Psalm 23
23
XXIII Psalm.
1Is é Dia féin is áodhaire dhamh,
Aon easbhuidh orm ni bhíaidh.
2Do bheir se orm go luighím sios,
A ninbhir fhéir mhínlígh:
A’s fós re taobh na nuisgeadhuidh,
Ag siubhal sios go mall,
Ata se do mo threórughadh,
Go mín réidh ann ’sgach ball.
3Aiseógair m’anam dhamh air ais:
Treorochuigh se mo chéim
A slighe ghlan na fíréuntacht,
Do bhrigh dheagh‐anma féin.
4Seadh fós, da siubhlóchuin eadhon thríd,
Glean dhorcha sgáil’ an bháis,
Aon olc na urchóid theacht oram,
Ni heagal liom ’sní cás;
Do bhrigh go bhfuil tu leam do ghnáth;
Do lorg ’sdo mhaide tréun,
Atáid ag tabhárt cómhfhurtacht
A’s fuasgladh dhamh a m’fheidhm.
5Gléusfa tu bórd a radhárc mo nam’d:
Le hola d’úng mo cheann;
A taosgadh ta mo chupán fós,
Ag meud an lainn tá ann.
6Ach leanfuidh maith a’s trócair diom,
A’n fhaid a bhias me beó;
A’s cómhnochad a náras Dé,
Air feadh mo ré, ’smo ló.
S'ha seleccionat:
Psalm 23: PSA1836
Subratllat
Comparteix
Copia

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836