Na Sailm 22
22
Salm 22.
Deus, Deus meus.
1A Ḋia liom, a Ḋia liom, féaċ orm; cad ċuige ar ṫréig tú mé: cad ċuige a ḃfuil tú ċoṁ fada sin ó mo ṡláinte, agus ó ḃriaṫra mo ġearáin?
2A Ḋia liom, glaoim sa lá, aċ ní ċluineann tú: agus ní ġlacaim suaiṁneas san oíċe.
3Agus fanann tusa naofa: agus bíonn Iosrael dod aḋraḋ.
4Ċuir ár n‑aiṫreaċa a ndóċas ionat: ḃí muinín acu asat, agus dʼḟuascail tú iad.
5Ġlaodar ort, agus fóireaḋ orṫu: ċuireadar a muinín ionat, agus níor náire dóiḃ é.
6Aċ is péisteog mise, ní duine: aċ na daoine ag taḃairt droċṁeasa ṁóir dom, agus an pobal i ndiaiḋ mo ċur amaċ.
7Bíonn a ḃfeiceann mé ag magaḋ fúm: bíonn siad ag cur cairr orṫu féin ag craiṫeaḋ a gcinn, á rá,
8Ḃí dóċas as Dia aige, go ḃfuasclóḋ sé é: fuasclaíoḋ sé é, má ġaḃann sé leis.
9Aċ is tú an té a ṫug amaċ as broinn mo ṁáṫar mé: ba tú mo ḋóċas, agus mé go fóill ag croċaḋ as cíoċa mo ṁáṫar.
10Fágaḋ ort mé ó am mo ḃreiṫe: is tú mo Ḋia ó ḃroinn mo ṁáṫar.
11Ná himiġ uaim, ós gearr dom an buaireaṁ: agus ó naċ ḃfuil cúntóir agam.
12Ṫimpeallaiġ an iomad daṁ mé: bíonn tairḃ raṁra Ḃasáin ag teannaḋ isteaċ orm.
13Tugann siad aġaiḋ a gcraois orm: mar ḃeaḋ leon léimneaċ ag búireaċ.
14Táim mar uisce doirtiṫe, agus tá mo ċnáṁa uile as alt: agus tá an croí atá i lár mo ċolainne mar ċéir leáite.
15Seargaḋ mo neart mar ḃloġ de ṡoiṫeaċ ḃriste, agus tá mo ṫeanga greamaiṫe do mo ġiall: agus taḃarfaiḋ tú mé go deannaċ an ḃáis.
16Óir ṫimpeallaiġ an iomad madra mé: agus cuireann coṁṫionól luċt an oilc léigear orm.
17Ṫolladar mo láṁa agus mo ċosa; is féidir liom mo ċnáṁa uile a ċoṁaireaṁ: seasann siad ag stánaḋ agus ag coiṁeád orm.
18Roinneann siad mʼéadaí eatarṫu: agus caiṫeann siad cranna ar mʼḟallaing.
19Aċ ná fan i ḃfad uaim, a Ṫiarna: is tú mo ċúntóir, déan deifir do ċuidiú liom.
20Fuascail mʼanam ón gclaíoṁ: agus mʼanam ḋílis as cuṁaċt na con.
21Taḃair slán mé as béal an leoin: dʼéist tú liom nuair a ṫug na haonaḋarcaiġ álaḋ orm.
22Foilseoiḋ mé dʼAinm do mo ḃráiṫre: molfaiḋ mé tú i measc an ċoṁṫionóil.
23Molaigí an Tiarna, a ḋream a mbíonn a eagla oraiḃ: móraigí é, a dtáinig de Ṡiol Iácóib, agus bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe, a Ṡíl Iosrael uile.
24De ḃrí naċ dtug sé díṁeas ná fuaṫ ar an mboċtán atá ṫíos: níor ċeil sé a ġnúis air, aċ ag taḃairt cluaise dó, nuair a ġlaoiġ sé air.
25Óir tugann tú áḃar molta dom ar an mórċoṁṫionól: coṁlíonfaiḋ mé mo ṁóideanna faoi ṡúile an dreama a mbíonn a eagla orṫu.
26Íosfaiḋ na boċta, agus beiḋ a sá acu: beiḋ luċt iarrṫa an Tiarna á ṁolaḋ; mairfiḋ ḃur gcroí go bráċ.
27Níl críoċ den doṁan naċ gcuiṁneoiḋ air féin, agus naċ n‑iompóiḋ ċun an Tiarna: agus treiḃeanna gaċ cine ag uṁlú roiṁe.
28Óir is leis an Tiarna an ríoċt: agus is é rialtóir na náisiún é.
29Tá a ḃfuil raṁar ar talaṁ: i ndiaiḋ ite agus aḋarṫa.
30Beiḋ a dtéann síos sa luaiṫ ag feacaḋ a nglún roiṁe: nior aṫḃeoiġ aon duine a anam féin.
31Beiḋ mo ṡlioċt ag déanaṁ seirḃíse dó: measfar iad mar ġlúin i láṫair an Tiarna.
32Tiocfaiḋ siad, agus foilseoiḋ siad a ḟíréantaċt: don ṁuintir nár rugaḋ go fóill; óir rinne an Tiarna é.
S'ha seleccionat:
Na Sailm 22: OC1965G
Subratllat
Comparteix
Copia
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965