Marcas 16
16
1Agus nuair a bhí an tsabóid thart, chuaigh Muire Mhagdaléanach, agus Muire máthair Shéamais, agus Salómé, a cheannach spíosraí, go rachaidís á ungadh leo. 2Agus ar mhoch maidine an chéad lá den tseachtain chuaigh siad go dtí an tuama le héirí na gréine. 3Agus bhí siad á rá le chéile, “Cé a iontóidh an chloch ó bhéal dhoras an tuama dúinn?” 4Agus nuair a dʼfhéach siad suas, chonaic siad go raibh an chloch iontaithe siar ar gcúl; mar ba mhór an chloch í. 5Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaiceadar an fear óg ina shuí ar thaobh na láimhe deise agus fallaing ghealbhán air; agus bhí uafás orthu. 6Agus ar seisean leo, “Ná bíodh aon uafás oraibh; Íosa Nasara, a rinneadh a chéasadh, atá uaibh. Tá sé éirithe; níl sé anseo; féachaigí an áit ar cuireadh é. 7Ach imígí libh, agus insígí dá dheisceabail agus do Pheadar go bhfuil sé ag dul romhaibh go Galailí; is ansin a fheicfeas sibh é, mar atá inste aige daoibh.” 8Agus dʼimigh siad leo agus theith siad ón tuama; óir rug ballchrith agus bith-ionadh orthu; agus níor scoilt siad a mbéal air le haon duine, le méid a n‑eagla.#16:8 Bíonn an t‑alt seo 16.9-20 mar aguisín i dtéacsanna agus i leaganacha eile: 9 Anois nuair a dʼéirigh sé ar mhoch maidine an chéad lá den tseachtain, thaispeáin sé é féin an chéad uair do Mhuire Mhagdaléanach, an bhean úd ar chuir sé na seacht ndeamhan amach aisti. 10 Bʼshiúd í ag imeacht agus ag insint don dream a bhíodh ina chuideachta, a bhí ag mairgneach agus ag sileadh deor. 11 Ach nuair a chualadar go raibh sé beo agus go bhfaca sí é, ní chreidfidís uaithi é. 12 Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin faoina mhalairt de chruth do bheirt acu, agus iad ag siúl amach faoin tír. 13 Agus dʼfhill siad á insint don chuid eile, ach níor chreid siad uathu é.14 Ina dhiaidh sin arís thaispeáin sé é féin don aon fhear déag agus gan acu ach iad féin ina suí ag caitheamh bia; agus chas sé leo a n‑easpa chreidimh agus a gcruas croí, de bhrí nár chreid siad don dream a chonaic é tar éis éirí dó. 15 Agus is í an chaint a dúirt sé leo, “Imígí ar fud an tsaoil agus déanaigí an soiscéal a sheanmóireacht don Ádhamhchlann uile. 16 An té a chreideas agus a ghlacas baiste, saorfar é; ach is é an té nach gcreidfidh a dhaorfar. 17 Agus leanfaidh na comharthaí seo lucht an chreidimh: iad ag díbirt deamhan i mʼainmse; iad ag labhairt teangacha úrnua; 18 iad ag tógáil nathracha nimhe ina lámha; gan deoch nimhe a ndochar a dhéanamh ; iad ag cur a lámh ar dhaoine breoite agus iad ag fáil bisigh.” 19 Ansin, ní luaithe a bhí an chaint sin ráite leo ag an Tiarna Íosa, ná glacadh suas go flaitheas é, áit a ndeachaigh sé ina shuí ar láimh dheas Dé. 20 Agus dʼimigh siad leo agus níl áit nach ndearna siad seanmóireacht ann, agus i rith an ama bhí an Tiarna ag comhoibriú leo agus é ag dearbhadh an scéil leis na comharthaí sin a chuaigh leis. Áiméan. Tá seanúdair eile nach ndéanann ach an méid seo a leanas a chur le véarsa 8. Ach thug siad tuarascáil ghairid ar ar insíodh dóibh do Pheadar agus don dream a bhí ina chuideachta. Agus ina dhiaidh sin, chuir Íosa é féin amach tríothusan, ó thoir an domhain go dtí thiar an domhain, gairm scoile bheannaithe bhuanseasmhach an tslánaithe shíoraí.
বর্তমানে নির্বাচিত:
Marcas 16: OC1970
হাইলাইট
শেয়ার
কপি

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland