Na Sailm 14
14
Salm 14.
Dixit insipiens.
1Is é dúirt an t‑amadán ina chroí: níl aon Dia ann.
2Tá siad truaillithe, dʼéirigh a ngníomhartha gráiniúil: níl aon duine a dhéanas an mhaith, níl fiú aon duine amháin.
3Dʼamharc an Tiarna anuas ó neamh ar chlann Ádhaimh: go bhfeicfeadh sé an mbeadh tuiscint ag aon duine, an iarrfadh sé Dia.
4Ach chuadar uile as an slí, dʼéiríodar gráiniúil ar fad: níl aon duine ann a dhéanas an mhaith, níl fiú aon duine amháin.
5Nach bhfuil fios aon ní acu, a bhfuil an drochfhuadar seo fúthu: ag ithe mo mhuintire mar dʼíosfaidís arán, agus gan ghlaoch ar an Tiarna?
6Tháinig mór‑eagla orthu, agus gan ábhar eagla ann: óir bíonn Dia i measc aicme na bhfíréan.
7Chuaigh sibhse ag magadh faoin gcomhairle a bhíos ag an mbochtán: de bhrí go gcuireann sé a mhuinín sa Tiarna.
8Is í mo ghuí go mbronntar an slánú ar Iosrael as Síón amach: nuair a fhuasclaíos an Tiarna a mhuintir as broid,
9Sin an uair a ndéanfaidh Iácób lúcháir: agus a mbeidh móráthas ar Iosrael.
S'ha seleccionat:
Na Sailm 14: OC1965
Subratllat
Comparteix
Copia

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965