Logo YouVersion
Eicon Chwilio

Psalm 16

16
XVI Psalm.
1’Ḋia, coiṁéad me, oir ionnad féin,
Ata mo ḋóiġ go fíor;
2O m’anam duḃairt tu re Dia,
Is tu mo Ṫriaṫ do ṡíor.
3Mo ṁaiṫeas ort go dearḃ ni roiċ,
Aċt air na náoiṁ ata,
Air talaṁ, ’as air flaiṫiḃ fior,
Go ḃfuil mo ġean ’smo ġraḋ.
4Mór‐ṁeadóċṫar a ndoilġios dóiḃ,
A ḃrostuiġios go luaṫ,
A ndiaiġ Dia ḃréige naċ ḃfuil fíor,
A ’déanaḋ craḃaḋ truaġ:
A ndeoċ‐ioḋbairt ata do ḟuil,
Ni ofráil ’me gan ċeisd,
A’s air a nainmiḃ ann mo ḃeul,
Ni ṫioḃrad luaiḋ a ḃfeaċd.
5Cóṁroinn mo ċóirn a’s m’oiġreaċda
A Ḋía is tu mo ċrann.
6Ann áitiḃ áoiḃneaċ ṫuit mo lion:
’Sleam oiġreaċd ḃréaġ naċ gann.
7Ḃeirimse buiḋeaċas do Ḋia,
Ṫug cóṁairle ḋaṁ a m’féiḋm;
Ta m’arana fós ’nam na hoiḋċ,
’Gam’ ṫeagasg mar an ccéadn’.
8Do ċuireas róṁam an gaċ cúis,
An Tiġearn’ mór do ġnáṫ;
Oir air mo ḋeas‐láiṁ go ḃfuil se,
Ni ċorróċṫar me go bráṫ.
9Mo ċroiḋe ġniḋ luaṫġáir uime sin,
A’s gáirdeóċuiġ mo ġlóir;
Cóṁnóċuiġ m’feoil a ḃfoistine,
A ndi’n ’sa ndóċas ṁór.
10Oir annsa nuaiġ ní ḟágfaḋ tu,
M’anam ṡíos faoí an leaċt:
A’s ni léigfir féin dod aon náoṁ’
Go ḃfeicfiġ truailliġeaċd.
11Casán na beaṫa noċdfuiġ tu:
Ad laṫair aoiḃneas ta,
A’s ag do ḋeas‐láiṁ féin a Ḋé,
Mór‐ṡáiṁe ’ta go bráṫ.

Dewis Presennol:

Psalm 16: PSA1836G

Uwcholeuo

Rhanna

Copi

None

Eisiau i'th uchafbwyntiau gael eu cadw ar draws dy holl ddyfeisiau? Cofrestra neu mewngofnoda