Logo YouVersion
Eicon Chwilio

Psalm 17

17
XVII Psalm.
1Eist a Ṫiġearna ris an gcóir,
Dom ġlaoiḋ taḃair aire ḃeó;
A’s cluinn a nurnuiġ ṫig amaċ,
Om’ḃeul ġan ḃréig gan ġó.
2Mo ḃreiṫ o d’ḟiaḋnuise ṫig si,
Led’ ṡuiliḃ féuċ‐si ’maċ,
Seall air na neiṫiḃ sin a Ḋé,
Ta ceart a’s cóṁṫromaċ.
3Ḋearḃ tu mo ċroiḋe a’s d’fiosruiġ tu,
’San oiḋċe d’fionn go géur;
Aoinniḋ nior ḃfuair, oir b’e mo rún
Naċ bpeaco’inn le mo ḃéul.
4Fa ṫimċeall oibreaċ ḋáoineaḋ fós,
Ġleiṫios me féin go beaċd,
Le guṫ do ḃéil o ċéimeanuiḃ,
Luċt braṫ a’s ċealgaireaċd.
5Ċum imṫeaċd suas, a Ḋia na ḃféart,
Ad ṡliġṫiḃ ceart go tréun;
Ad rianuiḃ direaċ ċuaiġ me suas,
Naċ sleamnoċaḋ mo ċéím.
6Do ġoireas ort, a Ḋé, do ḃriġ,
Go néistfir go ceart riom;
Do ċluas ċuġam ċromais a nuas,
A’s fós mo ġearán ċluinn.
7Taisbéin do ċáoiṁneas iongantaċ,
Ta gráḋaċ lán da ċlúḋ;
O’s tusa ṡáoras led ḋeas‐láiṁ,
An drong d’ar dóċas ṫú.
O’n drong na naġuiḋ ṫógas ceann.
8O coiṁead me go tréan,
Mar ṁeall na súl déan folaċ orm,
Fuiḋ sgáṫ do sgéiṫe féin.
9O’n droċ ḋuine, ta le fóirneart orm,
O naiṁdiḃ sgriosaċ tréun,
Ta am ċuartuġaḋ air gaċ táoḃ,
Mo ċoiṁéud orra déan.
10Na méaṫus féin taid dluiḋte suas,
Caint uaiḃreaċ ta na mbéul.
11Ċrom siad sios ’as ḋearc le na suil’,
A’s ċuartuiġeadar ar ccéim.
12Mar leóṁan geanaċ togaraiġ
A ṫriallas creaċ gaċ la:
Mar leoṁan óg a ndiaṁaraċd,
Na luiġ a ḃféill ata.
13Éiriġ a Ḋé a’s coisg mó naṁ’d,
Leag sios go talaṁ é:
O’n droċḋuine ta ḋuit na ċloiḋeaṁ,
Sáor m’anam boċd a Ḋé.
14O’n dream ta ḋuit‐se Ḋé, mar láiṁ,
O ḋáoiniḃ sáoġalt’ dán’,
Go ḃfuil a ccoṁroinn a’s a ccuid,
’San ṁbeaṫa‐so aṁáin.
Da ḃfuilir taḃairt lán a mbrón
O’d ionṁas diaṁar fós:
Ta’n ċineaḋ lionmar, a’s a máoin
Fáguid ’ga leanbuiḃ óg.
15Aċt air mo ṡonsa dearcfad air,
Do ġnuis a ḃfíréuntaċd:
Air muisgliḋ ḋaṁ sásfuiġṫear me,
A Ḋé led’ ċosaṁlaċt.

Dewis Presennol:

Psalm 17: PSA1836G

Uwcholeuo

Rhanna

Copi

None

Eisiau i'th uchafbwyntiau gael eu cadw ar draws dy holl ddyfeisiau? Cofrestra neu mewngofnoda