air eagal é.
26Na dáoine sin, ta macánta,
Iṫid a’s ġeiḃ a sáiṫ;
Luċt iarras Dia, ard‐ṁoluid é,
Ḃur ccroíḋe ḃiaiḋ béo go bráṫ.
27Fillfiġ ċum Dé gaċ iomall tír,
Ag cuiṁniuġaḋ air fa leiṫ:
A’s sluaġ na gcineaċa go léir,
Ḋuit géillfiġ siad gan leisg.
28Arson gur le Iehóḃa mór,
An rio’ċt le cóir a’s ceart:
’Sa measg na ccineaḋaċ air fad,
’S leis Tiġearnas a’s neart.
29Na dáoine raṁra an ’sgaċ tír,
Iosfuid a’s géillfid dó:
Ḋo cromfáid síos gaċ ttéiḋ do núir,
Ni ċoing’ néaċ anam beo.
30Ṫig slioċt a ġniḋ seirḃís do Ḋia,
Ḋo meastar iad mar ḋín.
31Innsid go fíor don ál re ṫeaċt,
Gur b’ésean súd do rinn.

Dewis Presennol:

Psalm 22: PSA1836G

Uwcholeuo

Rhanna

Copi

None

Eisiau i'th uchafbwyntiau gael eu cadw ar draws dy holl ddyfeisiau? Cofrestra neu mewngofnoda