Marcas 15
15
1Agus le bánú na maidine chuaigh na hardsagairt agus na seanóirí agus na scríobhaithe, agus na comhairleoirí uile leo, i ndáil chomhairle: agus cheangail siad Íosa agus thug siad ar shiúl é agus thug siad ar láimh do Phíoláid é. 2Agus dʼfhiafraigh Píoláid de, “An tú Rí na nGiúdach?” Agus ba é a fhreagra air, “Is tú a dúirt é.” 3Agus chuir na hardsagairt mórán nithe ina leith. 4Agus dʼfhiafraigh Píoláid de athuair, “Nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? An é nach bhfeiceann tú an méid mór atáthar ag cur i do leith?” 5Ach níor fhreagair Íosa a thuilleadh, rud a chuir iontas ar Phíoláid.
6Anois i n‑am na féile ba nós leis cibé ar bith príosúnach a dʼiarrfaidís air a scaoileadh saor. 7Agus bhí fear arbh ainm dó Barabas i measc an lucht ceannairce sa phríosún a rinne dúnmharú le linn na ceannairce. 8Agus dhruid an slua aníos ag tosú ar a iarraidh ar Phíoláid rud a dhéanamh orthu mar a ba nós leis. 9Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “An toil libh go scaoile mé Rí na nGiúdach chugaibh?” 10Mar thuig sé gur as éad a thug na hardsagairt uathu chuige é. 11Ach ghríosaigh na hardsagairt an slua go n‑iarrfaidís air Barabas a scaoileadh chucu ina ionad. 12Agus dúirt Píoláid leo athuair, “Cad é a dhéanfaidh mé mar sin leis an bhfear úd a dtugann sibh Rí na nGiúdach air?” 13Agus scairt siad arís i n‑ard a gcinn is a ngutha, “Céasaigí é.” 14Agus dúirt Píoláid leo, “Cén fáth, cad é an t‑olc atá déanta aige?” Ach is móide a scairt siad, “Céasaigí é.” 15Agus ba é a tháinig de, gur scaoil Píoláid Barabas chucu, ó bhí fonn air an slua a shásamh; agus chuir sé Íosa á sciúrsáil ansin agus thug sé uaidh é lena chéasadh ar chrois.
16Agus thug na saighdiúirí leo é isteach sa Phálás (is é sin, an Praetorium); agus bhailigh siad an cathlán uile go léir ina thimpeall. 17Agus chuir siad brat corcair-dhearg air mar éadach, agus dʼfhigh coróin de dhealga gur chuir ar a cheann í. 18Agus thosaigh siad ar cheiliúradh dó, “Sé do bheatha, a Rí úd na nGiúdach!” 19Agus bhuail siad faoin gceann é le giolcach agus chaith seile air, agus shléacht siad dó mar a bheidís ag tabhairt ómóis dó. 20Agus nuair a bhí ealaín mhagaidh déanta acu de, bhain siad an brat corcair-dhearg de, agus chuir a chuid éadaí féin air arís, agus threoraigh siad amach é lena chéasadh.
21Agus thug siad ar fhear a bhí ag dul thart a chrois a iompar, ar Shíomón as Círéne, a bhí ar a bhealach as tír isteach, athair Alastair agus Rúfuis. 22Agus thug siad leo é go dtí an áit a nglaoitear Golgota air (a chiallaíos áit an chloiginn). 23Agus tairgeadh fíon dó ar cuireadh miorr tríd; ach níor ghlac sé é. 24Agus chéas siad é, agus roinn siad eatarthu a chuid éadaigh agus chaith siad crainn go bhfeicidís cad é a ghlacfadh gach duine acu. 25Agus ba é an tríú huair den lá é nuair a rinneadh é a chéasadh. 26Agus is é a bhí le léamh i scríbhinn na cúise a cuireadh ina leith, “Rí na nGiúdach.” 27Agus rinne siad dís ropaire a chéasadh ina chuideachta, duine acu ar a dheis agus duine ar a chlé.#15:27 Cuireann seanúdaráis eile V.28 isteach, Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir, “Áiríodh é i measc na bpeacach.” 29Agus níl duine dár shiúil thairis nach ndeachaigh ag magadh faoi, ag croitheadh a chinn air; agus á rá, “Ara maise! A ghiolla úd a bhíodh ag maíomh go scriosfá an teampall agus go ndéanfá a atógáil i n‑achar trí lá, 30fuascail thú féin, agus tuirling den chrois úd!” 31Agus ar an nós céanna bhí na hardsagairt ag labhairt air le chéile go magúil agus na scríobhaithe leo, agus dúirt siad, “Tharrthaigh sé fir eile; ní fhéadann sé é féin a tharrtháil. 32Tuirlingíodh an Críost sin, tuirlingíodh an Rí sin Iosrael den chrois seo, go bhfeicimid é agus go gcreidimid ann.” Agus níl go fiú na díse a céasadh ina chuideachta nár thug achasán dó.
33Agus nuair a tháinig an séú huair den lá, bhí dorchadas ann ar fud na tíre uile a mhair go dtí an naoú huair. 34Agus ar an naoú huair ghlaoigh Íosa i n‑ard a chinn, “Élóí, Élóí, lamá sabactáni?” a chiallaíos, “A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige a ndearna tú mo thréigean?” 35Agus chuala cuid dá raibh ina seasamh thart agus dúirt siad, “Féach, tá sé ag glaoch ar Elía”. 36Agus rith duine acu go dtí é gur líon spúinse dʼfhínéagar, agus gur chroch ar ghiolcach é gur thug dó le n‑ól é, agus dúirt sé, “Fan go fóill go bhfeicimid an dtiocfaidh Elía lena scaoileadh anuas.” 37Agus lig Íosa éamh mór as, agus dʼfhág an anáil é. 38Agus réabadh brat an teampaill ina dhá leath ó bharr anuas go bun. 39Agus nuair a chonaic an ceantúir a bhí ina sheasamh ar a aghaidh, an dóigh inar fhág an anáil é, ar seisean, “Níl amhras ann ná gurbh é Mac Dé an fear seo.”
40Bhí na mná ann fós agus iad i bhfad ar shiúl ag amharc, agus bhí eatarthu Muire Mhagdaléanach, agus Muire máthair Shéamais Óig agus Ióséis, agus Salómé, 41an bhantracht a lean de agus a rinne timireacht air agus é i nGalailí; agus buíon mhór eile ban a tháinig aníos go hlarúsailéim ina chuideachta.
42Agus nuair a tháinig an tráthnóna, ó ba é lá an Ullmhaithe é, is é sin an lá roimh an tsabóid, 43bhi sé de chroí ag Iósaf Arimatéach, duine dearscnaithe a bhí ina bhall den chomhairle, a bhí freisin ag tóraíocht ríocht Dé, a mhisneach a mhúscailt, agus dul chuig Píoláid, agus corp Íosa a iarraidh air. 44Agus bʼiontach le Píoláid é bheith marbh cheana; agus ghlaoigh sé chuige an ceantúir, gur fhiafraigh de an raibh sé marbh go fóill. 45Agus nuair a fuair sé fios a bháis ón gceantúir, dheonaigh sé an corp do Iósaf. 46Agus cheannaigh sé taiséadach lín agus bhain sé anuas den chrois é, agus dʼfhill sé an taiséadach lín air, agus chuir sé ina luí é i dtuama a snoíodh as an gcarraig; agus thiontaigh cloch i mbéal an tuama. 47Agus ba iad Muire Mhagdaléanach agus Muire máthair Ióséis a chonaic an uaigh inar cuireadh é ina luí.
বর্তমানে নির্বাচিত:
Marcas 15: OC1970
হাইলাইট
শেয়ার
কপি

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland