Eoin 16
16
1“Tá sé seo uile ráite agam libh ionas nach nglaca sibh scannal orm. 2Beidh siad do bhur gcaitheamh amach as na sionagóga; ar ndóigh tá an t‑am ag teacht a silfidh an fear a mharós sibh go bhfuil gníomh adhartha á dhéanamh aige do Dhia. 3Agus déanfaidh siad sin ó nach raibh aithne acu ar an Athair ná ormsa. 4Ach tá sin inste agam daoibh ionas go gcuimhní sibh san am a dtarlós sé gur inis mé daoibh é.
“Níor inis mé na nithe seo daoibh ar dtús, ó bhí mé libh. 5Ach táim anois ag imeacht chuig an té a chuir chugaibh mé; agus gan duine agaibh ag fiafraí díom, ‘Cá bhfuil do thriall?’ 6Ach tá bhur gcroíthe lán de bhrón faoi mé sin a rá libh. 7Ach táim ag insint na fírinne daoibh gur le bhur leas an t‑imeacht seo agam, mar mura n‑imím uaibh, ní thiocfaidh an Comhairleoir chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é. 8Agus nuair a thiocfas sé, ciontóidh sé an saol faoi pheaca agus faoi fhíréantacht agus faoi bhreithiúnas: 9faoi pheaca, ó nach gcreideann siad ionam; 10faoi fhíréantacht, ó táim ag imeacht chun an Athar, gan bheith le feiceáil agaibh níos mó; 11faoi bhreithiúnas, ó tá an bhreith tugtha ar uachtarán an tsaoil seo.
12“Is iomaí sin rud atá agam go fóill le rá libh, ach níl acmhainn agaibh orthu san am i láthair. 13Nuair a thiocfas Spiorad na fírinne, is é a threorós sibh chun iomlán na fírinne; mar ní uaidh féin a labhrós sé, ach labhróidh sé an méid a chluinfeas sé, agus inseoidh sé daoibh faoina bhfuil le teacht. 14Glóireoidh sé mé, ó glacfaidh sé a bhfuil agam agus foilseoidh sé daoibh é. 15A bhfuil ag an Athair is liom é go huile; is dá bhrí sin a dúirt mé go nglacfaidh sé a bhfuil agam agus go bhfoilseoidh sé daoibh é.
16“Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh; seal beag eile arís, agus feicfidh sibh mé.” 17Dúirt cuid de na deisceabail le chéile, “Cad é sin a deir sé linn, ‘Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh; seal beag eile arís, agus feicfidh sibh mé,’ agus ‘ó táim ag imeacht chun an Athar?’ 18Cad é,” ar siadsan, “an chiall atá aige le ‘seal beag?’ Ní thuigimid an chaint sin aige.” 19Bhí a fhios ag Íosa fonn a bheith orthu a fhiafraí de; agus ar seisean leo, “An bhfuil sibh ag fiafraí dá chéile cad é ba chiall do mo chaint nuair a dúirt mé, ‘Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh, agus seal beag eile arís agus feicfidh sibh mé?’ 20Is fíor atá, agus is fíor mo rá, beidh sibhse ag caoineadh agus ag mairgneach, agus beidh an domhan faoi lúcháir; beidh brón oraibh, ach iompóidh bhur mbrón chun lúcháire. 21Bíonn an brón ar an mbean atá i dtinneas clainne, ós rud é gur tháinig a haimsir; ach nuair a bheirtear an leanbh di, ní cuimhneach léi na pianta, leis an lúcháir a bhíos uirthi go bhfuil duine tar éis teacht ar an saol. 22Is mar sin atá brón oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh agus beidh lúcháir ar bhur gcroithe, agus ní fhéadfaidh aon duine bhur lúcháir a thógáil uaibh. 23San lá úd ní bheidh sibh ag fiafraí feasa díom. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, nach bhfuil ní dá n‑iarrfaidh sibh ar an Athair i mʼainmse nach dtabharfaidh sé daoibh. 24Níor iarr sibh aon ní i mʼainmse go dtí anois; iarraigí, agus gheobhaidh sibh, ionas go mbí bhur lúcháir lán.
25“Tá an méid sin ráite agam libh i samhlaoidí; tá an t‑am ag teacht nach labhróidh mé níos mó i samhlaoidí, an t‑am a n‑inseoidh mé go soiléir sothuigthe daoibh i dtaobh an Athar. 26Sa lá úd beidh sibh ag déanamh bhur n‑iarratas i mʼainmse; agus níl mé ag rá go nguífidh mé an tAthair ar bhur son; 27mar bíonn grá ag an Athair féin daoibh, ó thug sibh grá dom agus ó tá sé creidte agaibh gur tháinig mé ón Athair. 28Tháinig mé amach ón Athair agus isteach sa domhan; táim ag imeacht arís ón domhan le dul chuig an Athair.”
29Arsa na deisceabail, “Seo anois ag labhairt go soiléir sothuigthe tú, gan samhlaoid ar bith a úsáid! 30Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach bhfuil feidhm ort aon duine ag cur ceisteanna ort; creidimid leis seo gur tháinig tú ó Dhia.” 31Dʼfhreagair Íosa iad, “An fíor é go gcreideann sibh anois? 32Tá an t‑am ag teacht, is ea, tá an t‑am ann a mbeidh sibh do bhur scaipeadh, an uile dhuine agaibh ag filleadh abhaile, an t‑am a bhfágfaidh sibh i mʼuath agus i mʼaonar mé; siúd is nach bhfuil mé i mʼaonar, nuair a bhíos an tAthair liom. 33Dúirt mé an méid sin libh ionas go mbeidh bhur síocháin agaibh ionamsa. Beidh buairt oraibh ar an domhan seo; ach glacaigí ina mhórmhisneach é, ó tá buaite agam ar an domhan.”
Currently Selected:
Eoin 16: OC1970
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland