Na Sailm 27
27
Salm 27.
Dominus illuminatio.
1Is é an Tiarna mo ṡolas, agus mo ṡlánú; cé sin a mbeiḋ eagla orm roiṁe: is é an Tiarna neart mo ḃeaṫa; cé siúd a ċuirfiḋ criṫ orm?
2Bʼṡiúd ċugam luċt an oilc, mar tá mo naiṁde agus mʼeascairde, go n‑íosfaidís an ḟeoil de mo ċnáṁa: aċ fuaireadar tuisleaḋ agus ṫiteadar.
3Dá mbeaḋ slua fear in eagar caṫa im éadan, ní ḃeiḋ eagla ar mo ċroí: agus siúd is go gcuirtí cogaḋ orm, is ann a ċuirfiḋ mé mo ḋóċas.
4Ċuir mé aċainí aṁáin ar an Tiarna, ní iarrfaiḋ mé air aċ an ṁéid sin: ḃeiṫ i mo ċónaí i dteaċ an Tiarna le mo ṡaol ʼsmo laeṫanta i rioċt go ḃféadfainn scéiṁ an Tiarna a ḟeiceáil, agus ḃeiṫ ag taiṫí a ṫeampaill.
5Óir in am an ḃuarṫa cuṁdóiḋ sé mé ina ṗailliún: is aṁlaiḋ a ḟolóiḋ sé mé in ionad diaṁair a árais, agus ardóiḋ sé mé ar ċarraig ċloiċe.
6Agus ardóiḋ sé mo ċeann gan ṁoill: os cionn mo naiṁde atá i mo ṫimpeall.
7Ar an áḃar sin beiḋ ardlúċáir orm ag toirḃirt íobairte ina ṫeaċ: beiḋ molaḋ an Tiarna á ṡeinm agus á rá agam.
8Éist le mo ġlór, a Ṫiarna, nuair a ġlaoim ort: bíoḋ trócaire agat dom agus taḃair cluas dom.
9Ḃí mo ċroí ag laḃairt leat: Tagaigí ar ṫuairisc mo ġnúise; ar ṫuairisc do ġnúise, a Ṫiarna, ṫiocfas mé.
10Ná ceil do ġnúis orm: ná bíoḋ olc agat do do ṡeirḃíseaċ agus ná díbir é.
11Ba tú mo ċaḃair: ná fág mé agus ná déan mo ṫréigean, a Ḋia mo ṡlánaiṫe.
12Nuair a ṫréigeas mʼaṫair agus mo ṁáṫair mé: glacann an Tiarna liom.
13Múin do ṡlí dom, a Ṫiarna: agus déan eolas dom ar an mbealaċ ċeart, de ḃarr mo naiṁde.
14Ná lig do mo naiṁde a roġa rud a ḋéanaṁ liom: óir dʼéiriġ fianaisí bréige agus luċt na mionn éitiġ im éadan.
15Ḃain mé deireaḋ dúile de ḋóċas: murab é go gcreidim go ḃfeice mé maiṫeas an Tiarna i ḃfírinne agus mé ar ṫalaṁ na mbeo.
16Fan ċoṁ fada agus is áil leis an Tiarna: glac ina ṁórṁisneaċ é, agus neartóiḋ sé le do ċroí; agus cuir do ḋóċas sa Tiarna.
S'ha seleccionat:
Na Sailm 27: OC1965G
Subratllat
Comparteix
Copia
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fca.png&w=128&q=75)
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965